Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Ceangal Ionatan re Dáiḃi. 8 Aċ do ġaḃ tnú agus miorun Saul, uime.

1 Agus tárla, a nuaír do ċuir sé deireaḋ ar laḃairt ré Saul, gur ċoiṁċeangail anum Ionaṫan re hanum Ḋáiḃi, agus do ġráḋuiġ Ionaṫan é mar a anum féin.

2 Agus do ġlac Saul ċuige é an lásin, agus níor léig ḋó dul níos mó go tiġ a aṫar.

3 Ann sin do rinne Ionatan agus Dáiḃi cunnraḋ, do ċionn gur ḃionṁuín leis é mar a anum féin.

4 Agus do ḃean Ionatan an róba do ḃí uime féin de, agus ṫug do Ḋáiḃi é, agus a ċulaiḋ, go niuge a ċloiḋeaṁ, agus a ḃoġa, agus a ċrios.

5 ¶ Agus do ṫíaġ Dáiḃi amaċ giḋ bé ball a gcuireaḋ Saul é, agus do iomċair é féin go glic: agus do ċuir Saul ós cionn a luċd cogaiḋ e, agus do ḃí sé taitneaṁaċ a raḋarc gaċ uile ḋuine, agus mar an gcéadna a raḋarc ṡerḃíseaċ Ṡauil.

6 ¶ Agus tárla mar do ṫangadar, a nuáir, do ḟill Daiḃi ó ṁarḃaḋ an Ṗilistiniġ, go ttangadar na mná amaċ as uile ċaiṫreaċaiḃ Israel, ag seinm agus ag daṁsa, a ccoinne an ríġ Saul, re tiompánuiḃ, re gaírdeaċus, agus re haḋḃaġuiḃ ceóil.

7 Agus do ḟreagradar na mná a ċeile mar do ḃádar ag seinm, agus a duḃradar, Do ṁarḃ Saul a ṁílte, agus Dáiḃi a ḋeiċ mílte.

8 Agus do ḃí Saul ro ḟeargaċ, agus do ġoill an ċáintsin air go mór; agus a duḃairt sé, Do ċuireadar deiċ mílte a leiṫ Ḋáiḃi, agus niór ċuireadar am leiṫsi aċd mílte: agus cred dob áill léis dfaġáil níos mó aċd an rioġaċd?

9 Agus do ḃí súil Ṡauil ar Ḋáiḃi ón lásin amaċ.

10 ¶ Agus tárla ar na ṁáraċ, go ttáinic an droiċspiorad ó Ḋía ar Ṡaul, agus do rinne sé fáiḋeadóireaċd a lár an tiġe: agus do ṡeinn Dáiḃi le na láiṁ mar uáiriḃ oile: agus do ḃí bunnsaċ a láiṁ Ṡauil.

11 Agus do ċaiṫ Saul an ḃunnsaċ; óir a duḃairt sé, Búailfe mé Daiḃi ṫríd go nuige an balla. Agus do ċúaiḋ Dáiḃi fá ḋó as a raḋarc.

12 ¶ Agus do ḃí eagla ar Ṡaul roiṁe Ḋáiḃi, do ċionn go raiḃ an TIĠEARNA maille ris, agus gur imṫiġ sé ó Ṡaul.

13 Ar a naḋḃarsin do áṫruiġ Saul uaḋa é, agus do rinne sé a ċaiptín ós cionn ṁíle ḋe; agus do téiġeaḋ sé amaċ agus do ṫigeaḋ sé asteaċ roiṁe an bpobal.

14 Agus do iomċair Dáiḃi e féin go glic iona ṡliġṫiḃ uile; agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris.

15 Uime sin a núair do ċonnairc Saul gur iomċair sé é féin go ró ġlic, do ḃí eagla aige roiṁe.

16 Aċ do ġráḋaiġ Israel agus Iúdah uile Dáiḃi, do ċionn go ttéiġeaḋ sé amaċ agus go ttigeaḋ a steaċ rompa.

17 ¶ Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Féaċ minġean is sine Merab, do ḃéara mé ḋuit í na mnaói: aċd aṁáin bí cróḋa ar mo ṡon, agus troid caṫa an TIĠEARNA: óir a duḃairt Saul, Ná beanaḋ mo láṁsa ris, aċd bioḋ láṁ na Ḃṗilistineaċ air.

18 Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Cía misi? agus cred mo ḃeaṫa, no muínntir maṫar a Nisrael, as a mbéinn am ċlíaṁuin ag an ríġ?

19 Aċd tárla a nuáir fa ttiuḃarṫaoi Merab inġean Ṡauil do Ḋáiḃi, gur tugaḋ í do Adriel an Meholatiteaċ na mnaói.

20 ¶ Agus do ġráḋuiġ Miċal inġean Ṡauil Dáiḃi: agus do innsiodar sin do Ṡaul, agus do ṫaitin an ní sin ris.

21 Agus a duḃairt Saul, Do ḃéara mé ḋó í, ċor go mbía sí ná líon dó, agus go mbéid láṁa na Ḃpilistineaċ na aġaiḋ. Uime sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Biáiḋ tú a niuġ ad ċlíaṁuin agam a cceaċdar don dís.

22 ¶ Agus do aiṫin Saul dá ṡearḃḟoġantuiḃ, ḋá ráḋ, Labruiḋ ré Dáiḃi go secreideaċ, agus abruiḋ, Féaċ, atá dúil ag an ríġ ionnad, agus gráḋuiġiḋ a ṡerḃísiġ uile ṫú: anois ar a naḋḃarsin bí ad ċlíaṁuin ag an ríġ.

23 Agus do laḃradar searḃḟoġantuiġe Ṡauil na bríaṫrasin a ccluasaiḃ Ḋáiḃi. Agus a duḃairt Dáiḃi, An saóiltíse gur ní súarraċ ḃeiṫ a gcleaṁnus ríġ, do ḃriġ naċ ḃfuilimsi aċd am ḋuine ḃoċd, agus fa ṁeas éattrom?

24 Agus do innisiodar searḃḟoġantuiġe Ṡauil dó, ġa ráḋ. Ar an moḋso do laḃair Dáiḃi.

25 Agus a duḃairt Saul, Mar so déarṫaoi ré Dáiḃi, Ní ḃfuil an ríġ ag íarruiġ croḋ ar biṫ, aċd céad réaṁċroiceann do na Ṗilistíniḃ, do ḋéanaṁ dioġaltais ar náiṁdiḃ an ríġ. Aċd do ṡaóil Saul Dáiḃi ċur do ṫuitim le láiṁ na Ḃṗilistíneaċ.

26 Agus a núair do innisiodar a ṡearḃḟoġantuiġe do Ḋáiḃi na bríaṫrasa, do ṫaitin re Dáiḃi go maiṫ ḃeiṫ na ċlíaṁuin ag an ríġ: agus níor críoċnuiġeaḋ na láeṫe.

27 Ar a naḋḃarsin do imṫiġ Dáiḃi, é féin agus a muhinntir, agus do ṁarḃ sé do na Ṗilistiniḃ ḋá ċéad fear; agus ṫug Dáiḃi a réaṁċroicinn leís, agus do ṫaisbeanadar íad go hiomlán don ríġ, ċor go mbíaṫ sé na ċliaṁuin ag an ríġ. Agus ṫug Saul a inġean Miċal dó na mnaói.

28 ¶ Agus do ċonnairc Saul agus do ḃí a ḟios aige an TIĠEARNA do ḃeiṫ lé Dáiḃi, agus gur gráḋuiġ Miċal inġean Ṡauil é.

29 Agus fós bá móide eagla Ṡauil roiṁe Ḋáiḃi sin; agus ṫainic Saul ċum a ḃeiṫ na náṁuid ag Daiḃi a gcoṁnuiḋe.

30 Ann sin do ċúadar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ amaċ: agus tárla, a nuáir do ċúadar na Ṗilistiniġ amaċ, gur íomċair Dáiḃi é féin ní buḋ feárr ná searḃḟoġantuiġe Ṡauil uile; ionnus go raiḃ a ainm ro oirḋeirc.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan