I Samuel 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Ata Daiḃiḋ sunnraiġṫe ċum ḃeiṫ ná rí. 19 Tugaḋ ċum Sauil é, agus le clairseaċ do ṡeinm, dfuaduíġ sé uaḋ an droċspiorad. 1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac. 2 Agus a duḃairt Samuel, Cionnus ḟéaduimsi dul ann? má ċlum Saul é, muirfiḋ sé mé. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Beir colpaċ leaċd, agus abair, Ṫáinic mé do ḋéanaṁ íoḋbarṫa don TIĠEARNA. 3 Agus goir Iesse ċum na híoḋbarṫa, agus taisbéanfuiḋ misi ḋuit créd ḋéanas tú, agus ungfaiḋ tú ḋaṁsa an té ainmneoċus mé ḋúit. 4 Agus do rinne Samuel gaċ ní da nduḃairt an TIĠEARNA, agus ṫáinic se go Betlehem. Agus do ċrioṫnuiġeadar sinnsir an ḃaile re na ṫeaċd, agus a duḃradar, An go síoṫċánta ṫig tusa? 5 Agus a duḃairt seision, Is go síoṫċánta: ṫáinic mé dioḋbairt don TIĠEARNA: náoṁuiḋ siḃ féin, agus tigiḋ liom ċum na híoḋbarṫa. Agus do náoṁuiġ sé Iesse agus a ṁic, agus do ġoir íad ċum na híoḋbarṫa. 6 ¶ Agus tárla, a nuáir ṫangadar, gur ḟeaċ sé ar Eliab, agus a duḃairt, Is deiṁin go ḃfuil ungṫaċ an TIĠEARNA a laṫair. 7 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe. 8 Ann sin do ġoir Iesse Abinadab, agus ṫug air gahháil ṫáiris a laṫair Ṡamuel. Agus a duḃairt sé, Ní hé so fós do ṫoġ an TIĠEARNA. 9 Ann sin ṫug Iesse ar Ṡammah gaḃáil ṫairis. Agus a duḃairt seision, Ni hé so fós do ṫoġ an TIĠEARNA. 10 A rís, ṫug Iesse air ṁóirṡeisear dá ṁacaiḃ gaḃáil ṫar Ṡamuil. Agus a duḃairt Samuel re Iesse, Níor ṫoġ an TIĠEARNA íadso. 11 ¶ Agus a duḃaírt Samuel re Iesse, An ḃfuilid do ċlann uile annso? Agus do ḟreagair seision, Atá fós an mac as óige gan a ḃeiṫ ann, agus, féuċ, atá sé ag coiṁéad na gcáoraċ. Agus a duḃairt Samuel ré Iesse, Cuir fios air agus taḃair leaċd é: óir ní ṡuiġfeam síos nó go ttí sé annso. 12 Agus do ċuir sé fios air, agus ṫug a steaċ é. Bá dearg, agus scíaṁaċ a ndeilḃ é, maille re bréaḋaċd súl. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Eíriġ agus ungaiḋ é: óir as e so eision. 13 Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah. 14 ¶ Aċ do ċúaiḋ spiorad an TIĠEARNA ó Ṡaul, agus do ḃuáiḋir droiċspiorad ón TTIĠEARNA é. 15 Agus a duḃradar muinntir Ṡauil ris, Feuċ anois, atá droíċspiorad ó Ḋía dot ċuáiḋreaḋ. 16 Abraḋ ar TTIĠEARNA anois re na ṡerḃíseaċaiḃ, atá ḋa laṫair, duine íarruiḋ, noċ ṡeinnios go gasda ar ċláirsiġ: agus is aṁluiḋ ḃías, a nuair ṫiocfas an droiċspiorad ó Ḋía ort, go seinnfiḋ seision le na láiṁ, agus go mbía tusa go maiṫ. 17 Agus a duḃairt Saul re na ṡeirḃíseaċaiḃ, Faġaiḋ ḋaṁ anois duine ḟéadas seinm go maiṫ, agus tugaiḋ ċugam é. 18 Ann sin do ḟreagair aon do na serḃíseaċaiḃ, agus a duḃáirt, Féuċ, do ċonnairc misi mac do Iesse an Betlehemíteaċ, noċ atá eólaċ a seinm, agus na ḋuine ro láidir ġaisgeaṁuil, agus na ḟear cogaiḋ, agus glic a ccúisiḃ, agus na ḟear sgíaṁaċ, agus atá an TIĠEARNA maille rís. 19 Uime sin do ċuir Saul teaċda go Iesse, agus a duḃairt, Cuir ċugam Dáiḃi do ṁac, noċ áta ag an tréad. 20 Agus do ġlac Iesse assal fá úalaċ aráin, agus buidéul fíona, agus meannán, agus do ċuir le na ṁac Dáiḃi íad ċum Sauil. 21 Agus ṫáinic Daiḃi go Saul, agus do ṡeás dá laṫair: agus do ḃí gráḋ mór aige air; agus do ḃí na ḟear iomċarṫa a airm aige. 22 Agus do ċuir Saul fios ċum Iesse, ga ráḋ, Guiḋim ṫá, léig do Ḋáiḃi seasaṁ am laṫairsi; óir fuáir se faḃar am raḋarc. 23 Agus tárla, a nuáir ṫáinic an droiċspiorad ó Ḋía ar Ṡaul, gur ġlac Dáiḃi cláirseaċ, agus gur ṡeinn le na láiṁ: ionndus go ḃfúair Saul caḃair, agus go raiḃ go maiṫ, agus dimṫiġ an droiċspiorad úaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society