Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Do ḃuaḋuiġ dáiḃi ar Goliah. 55 Agus tug Saul airc ḋó.

1 Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a slúaġ a cceann a ċéile ċum caṫa, agus do cruinniġeadar íad féin a ḃfoċair a ċéile a Sócoh, noċ is le Iudah agus do ċampuiġeadar eidír Ṡócoh agus Hasécah, an Eṗes‐dammim.

2 Agus do ċruinniġ Saul agus muinntir Israel a ḃfoċair a ċéile, agus do ċampuiġeadar láiṁ re gleann Elah, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ.

3 Agus do ṡeasadar na Ṗilistíniġ ar slíaḃ a ttáoḃ, agus do ṡeas Israel ar slíaḃ don táoḃ eille: agus do ḃí gleann eatarra.

4 ¶ Agus do ċuáiḋ gaisgiḋeaċ amaċ as campa na Ḃṗilistíneaċ, dar ḃainm Goliah, ó Ġát, ann a raiḃ sé cuḃaid agus réise ar áirde.

5 Agus do ḃí ceinḃeirt ṗráis ar a ċeann, agus do ḃí éidiġṫe lé lúiriġ; agus do ċoṁṫromuiḋ an lúireaċ cúig ṁile secel ṗráis,

6 Agus do ḃádar assain ṗráis ar a luirgniḃ, agus góirséaḋ práis eidir a ġuailliḃ.

7 Agus ba cosṁuil crann a ġaṫ re garmain fíġeadóra; agus do ċoṁṫromuiḋ ceann a ġaṫ sé ċéad secel íarruinn: agus óglaċ ag iomċar a scéiṫe ag gaḃáil roimbe.

8 Agus do ṡeas sé, agus dfúagair ar ṡlúaġaiḃ Israel, agus a duḃairt ríu, Cred fá ttangaḃair amaċ do ċur ḃur gcaṫa na ṡuiḋe? naċ Ṗilistíneaċ misi, agus naċ searḃḟoġantuiġe do Ṡaul siḃsi? toġaiḋsi duine ḋaóiḃ féin, agus tigeaḋ se a núas ċumgamsa.

9 Má ḃíonn do neart ann troid riomsa, agus go muirfiḋ sé mé, ann sin béimne ar searḃḟeġantuiḃ aguiḃsi: aċ má ḃuáiḋimsi na aġaiḋsion, agus go muirfe mé é, ann sin béiṫíse ḃur searḃḟoġantaiḃ aguinne, agus do ḋéantaoi serḃís dúinn.

10 Agus a duḃairt an Ṗilistíneaċ, Beirimse duḃṡlán ṡlóiġ Israel fúm a niuġ; cuirdís ċugam duine, go ttroidmís ré ċéile.

11 A nuáir do ċúala Saul, agus Israel uile na briaṫra sin an Ṗilistiniġ, do ḃádur uile a néagcruṫ, agus lán deagla.

12 ¶ Anois Dáiḃi bá mac é don Néṗrátiteaċsin ó Ḃetlehem‐Iudah, dar ḃamm Iesse; agus do ḃádar oċdar mac aige: agus do ḃí an tóglaċ mar ḋuine ḟoirfe a measg na ndaóine a láeṫiḃ Ṡauil.

13 Agus do imṫiġeadar an tríur mac fá sine ag Iesse agus do leanadar Saul ċum an ċaṫa: agus do bíad anmanna an triair mac do ċúaiḋ ċum an ċaṫa Eliab an mac fá sine, agus na ḋiáiġ sin Abinadab, agus an treas mac Sammah.

14 Agus do bé Dáiḃi an mac dob óige: agus do leanadar an tríur fa sine Saul.

15 Aċ dimṫiġ dáiḃi agus dfill sé ó Ṡaul do ċoiṁéad cáoraċ a aṫar a Mbet‐lehem.

16 Agus do ṫigeaḋ an Ṗilistineaċ a ngar maidin agus tráṫnóna, agus do ṫaisbeanaḋ é féin ar feaḋ ċeaṫraċad lá.

17 Agus a duḃairt Iesse ré Dáiḃi a ṁac, Glac a nois ċum do ḋearḃráiṫreaċ eṗah don ġrán dóite si, agus na deiċ mbuilinsi, agus rioṫ don ċampa ċum do ḋearḃráiṫreaċ;

18 Agus beir na deiċ gcáise si ċum caiptin a mílesion, agus féaċ ciondus ataid do ḋearḃráiṫre, agus glac a ngeall.

19 Anois do ḃi Saul, agus íadsan, agus fir Israel uile, a ngleann Elah, ag troid ris na Ṗilistiniḃ.

20 ¶ Agus do éiriġ Dáiḃi súas go moċ ar maidin, agus dfág na cáoiriġ ag coiṁeáduiġ, agus rug leis, agus dimṫiġ, mar a duḃairt Iesse ris; agus ṫáinic sé ċum an trinnsi, a núair do ḃí an slúaġ ag dul amaċ do ṫroid, agus do ġaíreadar ċum an ċaṫa.

21 Oír do ċuireadar Israel agus na Ṗilistiniġ íad féin a nórduġaḋ caṫa, slúaġ a naġaiḋ slóiġ.

22 Agus dfág Dáiḃi a ċaráiste a láiṁ coiṁéaduiġ an ċaráiste, agus do rioṫ fán tsluáġ, agus ṫainic agus do ḃeannuiġ sé dá ḋearḃráiṫriḃ.

23 Agus fan nam a raiḃ ag coṁráḋ riú, féuċ, ṫaínic súas an gaisgiḋeaċ, (an Ṗilistíneaċ ó Ġát, dar ḃainm Goliah), amaċ as sluaġ na Ḃṗilistíneaċ, agus do laḃair do réir na mbriaṫar gcéadna: agus do ċúaluiḋ Dáiḃi íad.

24 Agus a núair do ċonncadar, pobal Israel uile é, do ṫeiṫeadar roiṁe, agus do ḃádar lán deagla.

25 Agus a duḃradar muinntir Israel, An ḃfacaḃair an té so ṫáinic suas? go deiṁin is do ṫaḃairt masla Disrael ṫáinic sé súas: agus is aṁluiḋ ḃiás, giḋ bé duine ṁuirfios é, go ndéana an ríġ saiḋḃir é le hiomad máoine, agus go ttiuḃra a inġean dó, agus go ndéana tiġ a aṫar sáor a Nisrael.

26 Agus do laḃair Dáiḃi ris na dáoiniḃ, do ṡeas láiṁ ris, ġá ráḋ, Cred do ḋéantar ris an té ṁarḃus an Ṗilistineaċsa, agus ṫóigfeas a ṁioċlú do Israel? óir cía hé an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġeárrṫasa, asa ngreinneoċaḋ sé slúaġ Dé ḃí?

27 Agus do ḟreagradar na dáoine é ar an moḋso, ġá ráḋ, Is mar súd do ḋeántar ris an té ṁarḃas é.

28 ¶ Agus do ċuála Eliab a ḋearḃráṫair bá sine a núair do laḃair sé ris na daóiniḃ; agus do las fearg Eliab a naġaiḋ Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Cred as a ttáiníc tusa a núas annso? agus cía ag ar ḟág tú an beagan cáoraċ sin annsa ḃfásaċ? atá fios húaḃair agamsa, agus urċoíde hinntinne; óir ṫainic tú a nuas ċum go ḃfaicfeá an caṫ.

29 Agus a duḃairt Dáiḃi, Cred do rinne mé a nois? Ané naċ raiḃ gnoṫuiḋe agam?

30 ¶ Agus do ḟill sé úaḋ go duine eile, agus a duḃairt ar an moḋ ccéadna: agus do ḟreagradar cáċ é do réir an ċéadṁoḋa.

31 Agus a núair do ċlos na ḃriáṫra sin do laḃair Dáiḃi, do innisiodar iad a laṫair Ṡauil: agus do ċuir sé fios air.

32 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Ná heagluiġṫear croiḋe éanduine roiṁe; raċaiḋ do ṡearḃḟoġantuiġ agus troidfiḋ sé ris an Ḃṗilistineaċso.

33 Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Ni bḟeidir leat dul an aġaiḋ an Ḃfilistineaċsa ċum troda ris: oir ní ḃfuíl ionnad aċd ógánaċ, agus eision na ḟear coguiḋ ó na aois óig.

34 Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Do ḃí do ṡerḃíseaċ a mbun ċaoraċ a aṫar, agus ṫáinic leoṁan, agus maṫġaṁuin, agus rugadar úan as an ttréud:

35 Agus do ċúaiḋ misi amaċ na ḋiaiġ, agus do ḃuáilios é, agus do ḃean mé as a ḃéul é: agus a núair do éiriġ sé am aġaiḋ, rug me ar ṫéasóig air, agus do ḃuáilios é, agus do marḃus é.

36 Do ṁarḃ do ṡearḃḟoġantuiġ an leoṁan agus an maṫġaṁuin: agus biáiḋ an Ṗilistineaċ neiṁṫimċillġéarrṫasa mar áon aca, ó ṫug sé dúḃṡlán ṡlóiġ Dé ḃí.

37 A duḃairt Dáiḃi fós, An TIĠEARNA do ṡáor misi ó croḋ an leoṁuin, agus ó ċroḋ an ṁaṫġaṁuin, sáorfuiḋ sé as láiṁ an Ṗilistiniġsi mé. Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Eiriġ, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd.

38 ¶ Agus do éidiġ Saul Dáiḃi le na arm féin, agus do ċuir sé clogad ṗráis air a ċeann; agus do éidiġ sé é mar an gcéadna le lúiriġ.

39 Agus do ġaḃ Dáiḃi a ċloiḋeaṁ ar úaċdar a éidiġ, agus do ṫionnscuin sé siubbal; óir níor ċleaċd sé é. Agus a duḃairt Dáiḃi re Saul, Ní ḟeaduímsi siuḃal iontaso; óir níor ċleaċt mé íad Agus do ċuir Dáiḃi ḋe íad.

40 Agus do ġlac sé a ḃata iona láiṁ, agus do ṫoġ ḋó féin cúig cloċa bláiṫe as a naḃuinn, agus do ċuir íad a mála áoḋaire noċ do ḃí aige, eaḋon a ttiáiċ; agus do ḃí a ċrann táḃuill na láiṁ: agus do ġluáis mar a raiḃ an Ṗilistíneaċ.

41 Agus ṫáinic an Ṗilistineaċ ar aġaíḋ agus do ḋruid a ḃfogus do Ḋaiḃi; agus do ċuáiḋ an té do ḃí ag iomċar a scéiṫe roiṁe.

42 Agus anúair dféaċ an Ṗilistineaċ timċioll, agus do ċonnairc sé Dáiḃi, do ṫarcuisraġ sé é: óir ní raiḃ aċd óg, agus é dearg, agus dealḃ sgíaṁaċ air.

43 Agus a duḃairt an Ṗilistíneaċ re Dáiḃi, An madraḋ misi, as a ttig tú ċugam re bataḋuiḃ? Agus do ṁalluiġ an Ṗilistíneaċ Dáiḃi lé na ḋeeiḃ.

44 Agus a duḃairt an Ṗilistíneaċ re Dáiḃi, Tárr ċugamsa, agus do ḃéara me tḟoil déanlaiṫ a naiéir, agus dainṁintiḃ an ṁaċaire.

45 Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an Ḃṗilistineaċ, Ṫig tusa ċugamsa le cloiḋeaṁ, agus le gaṫ, agus lé sgéiṫ: aċd tigimsi ċagadsa a namm ṪIĠEARNA na slóġ, Dia ṡluaiġ na Nisraeliteaċ, noċ do ġreannuiġ tusa.

46 A muġ ḃéaras an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi; agus buáilfiḋ mé ṫú, agus beanfaiḋ mé do ċeann díot: agus do ḃéara me anúiġ conablaċa ṡluáiġ na Ḃṗilistineaċ déanlaiṫiḃ a naieir, agus do ḃeaṫaċaiḃ allta an ṁaċaire; ċor go mbía a ḟios ag an doṁan uile go ḃfuil Dia a Nisrael.

47 Agus biáiḋ a ḟios ag an ccoṁċruinniuġaḋ so uile naċ lé gaṫ nó lé cloiḋeaṁ ṡáorus an TIĠEARNA: (óir ís leis an TTIĠEARNA an caṫ,) agus do ḃéara sé siḃsi ann ar láṁuiḃne.

48 Agus tárla, a nuáir do éiriġ an Ṗilístineaċ, agus ṫáinic agus do ḋruid a ḃfogus do ṫeagṁáil re Dáiḃi, go ndé arna Dáiḃi deiṫnios, agus gur rioṫ gus an tslúaġ do ṫeagṁáil ris an Ḃṗilistíneaċ.

49 Agus do ċuir Dáiḃi a láṁ iona ṁála, agus ṫug cloċ as, agus do ċaiṫ í as a ċranntáḃuill, agus do ḃuáil an Ṗilistineaċ iona éadan, iondus go ndeaċaiḋ an ċloċ iona éadan; agus do ṫuit sé ar aġaiḋ ċum na talṁan.

50 Mar sin do ḃúaḋuiġ Dáiḃi ar an Ḃṗilistineaċ lé crann táḃuill agus lé cloiċ, agus do ḃuáil sé an Ṗilistineaċ, agus do ṁarḃ sé é; aċd ní raiḃ cloiḋeaṁ ar biṫ a láiṁ Ḋáiḃi.

51 Uime sin do riṫ Dáiḃi, agus do ṡeas súas ar an Ḃṗilistineaċ, agus do ġlac a ċloiḋeaṁ, agus do ṫarruing amaċ as a ḋúbla é, agus do ṁarḃ an Ṗilistineaċ, agus da ḃain a ċeann de leis. Agus a núair do ċonncadar na Ṗílistiniġ go raiḃ a ngaisgiḋeaċ marḃ, do ṫeiṫeadar.

52 ¶ Agus do éirġeadar muinntir Israel, agus muinntir Iúdah, agus do ġáireadar, agus do leanadar na Ṗilistiniġ, nó go tí tú go gléann, agus go geataiġ Ecron. Agus an luċd do loiteaḋ do na Ṗilistiniḃ do ṫuiteadar síos annsa tsliġe go Saaraim, go nuige Gát, agus go nuige Ecron.

53 Agus do ḟilleadar clann Israel ó ṫóruiġeaċd na Ḃṗilistíneaċ, agus do ċreaċadar a lóistiníġe.

54 ¶ Agus do ġlac Dáiḃi ceann an Ṗilistiniġ, agus ṫug leis go Hierusalem é; aċd do ċuir se a arm iona lóistin.

55 ¶ Agus a núair do ċonnairc Saul Dáiḃi ag dul amaċ a naġaiḋ an Ṗilistiniġ, a duḃairt sé ré Habner, caiptín an tslóiġ, Abner, cía ḋar mac an tógáuaċsa? Agus a duḃairt Abner, Mar ṁaírios hanum, a riġ, ní ḟeidir misi sin.

56 Agus a duḃairt an ríġ, Fiafruiġ ṫusa cía ḋar mac an tógánaċ sa?

57 Agus air ḃfilleaḋ do Ḋáiḃi ó ṁarḃaḋ an Ṗilistiniġ, do ġlac Abner é, agus ṫug leis é a laṫair Ṡauil maille re ceann an Ṗilistiniġ na láiṁ.

58 Agus a duḃairt Saul ris, Cía ḋar mac ṫusa, a ógánuiġ? Agus do ḟreagair Dáiḃi é, agus a duḃairt, As misi mac do ṡerḃísiġ Iesse an Betlehemiteaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan