I Samuel 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Easuṁla Ṡaul. 16 Agus smaċd an TIĠEARNA . 1 Agus a duḃairt Samuel fós ré Saul, Do ċuir an TIĠEARNA misi dot ungaḋsa dot ḃeiṫ ad ríġ ós ċionn a ṗobail, ós cíonn Israel: anois ar a naḋḃarsin taḃairsi haire dfuaim briaṫar an TIĠEARNA. 2 Is marso a deir TIĠEARNA na slúaġ, Cuiṁniġim an ní do rinne Amalec re Hisrael, mar do ċuir sé luiġeaċán roiṁe annsa tsliġe, a nuáir ṫáinic sé amaċ ón Négipt. 3 Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal. 4 Agus do ċruinniġ Saul na dáoine a ḃfoċair a ċéile, agus do ċoṁáir íad ag Telaim, ḋá ċéad míle coisiġ, agus deiċ míle fear do Iúdah. 5 Agus ṫáinic Saul go caṫruiġ le Hamalec, agus do ċuir luiḋeaċán annsa ġleann. 6 ¶ Agus a duḃairt Saul ris na Ceníteaċaiḃ, Eirgiḋe, fágḃuiḋ so, teiġiḋ síos ó ḃeaṫ a measc na Namaleciteaċ, deagla go scriosfuinnsi siḃ maille riú: óir do ṫaisbeanaḃairsi muintearḋas do ċloinn Israel uile, a nuair ṫangadar súas as taluṁ na Hégipte. Marsin dimṫiġeadar na Cenítíġ ó ḃeiṫ a measc na Namaleciteaċ. 7 ¶ Agus do ḃúail Saul na Hamalecitiġ ó Haḃilah nó go ttí tú go Sur, atá ṫall as coinne na Hégipte. 8 Agus do ġaḃ sé Agag riġ na Namalecíteaċ beó, agus do léirscrios na daoine uile lé fáoḃar an ċloiḋíṁ. 9 Aċ do ċoigil Saul agus a nahuinntir Agag, agus an ċuid do bfeárr do na cáorċuiḃ, agus do na daṁuiḃ, agus do na méaṫuiḃ, agus do na huanuiḃ, agus gaċ éinni ḃí go maiṫ, agus nior ḃáill leó a léirsgrios: aċd gaċ einni ḋá raiḃ míṁeasta agus tarcuisneaċ, do scriosadar íad sin go hiomlán. 10 ¶ Ann sin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Sámuel, ġa ráḋ, 11 As aiṫreaċ liom go ndearna mé ríġ do Ṡuail: óir do iompoiġ sé ó misi leanṁuin, agus níor ċoiṁlíon maiṫeanta. Agus do ġoill sin ar Ṡamuel; agus do eíġ ar an TTIĠEARNA feaḋ na hoiḋċe. 12 ¶ Agus a núair do éiriġ Samuel go moċ do ṫeagṁáil re Saul ar maidin, do hinnseaḋ do Ṡamuel, ġá ráḋ, Ṫainic Saul go Carmel, agus, féuċ, do ċuir sé súas áit ḋó féín, aċd do ċas sé timċioll, agus do ġluais roiṁe síos go Gilgal. 13 Agus ṫáinic Samuel go Saul: agus a duḃairt Saul ris, Go maḋ beannuiġ ṫú ón TTIĠEARNA: do ċoṁaill mísi aiṫne an TIĠEARNA. 14 Agus a duḃairt Samuel, Máseaḋ cread í an ṁéiḋleaċ so na ccaoraċ ann mo ċlúasaiḃ, agus géimneaċ na ndaṁ ad ċluinim? 15 Agus a duḃairt Saul, O na Hamaleciteaċaiḃ ṫugadar íad: óir do ċoigleadar na daóine an ċuid do bféarr do na cáorċuiḃ agus do na daṁuiḃ, do ioḋbairt dot ṪIĠEARNA Díase; agus do scriosamar ṫríd amaċ an ċuid eile. 16 Ann sin a duḃairt Samuel re Saul, Fan, agus inneosa misi ḋuit cread a duḃairt an TIĠEARNA riom a noċt. Agus a duḃairt seision ris, Abair roṁad. 17 Agus a duḃairt Samuel, A núair do ḃí tú beag ad raḋarc féin, naċ ndéarnaḋ ceann díot ar ṫreaḃuiḃ Israel, agus nar ungaiḋ an TIĠEARNA ṫú ad ríġ ós cionn Israel? 18 Agus do ċuir an TIĠEARNA ṫusa a tturus, agus a duḃairt, Eiriġ agus scrios ṫríd amaċ na peacaiḋ na Hamalecitiġ, agus troid riú nó go scriostar íad. 19 Uime sin cred fá nar uṁluiḋ tú do ġuṫ an TIĠEARNA, aċd do líng tú ar a néadáil, agus do rinne tú cionta a raḋarc an TIĠEARNA. 20 Agus a duḃairt Saul ré Samuel, Ní heaḋ, do uṁluiḋ misi do ġuṫ an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ mé san tsliġe ionar ċur an TIĠEARNA mé, agus ṫug mé Agag ríġ na Namaleciteaċ liom, agus do scrios mé na Hamalecitiġ uile. 21 Aċ rugadar an pobal leó don néadáil, cáoiriḋ agus daiṁ, agus an cuid bá féarr dá gaċ éinní ba cóir a leirsgrios, ċum íoḋburṫa dot ṪIĠEARNA Día a Ngilgal. 22 Agus a duḃairt Samuel, An ḃfuil oirid dúile ag an TTIĠEARNA a nofráluíḃ loisge agus a níoḋbarṫaiḃ, mar atá aige a nuṁla do ġlór an TIĠEARNA? Féuċ, Is féarr uṁluġaḋ ná íoḋbairt, agus éisdeaċd ná méaṫas reiṫeaḋ. 23 Oír ionann dul an neasurramaċd agus peacaḋ piseóguiġ, agus easuṁla ionnán agus éaigceart agus ioḋaláḋraḋ. Do ċionn gur ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, do ṫarcuisniġ seision ṫusa mar an gcéadna ó ḃeiṫ ad ríġ. 24 ¶ Agus a duḃairt Saul re Samuel, Do ṗeacaiḋ mé: óir do ṡáruiġ mé aiṫne an TIĠEARNA, agus do ḃriaṫrasa: do ċionn gur raiḃ eagla an ṗóbail orm, agus gur áontoiġ mé ḋá nglor. 25 Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, taḃair maiṫeaṁnus mo ṗeacaiḋ ḋaṁ, agus iompóiġ liom a rís, go naḋraḋ mé an TIĠEARNA. 26 Agus a duḃairt Samuel re Saul, Ní ḟillfe misi leaċd: óir do ṫarcuisniġ tú focal an TIĠEARNA, agus doṫarcuisniġ an TIĠEARNA ṫusa ó ḃeiṫ ad ríġ ar Israel. 27 Agus a núair do ḟill Samuel dimṫeaċd ar ais, rug seision ar irr falluinge air, agus do ḃris í. 28 Agus a duḃairt Samuel ris, Do réub an TIĠEARNA rioġaċd Israel uaitsi a niuġ, agus ṫug í dod ċoṁarsuinn, noċ is féarr ná ṫusa. 29 Agus fos ni ḋéana neart Israel bréag agus ni ḃía aiṫreaċ: óir ní duine é, as a mbíaḋ aiṫreaċus air. 30 Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día. 31 Mar sin do ḟill Samuel a rís a ndiáiġ Ṡauil; agus do aḋair Saul an TIĠEARNA. 32 ¶ Ann sin a duḃairt Samuel, Taḃairsi leaċd annso ċugamsa Agag ríġ na Namaleciteaċ. Agus ṫáinic Agag súas ċuige go cóiriġṫe. Agus a duḃairt Agag, Go deiṁin do ċuáiḋ searḃadus an ḃáis seaċad. 33 Agus a duḃaírt Samuel, Mar do rinne do cloiḋeaṁsa mná gan ċloinn, mar sin ḃías do ṁaṫairsi gan ċloinn a measc na mban. Agus do ġeárr Samuel Agag na ċotċannuiḃ a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal. 34 ¶ Ann sin do ċuáiḋ Samuel go Rámah; agus do ċuáiḋ Saul súas go Gibeah Ṡáuil ḋá ṫiġ féin. 35 Agus ní ṫáinic Samuel nísa ṁó dféaċuin Ṡauil go ló a ḃáis: giḋeaḋ do ċaóin Samúel Sául: agus dob aiṫreaċ leis an TTIĠEARNA mar do rinne sé ríġ do Ṡaul ós cionn Israel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society