Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Caintic Hannah a nseilḃ buiḋeaċuis. 20 Tugaḋ tuille geineoil di. 22 Eli neiṁsmaċdṁur ar á ċloinn, tainic a ṫoraḋ orra.

1 Agus do ġuiḋ Hannah, agus a duḃairt, Atá mo ċroiḋe solásaċ annsa TIĠEARNA, do hárduiġeaḋ maḋarc annsa TIĠEARNA; do fairsingeaḋ mo ḃéul ós cíonn mo náṁad; do ċionn go ngáirdiġim ann do ṡlánuġaḋsa.

2 Ní ḃfuil éainneaċ náoṁṫa mar an TTIĠEARNA: óir ní ḃfuil ann aċd ṫusa: agus ní ḃfuil carruig ar biṫ mar ar Ndíanne.

3 Ná laḃruiḋ ní sa ṁó coṁ anuáiḃreaċsin; nó tigeaḋ díomus amaċ as ḃur mbéul: óir is Día eolġaċ an TIĠEARNA, agus leision meastar na gníoṁarṫa.

4 Do ḃriseaḋ boġa na ndaóine ccuṁaċdaċ, agus an luċd fuáir tuisleaḋ, atáid criosluiġṫe le neart.

5 Na daóine do ḃí lán do ċuireadar íad féin amaċ ar arán; agus na daóine do ḃí ocraċ do ṡocruiġeadar: ionnus go rug an naimrid móirṡeisear; agus an té agá raiḃ mórán cloinne go ḃfuil sí ar ndul a laige.

6 Sé an TIĠEARNA ṁarḃus, agus aiṫḃéoḋus: beiriḋ sé síos ċum na húaiḋe, agus do ḃeir a níos.

7 Sé an TIĠEARNA do ní daiḋḃir, agus do ní saiḋḃir: cuirfiḋ sé síos, agus togḃuiḋ sé súas.

8 Tógḃuiḋ sé an boċd as an luáiṫreaḋ, agus tógḃniḋ sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiliġ, dá ccur na suiḋe eidir ṗrionnsaḋuiḃ, agus do ṫaḃairt orra caṫaóir ġlóire do ṡealḃuġaḋ: óir is leis an TTIĠEARNA uáiṫniġe na talṁan, agus do ṡuiġiġ sé an doṁan orra.

9 Cuiṁdeoċuiḋ sé cosa a naoṁ, agus béid na cionntuiġ na ttoċd an ndorċadas; óir ní ḃéara éainneaċ buáiḋ le neart.

10 Brisfiġear náṁuiḋ an TIĠEARNA na míreannuiḃ; amaċ ó neaṁ do ḋéana sé tóirneaċ orra: breaṫnoċuiḋ an TIĠEARNA cúainniġ an doṁuin, agus do ḃeara sé neart ḋá ríġ, agus áirdeoċaiḋ sé aḋarc a ungṫaiḋ.

11 Agus dimṫiġ Elcanah go Rámah ḋá ṫiġ. Agus do rinne an leanaṁ miniostralaċd don TIĠEARNA a laṫair Elí an sagart.

12 ¶ Anois dobo mic ḃelial mic Elí; níor aiṫniġeadar an TIĠEARNA.

13 Agus do bé gnáṫ na sagart ris an pobal, a nuáir do ofrálaḋ duine ar biṫ íoḋbuirt, do ṫigeaḋ óglaċ an tsagairt, a nuáir do ḃíoḋ a nfeóil dá bruiṫ, agus aḋal ṫrí mbeangán ann a láiṁ;

14 Agus do ḃuaileaḋ sin san noiġeann, no san cceteal, nó san ccoire, nó san bpota; an ṁéid do ḃeireaḋ an taḋal a níos do ḃeireaḋ an sagart sin ċuige féin. Marsin do nídis a Siloh ré na ttigeaḋ do na Hisraelitiḃ annsin.

15 Mar an gcéadna suil do loisgedís an méaṫus, do ṫigeaḋ serḃḟoġantuiġ an tsagairt, agus a deireaḋ ris an té do níoḋ an níoḋbairt, Taḃair feóil róstaḋ don tsagart; óir ní ġéaḃa sé feóil ḃruite uáid, aċd feóil aṁ.

16 Agus dá nabraḋ duine ar biṫ ris, Ná déindís failliġ ris an méaṫus do losgaḋ ar báll, agus beir leaċd mar is toil led ṁeanmuin; annsin do ḟreigeoraḋ seision é, Ní heaḋ; aċd do ḃéara tú ḋaṁ a nois é, agus muna ttugair, béara me liom ar éigin é.

17 Ar a naḋḃarsin bá ro ṁór peacaḋ na nógánaċ a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA: óir do ḟuáiṫiġeadar daóine íoḋbairt an TIĠEARNA.

18 ¶ Aċt do ḃí Samuel ag miniostralaċd a laṫair an TIĠEARNA, na leanaṁ, ar na ċriosluġaḋ ann eṗod líneuduiġ.

19 Os a ċionn sin do níoḋ a ṁaṫair cóta beag ḋó, agus do ḃeireaḋ ċuige é ó ḃliáḋuin go blíaḋuin, a nuáir do ṫigeaḋ sí a níos lé na fear dofráil na hioḋbarṫa blíaḋnaṁla.

20 ¶ Agus do ḃeannuiġ Eli Elcanah agus a ḃean, agus a duḃairt, Go ttuga Día slioċd duitsi ris an mnaói si ar son a níasaiċd tugaḋ don TIĠEARNA. Agus do ċúadar dá náit féin.

21 Agus dfiosruiġ an TIĠEARNA Hannah, ionnus gur ttoirċéaḋ í, agus go rug tríur mac, agus días inġean. Agus días an leanaṁ Samuel a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA.

22 ¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.

23 Agus a duḃairt sé ríu, Cred fa ndéantaoi a leiṫeid so? óir do ċluinim ḃur ndroiċġníoṁa ón ṗobalso uile.

24 Ní heaḋ, a ċlann; óir ní maiṫ na túarusgḃála do ċluinim: do ḃearṫaoi ar ṗobal an TIĠEARNA peacuġaḋ.

25 Má ṗeacuiġeann neaċ a naġaiḋ a ċéile, do ḋéana an breiṫeaṁ breiṫeaṁnus air: aċd má ṗeacuiġeann duine a naġaiḋ an TIĠEARNA, cía laiḃeorús ar a ṡon? giḋeaḋ níor ċuireadarsan suim a mbriaṫruiḃ a naṫar, do ḃríġ go muirfeaḋ an TIĠEARNA íad.

26 Agus dfás an leanaṁ Sámuel ar a aġaiḋ, agus do ḃí a ḃfaḃar araon ag an TIĠEARNA, agus fós ag daoiniḃ.

27 ¶ Agus ṫáinic óglaċ Dé go Héli, agus a duḃairt ris, Marso a deir an TIĠEARNA, Ar ḟoillsiġ misi mé féin go soilléir do ṫiġ haṫarsa, a nuáir do ḃádar san Négipt a ttiġ Ṗáraoh?

28 Agus ar ṫoġ mé é as treaḃuiḃ Israel uile, do ḃeiṫ na ṡagart agum, díoḋbairt ar maltóir, do losgaḋ túise, diomċar eṗod am ḟiaḋnuisi? agus a ttug me do ṫiġ haṫar a nuile íoḋbairt do ḋéantaoi le teiniḋ ó ċloinn Israel?

29 Cred fá bpreabann siḃ air míoḋbairt agus air mofráil, noċ do órduiġ mé ann mo ṫiġ; agus go nonóruiġíonn tú do ṁic ós mo ċionnsa, da ḃur ndéanaṁ féin méiṫ le príoṁċuid gaċá hofrála mo ṗobail Israel?

30 Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.

31 Féaċ, tiucfaid na láeṫe, go ngearrfa misi do láṁ ḋíot, agus láṁ tiġe haṫar, iondus naċ biaiḋ seanduine ann do ṫiġ.

32 Agus do ċífe tú náṁuid ann mo ṫiġsi, annsa nuile ṡaiḋḃrios noċ do ḃéaras Día Dísrael: agus ní ḃiáiḋ seanduine ann do ṫiġsi go bráṫ.

33 Agus an duine dot ṁuinntir, naċ gearrfa mé óm altóir, mairfiḋ sé do ṁilleaḋ do ṡúl, agus do ċraḋ do ċroiḋe: agus do ġeaḃuid biseaċ do ṫiġe uile bás a scoiṫ a naóise.

34 Agus bíáiḋ so na ċoṁarṫa agad, noċ ṫiucfas ar do ḋías mac, ar Hóṗni agus ar Ṗinehas; éagfuid aráon a néanló.

35 Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.

36 Agus tiucfaiḋ a ccríċ, gaċ uile ḋuine dá ḃfuigfiġear ann do ṫiġsi, go ttiucfa agus go ccromfuiġ ċuige ar son ṗíosa airgid agus greama arám, agus déara sé, Guiḋim ṫú, cuir misi, a noifig éigin ḃeanas ris an tsagartaċd, go ḃféada mé greim aráin iṫe.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan