Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Cinéul Ḋaiḃi agus Ionatan ar na ḋaingniuġaḋ. 35 Agus ar na ḋearḃuḋ.

1 Agus do ṫeiṫ Dáiḃi ó Naioṫ ann Rámah, agus a duḃairt sé a laṫair Ionatan, Cred do rinne me? cred í mo ċoir? agus cread é mo ṗeacaḋ a ḃfiaġnuise haṫair, as a ḃfuil sé ag íarruiġ mo ḃáis?

2 Agus a duḃairt seision ris, Nár leígiḋ Día; ni muirfiġear ṫú: féuċ, ní ḋéana maṫair éinní beag ná mór, naċ inneosaiḋ sé ḋaṁsa: agus créd fá gceilfeaḋ maṫair an ní so orum? ní marsin atá.

3 Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna fós, agus a duḃairt, Atá a ḟios ag haṫairsi go deiṁin go ḃfuair misi grása ann do raḋarcsa; agus a duḃairt seision, Ná bióḋ a ḟios so ag Ionatan, deagla go ngoillfeaḋ sé air: aċd go deiṁin mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanamsa, ní ḃfuil aċd coisceím eadram agus bás.

4 Ann sin a duḃairt Ionatan ré Daiḃi, Giḋ bé ní iarrus do ṁeánma, do ḋéana misi é ar do ṡon.

5 Agus a duḃairt Dáiḃi re Ionatan, Féaċ, a máraċ atá an ré núaḋ, agus níor ċóir ḋaṁsa failliġe ḋéanaṁ gan suiḋe a ḃfoċair an ríġ ag bíaḋ: aċt léig ḋaṁ imṫeaċd, go ḃfolċaiḋ mé mé féin ann sna maċairíḃ nó go ttí tráṫ nóna an treas lá.

6 Má ċroṫnuiġeann haṫair ar éanċor mé, abairsi annsín, Díarr Dáiḃi go diṫċíollaċ cead orumsa go ndeaċaḋ sé na rioṫ go Bet‐lehem a ċaṫair féin: óir atá íoḋbairt ḃlíaḋnaṁuil ann sin don ṁuinntir uile.

7 Má deir seision marso, As maiṫ sin; do ġeaḃa do ṡearḃḟogantuiġ síoṫċáin: aċd má ḃionn sé lan dḟeirg, bíaḋ a ḋeiṁin agad gur cinneaḋ olc leis.

8 Ar a naḋḃarsin do ġeaḃṫar go maiṫ ar do ṡeirḃíseaċ ṫú; óir ṫug tú do ṡeirḃíseaċ do ḋéanaṁ cunnarṫa riot ann sa TIĠEARNA: giḋeaḋ, matá olc ionnamsa, marḃ féin mé; cred fá mbéartá ċum haṫar mé?

9 Agus a duḃairt Ionatan, Go maḋ fada úaitsi sin: óir dá mbeiṫ a ḟios agamsa go dearḃṫa go mbíaḋ olc dá ṫionnscnaṁ ċugad óm aṫair, a né naċ inneosuinn duit é?

10 Annsin a duḃairt Dáiḃi re Ionatan, Cía inneosas daṁ no? creud má ḟreagrann haṫair ṫú go borb?

11 ¶ Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Tárr, agus déanam amaċ fan maċaire. Agus do ċuádar aráon amaċ fan maċaire.

12 Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA a Ḋé Israel, a nuair spíonfus misi maṫair timċioll a namasa máraċ, nó an treas lá, agus, féuċ, má ḃíonn maiṫ a ttaoḃ Ḋáiḃi, agus naċ ccuirfe misi scénla annsin ċugadsa, agus naċ inneosa mé ḋuit é;

13 Go ndéarna an TIĠEARNA mar sin, agus níos roṁó re Ionatan: aċd más í ḃus toíl dom aṫair olc do ḋeánaṁ ḋuit, ansin foillseoċa mé ḋuit é, agus cuirfe mé ar siuḃal ṫú, lé a nimṫeoċa tú a síoṫcáin: agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd, mar do ḃí sé re maṫairse.

14 Agus ní hé aṁáin an feaḋ ḃiás mé fós beó ḋéanas tú cinéul an TIĠEARNA dfoillsiuġaḋ ḋaṁ, ċor naċ ḃfuiġe mé bás:

15 Aċt mar an gcéadna ní ġearrfa tú amaċ do ċinéul óm ṫiġ go bráṫ: ní ḋéanáir, ná fós a núair ġéarrfas an TIĠEARNA naiṁde Ḋáiḃi amaċ gaċ áon aca ó aġaiḋ na talṁan.

16 Mar sin do rinne Ionatan eaċd re tiġ Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Go nagraiḋ an TIĠEARNA é as láiṁ náṁad Ḋáiḃi.

17 Agus ṫug Ionatan ar Ḋáiḃi mionnuġaḋ a rís, do ḃríġ gur ġráḋuiġ sé é: óir do ġráḋuiġ seision é mar do ġráḋuiġ sé a anum féin.

18 ¶ Ann sin a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, A máraċ atá an ġealaċ núaḋ: agus cronfuiġear ṫusa, do ḃríġ háite do ḃeiṫ folaṁ.

19 Agus a nuair ḟanfas tú trí lá, annsin raċaiḋ tú síos go lúaṫ, agus tiucfa tú gus a naít ionar ḟoluiġ tú ṫá féin a núair do ḃí an ċúis ar siuḃal, agus do ḋéana tú coṁnuiġe ag an ċloiċ Esel.

20 Agus caiṫfe misi trí saiġde re na táoḃ sin, mar do ċaiṫfinn re coṁarṫa íad.

21 Agus, féuċ, cuirfe mé búaċaill, ġa ráḋ, Eiriġ, faġ na saiġde. Má deirim go soilleír ris an mbuaċaill, Féuċ, atáid na saiġde don táoḃso ḋíot, gaḃ íad; annsin tarr ṫusa: óir biáiḋ síoṫċáin duit, agus ní ḃía doċar ar biṫ; mar ṁaireas an TIĠEARNA.

22 Aċ má deirim marso ris a nógánaċ, Féuċ, atáid na saiġde roṁad; imṫiġse roṁad: óir is é an TIĠEARNA do ċuir ar siuḃal ṫú.

23 Agus a ttaoḃ na cúise do laḃair misi agus tú féin, féuċ, bíoḋ an TIĠEARNA dfíaġain eidir tusa agus misi go bráṫ.

24 ¶ Mar sin dfoluiḋ Dáiḃi é féin anusa ṁaċaire: agus a núair ṫaínic an ġealaċ núaḋ, do ṡuiḋ an ríġ síos diṫé bíḋ.

25 Agus do ṡuiġ an ríġ iona ċaṫaóir, mar gaċ uáir oile, eaḋon a ccaṫáoir laíṁ ris an mballa: agus do ṡuiġ Abner ar ġúaluinn Ṡauil, agus do ḃí áit Ḋáiḃi folaṁ.

26 Giḋeaḋ níor laḃair Saul éanḟocal an lá sin: óir do smuáin sé, Gur imṫiġ ní éigin air, ní ḃfuil sé glan; is deiṁin naċ ḃfuil sé glan.

27 Agus tárla ar na ṁáraċ, noċ do bé an dara lá don ṁí, go raiḃ aít Ḋáiḃi folaṁ: agus a duḃaírt Saul re na ṁac Ionatan, Cred fá naċ dtáinic mac Iesse ċum bíḋ a né, nó a niuġ?

28 Agus do ḟreagair Ionatan Saul, Díarr Dáiḃi cead orumsa go práiḋinneaċ dul go Bet‐lehem.

29 Agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ imṫeaċd; óir ata íoḋbairt ag ar muinntir annsa ċaṫruiġ; agus do aiṫin mo ḋearḃraṫair ḋíomsa ḃeiṫ annsin: agus anois, má fuáir mé faḃar ann do raḋarc, guiḋim ṫú, léig ḋaṁ imṫeaċd go ḋfaiciḋ mé mo ḋearḃráiṫre. Uime sin naċ dtig se ċum buird an ríġ.

30 Ann sin do las fearg Ṡauil a naġaiḋ Ionatan, agus a duḃairt ris, Ṫusa a ṁic na mná crosta cogṫuiġe, naċ ḃfuil a ḟios agamsa gur ṫoġ tú mac Iesse ċum do ṁilte féin, agus ċum náire ṫárnoċd do ṁaṫar?

31 Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.

32 Agus do ḟreagair Ionatan Saul a aṫair, agus a duḃairt ris, Cred an fáṫ as a muirfiḋ é? cred do rinne sé?

33 Agus do ċaiṫ Saul bonnsaċ ris da ḃúalaḋ: as ar aiṫin Ionatan gur ċinniḋ a aṫair Dáiḃi do ṁarḃaḋ.

34 Mar sín déiriġ Ionatan ón ḃord a ḃfeirg ḋeanoċduiġ, agus níor iṫ sé bíaḋ an dara lá don ṁí: óir do ḃí doilġios air fá Ḋáiḃi, do ċionn go ndearna a aṫair ní nár air.

35 ¶ Agus tárla ar maidin, go ndéaċaiḋ Ionatan amaċ fan ṁaċaire a nam a ndearnaḋ coinne re Dáiḃi, agus búaċaill beag maille ris.

36 Agus a duḃairt sé re na ḃúaċaill, Ríoṫ, a nois faġ ḋaṁ na saiġde noċ ċaiṫfios mé. Agus ag rioṫ don ḃúaċaill do ċaiṫ sé saiġead ṫairis.

37 Agus a nuáir ṫáinic an buaċaill go háit na saiġde noċ do ċaiṫ Ionatan, dfúagair Ionatan a ndiáiġ an ḃúaċalla, agus a duḃairt, Naċ ḃfuil an tsoiġead roṁad?

38 Agus dfúagair Ionatan a ndiáiġ an ḃúaċalla, Déana deiṫnios, lúaṫuiġ, ná fan. Agus do ṫog búaċuill Ionataín na saiġde, agus ṫáinic go nuige a ṁaiġistir.

39 Aċd ní raiḃ fios éinneiṫe ag an mbúaċuill: ag Ionatan aṁáin agus ag Dáiḃi do ḃí fios na cúisé.

40 Agus ṫug Ionatan a airm dioḃraice dá ḃuaċuill, agus a duḃairt ris, Imṫiġ, beir íad so don ċaṫruiġ.

41 ¶ Agus ar ball ar imṫiġ an buaċuill, déiriġ Dáiḃi ón ttaoḃ ó ḋeas, agus do ṫuit ar a aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċrom sé é féin trí huáire: agus do ṗógadar a ċéile, agus do ġuileádar le ċéile, nó gur ṡáruiḋ Dáiḃi.

42 Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan