Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Ag eagal na Bṗilistineaċ. 9 Do rinne Saul aindliġe. 14 Noċ bá cúis ar a ṫealgail.

1 Do ḃí Saul bliaḋan na ríġ; agus a nuair do ḃí na ríġ ḋá ḃliaḋuin ós ccionn Israel,

2 Do ṫoġ Saul ḋó féin trí ṁíle fear do Israel; ionnus go mbeidís ḋá ṁile fear ḋíoḃ a ḃfoċair Ṡauil a Miċmas agus a slíaḃ Ḃétel, agus míle ag Ionatan a Ngibeah Ḃeniamin: agus do ċuir sé an ċuid oile don ṗobal gaċ éan duine ḋá ait féin.

3 ¶ Agus do ḃuáil Ionatan dáingionn na Ḃṗilistineaċ do ḃí a Ngeba, agus do ċuáladar na Ṗilistiniġ sin. Agus do ṡeíd Saul an stoc ar feaḋ na críċ uile, ġa ráḋ, Cluinnedís na Heaḃraiḋe.

4 Agus do ċúala Israel uile ḋá ráḋ gur ḃúail Saul daingneaċ do na Ṗilistíniḃ, agus mar an gceadna mar do ḃadar na Hisraeliteaċ nan aṫuaṁaireaċd aig na Ṗilistineaċ. Agus do goireaḋ an pobal a gcionn a ċéile a ndíaiġ Ṡauil go Gilgal.

5 ¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile do ṫroid a naġaiḋ Israel, tríoċad míle carbad, agus sé ṁíle marcaċ, agus dáoine mar an gaineaṁ noċ ḃíos ar ṫráiġ na fairge air iomadaṁlaċd: agus tangadar súas, agus do ṡuiḋeadar a Miċmas, soir ó Ḃetaḃen.

6 ¶ A nuáir do ċonncadar fir Israel go raḃadar a gcuṁgaċ (óir do ḃádar na dáoine a néigion), ansin dfolċadar an pobal íad féin a nuaṁuiḃ, agus a ḃfíoḋḃuiḃ, agus a gcairrgiḃ, agus a náitiḃ árda, agus a cclasaċaiḃ.

7 Agus do ċuadar cuid do na Heaḃruiḋiḃ a nonn tar Iordan go tír Ġad agus Ġíléad. Agus ar son Ṡauil, do ḃí se fós a Ngilgal, agus do leanadar na dáoine uile é ar coiṁċriṫ.

8 ¶ Agus dfan sé seaċd lá, do reír na haimsire cinnte do órduíġ Samuel: aċ ní ṫáinic Samuel go Gilgal; agus do leaṫnuiġeadar na dáoine úaḋa.

9 Agus a duḃairt Saul, Tugaiḋ ċugam annso ofráil loisge, agus ofrála síoṫċána. Agus do íoḋbair sé an nofráil loisge.

10 Agus tárla, coṁlúaṫ is ċuir sé deireaḋ le hofráil na híoḋbarṫa loisge, féaċ, ṫáinic Samuel; agus do ċuáiḋ Saul amaċ na ċoinne, go mbeannuiġeaḋ sé ḋó.

11 ¶ Agus a duḃairt Samuel, Cred do rinne tusa? Agus a duḃairt Saul, Do ċionn go ḃfacaiḋ mé na dáoine ar leaṫnuġaḋ uáim, agus naċ dtáinic tusa táoḃ a stiġ don ló ċinnte, agus gur ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a ḃfoċair a ċéile go Miċmas;

12 Uime sin a duḃairt me, Tiucfaid na Ṗilistiniġ orum a núas anois go Gilgal, agus ní ḋeárna mé eadarġuiḋe ris an TTIĠEARNA: do ċoiṁeígniġ mé mé féin ar a naḋḃarsin, agus dofráil mé ofráil loisge.

13 Agus a duḃairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leaṁ: agus níor ċoiṁéad tú aiṫne do ṪIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíot: óir anois do ḋaingneoċaḋ an TIĠEARNA do rioġaċd air Israel go bráṫ.

14 Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.

15 Agus déiriġ Samuel, agus do ċuáiḋ súas ó Ġilgal go Gibeah Ḃeniamin. Agus do ċoṁáiriṁ Saul na daoine do ḃí a laṫair aige, timċioll sé ċéad fear.

16 Agus dfan Saul, agus Ionatan a ṁac, agus na dáoine do ḃi a laṫair aca a Ngibeáh Ḃeniamin: aċd do ḃádar na Ṗilistiniġ a gcampa a Miċmas.

17 ¶ Agus tangadar na creaċadóiriġe amaċ as campa na Ḃṗilistíneaċ a ttrí gcuideaċda: diompoiġ cuideaċda aca ċum na sliġeaḋ go Hoṗrah, go fearann Ṡual:

18 Agus do iompoiġ cuideaċda oile ann sa tsliġe go Bet‐óron: agus diompoiġ cuideaċda oile ċum a nimil noċ ḟéaċus go gleann Ṡeboim leaṫ ris an ḃfásaċ.

19 ¶ Anois níor fríṫ gaḃa ar feaḋ ċríċe Israel uile; oir a duḃradar na Ṗilistiniġ, Deagla go ndéanaidís na Heaḃruiḋe cloiḋṁe nó gaéṫe:

20 Aċ do ṫéiġdís Israel uile síos gus na Ṗilistiniḃ, gaċ éanduine do ġéaruġaḋ a ṡuic, agus a ċoltair, agus a ṫuáiġe, agus a ṗicóide.

21 Giḋeaḋ do ḃí oiġe ċomalta aca re haġaiḋ na bpicóideaḋ, agus na ccoltar, agus na ngaḃal, agus na ttúaġ, agus do ġéaruġaḋ na slait‐ṗriocaḋ.

22 Ionnus go ttárla ḋóiḃ a ló an ċaṫa, naċ fríṫ cloiḋeaṁ nó gaṫ a laíṁ éanduine don ṗobal dá raiḃ a ḃfoċair Ṡauil agus Ionatan: aċd ag Saul agus ag Ionatan a ṁac.

23 Agus do ċuáiḋ Gárda na Ḃṗilistinéaċ amaċ go sliġṫiḃ Ṁiċmas.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan