Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Do ḃraṫ Saul Dáiḃi a ṁarḃaḋ. 18 Ṫeiṫ Dáiḃi.

1 Agus do laḃair Saul re Ionatan a ṁac, agus re na ṡerḃíseaċaiḃ uile, go marḃaidís Dáiḃi.

2 Aċ do ḃí dúil ṁór ag Ionatan mac Ṡauil a Ndáiḃi: agus dinnis Ionatan do Ḋáiḃi, gá ráḋ, Atá maṫair Saul ag íarruiḋ do ṁarḃṫa: a nois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair aire ḋuit féin go maidin, agus fan a náit ṡecréidiġ, agus foluiġ ṫú féin:

3 Agus raċaiḋ misi amaċ agus seasfuiḋ mé ré taóiḃ maṫar annsa maċaire mar a mbía tusa, agus laiḃeoruiḋ mé rem aṫair dot ṫaoḃsa; agus giḋ bé ní ċífeas mé, inneosa mé ḋuitse é.

4 ¶ Agus do laḃair Ionatan go maiṫ ar Ḋáiḃi re na aṫair, agus á daḃairt ris, Ná peacuiġeaḋ an ríġ a naġaiḋ a ṡearḃḟoġantuiġe, a naġaiḋ Ḋáiḃi; do ḃríġ naċ ndéarna seison coir ad aġaiḋsi, agus do ḃríġ gur ro ṁaiṫ do ḃadar a oibreaċa ar do ṡon:

5 Oír do ċuir sé a anum iona láiṁ, agus do ṁarḃ sé an Ṗilistíneaċ, agus do oibriġ an TIĠEARNA tárṫáil ṁór ar Israel uile: do ċonnarc tusa é, agus do ḃí luaṫġaire ort: ar a naḋḃar sin cred fá ndéantá peacaḋ a naġaiḋ fola neiṁċiontuiġe, Dáiḃi ṁarḃaḋ gan ċúis?

6 Agus ṫug Saul aonta do ġlór Ionatan: agus ṫug Saul a ṁionna, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní muirfiġeár é.

7 Agus do ġoir Ionatan ar ḋáiḃi, agus do ṫaisbéin Ionatan na neiṫesi uile ḋó. Agus ṫug Ionatan Daiḃi ċum Sauil, agus do ḃí ḋá laṫair mar na huáiriḃ roiṁe.

8 ¶ Agus do ḃí cogaḋ ann a rís: agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ, agus do ṫroid sé ris na Ṗilistiniḃ, agus do ṁarḃ sé íad maille re hár mór; agus do ṫeiṫeadar roiṁe.

9 Agus do ḃí droiċspiorad ón TIĠEARNA ar Ṡaul, ar mbeiṫ ḋó na ṡuiḋe ann a ṫiġ féin agus bonnsaċ iona laiṁ: agus Dáiḃi ag seinm lé na láiṁ.

10 Agus díarr Saul Dáiḃi do ḃúalaḋ go nuige an balla leis an mbonnsuiġ; aċd ag sceinneaḋ ḋósan as laṫair Ṡauil, do ḃuáil sé an ḃonnsaċ annsa ḃalla: agus do ṫeiṫ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ as a noiḋċe sin.

11 ¶ Do ċuir Saul mar an gcéadna teaċda go tiġ Ḋáiḃi, ḋá ḟaire, agus dá ṁarḃaḋ ar maidin: agus dinnis Miċal bean Ḋáiḃi ḋó é, ġa ráḋ, Muna gcoiṁéaduiġ tú ṫú féin a noċd, muirfiġear ṫú a máraċ.

12 ¶ Mar sin do léig Miċal Dáiḃi síos ṫríd an ḃfumneóig: agus dimṫiġ sé, agus do ṫeiṫ, agus do ċuáiḋ as.

13 Agus do ġlac Miċal ioṁáiġ, agus do ċuir annsa leabuiḋ é, agus do ċuir pilíur dfionnaḋ gaḃar mar ċeann aḋairt faoi, agus do ḟoluiġ lé héadaċ é.

14 Agus a nuáir do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Ḋáiḃi, a duḃairt sisi, Atá sé tinn.

15 Agus do ċuir Saul na teaċda úaḋ a rís dféaċuin Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Tugaiḋ a níos ċugamsa é ansa leabuiḋ, go marḃuinn é.

16 Agus a núair ṫangadar na teaċda a steaċ, féaċ, do ḃí ioṁáiġ annsa leabuiġ, agus pilíur dfionnaḋ gaḃar mar ċeannaḋairt aige.

17 Agus a duḃairt Saul re Miċal, Cred fár ṁeall tú marso mé? agus ar ċuir tú mo naṁuid ar siuḃal, ler imṫiġ se as? agus do ḟreagair Miċal Saul, A duḃairt sé riom, Léig ḋaṁ imṫeaċd; cred as a muirfinnsi ṫú?

18 ¶ Mar sin do ṫeiṫ Dáil hi, agus do ċuáiḋ as, agus ṫaínic go Samuel go rámah, agus dinnis dó gaċ a ndeárna Saul ris. Agus dimṫiġ sé féin agus Samuel agus do ċoṁnuiġeadar a Naiot.

19 Agus do hinnseaḋ do Ṡaul, gá ráḋ, Feúċ, atá Dáiḃi a Náiot a Rámah.

20 Agus do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Dáiḃi: agus a nuáir do ċonncadar coṁċruinniuġaḋ na ḃfaiġeaḋ ag fáiġeadóireaċd, agus Samuel na ṡeasaṁ na uáċdarán ós a gcionn, do ḃí spiorad Dé ar ṫeaċduiḃ Ṡául, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd.

21 Agus a núair do hinnseaḋ sin do Ṡaul, do ċuir sé teaċda eile uaḋ, agus rinneadarsan fáiġeadóireaċd mar an gcéadna. Agus do ċuir Saul teaċda úaḋ a rís an treas úair, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd

22 Ann sin do ċúaiḋ sé féin mar an gcéadna go Rámah, agus ṫáinic sé go tobar mór atá a Seċu: agus dfíafruiġ sé, agus a duḃairt, Cá háit a ḃfuilid Samuel agus Dáiḃi? Agus a duḃairt áon, Feaċ, atáid a Naiot a Rámah.

23 ¶ Agus do ċuáiḋ seision ann sin go Naiot a Rámah: agus do ḃí spiorad Dé airsion fós, agus do ġluais roiṁe, agus do ṫairġir sé, nó go ttáinic go Naiot a Rámah.

24 Agus fós do ṫeilg a éadaċ ḋe, agus do ṫairġir a laṫair Ṡamuel ar an moḋ gcéadna, agus do luiġ siós noċd uiġ ar feaḋ an láesin agus ar feaḋ na hoiḋċe. Uime sin a deirid síad, An ḃfuíl Saul fós a measc na ḃfáiġeaḋ?

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan