Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Ata Samuel ag tógḃail fiaġnais sa noireaċduis, ar a ionnracás na measc.

1 Agus a duḃairt Samuel re Hisrael uile, Féuċaiḋ, déist mé ré ḃur nglór ann gaċ uile ní dá nduḃraḃair riom, agus do rinne mé ríġ ós ḃur ccionn.

2 Agus anois, féaċaiḋ, atá an ríġ ag siuḃal roṁuiḃ: agus atáimsi sean agus ceinnlíaṫ; agus, féaċuiḋ, atáid mo ṁic aguiḃ: agus do ṡiuḃail mé roṁuiḃsi óm naóiḋeantaċd gus a niuġ.

3 Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.

4 Agus a duḃradarsan, Níor ṁeall tú sinne, agus níor ṡáruiġ tú sinn, ní mó do ġlac tú éinní as láiṁ éanduine.

5 Agus a duḃairt sesion ríu, Is fiaḋnuisi an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, agus is fiaḋnuisi a ungṫa san ló aniuġ, naċ ḃfúaraḃair éinní am láiṁ. Agus do ḟreagradarsan, Is fiaḋnuisi.

6 ¶ Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal, Asé an TIĠEARNA do órduiġ Maoise agus Aaron, agus ṫug ḃur naiṫre amaċ as críċ na Hégipte.

7 Anois ar a naḋḃarsin fanuiḋ ḃur seasaṁ, go ndéarna mé aiḋnios riḃ a laṫair an TIĠEARNA, fá uile ġníoṁraḋ ceart an TIĠEARNA, noċ do rinne sé ḋíḃse agus dá ḃur naiṫriḃ.

8 A nuáír ṫáinic Iácob a steaċ don Négipt, agus do éiġṁeadar ḃur naiṫre air an TTIĠEARNA, ann sin do ċuir an TIĠEARNA Máoisi agus Aaron ċugaiḃ, noċ ṫug ḃur naiṫre amaċ as an Négipt, agus ṫug orra coṁnuiġe ḋéanaṁ san náitsi.

9 Agus a nuáir do ḋearmadar a TTIĠEARNA Día, do reac sé íad a láṁ Ṡisera, caiptín slóiġ Hasor, agus a láiṁ na Ḃṗilistineaċ, agus a láiṁ ríġ Móab, agus do ṫroideadar na naġaiḋ.

10 Agus do éiġṁeadar ċum an TIĠEARNA, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, do ḃríġ gur ṫréigeamar an TIĠEARNA, agus gur aḋramar Báalim agus Astárot: aċd a nois sáor sinn as láṁuiḃ ar náṁad, agus do ḋéanam seirḃís duit.

11 Ar a naḋḃarsin do ċuir an TIĠEARNA Ierubbaal, agus Bedan, agus Ieṗṫah, agus Samuel, agus do ṫárrṫuiġeadar siḃ ó láiṁ ḃur náṁad air gaċ uile ṫaoḃ, agus do ċoṁnuiġeaḃair daingean.

12 Agus a nuáir do ċonncaḃair go ttáinic Nahas ríġ ċloinne Ammon ḃur naġaiḋ, a duḃraḃair riomsa, Ni heaḋ; aċd biáiḋ ríġ ós ar gcionn: a nuáir gur ḃé ḃur TTIĠEARNA Día fá ríġ ḋíḃ.

13 Anois ar a naḋḃarsin, féaċaiḋ an ríġ do ṫoġaḃáir, agus díarraḃair! agus, féaċuiḋ, do ċuir an TIĠEARNA ríġ ós ḃur gcionn.

14 Ma ḃionn eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó, agus uṁluġaḋ ḋá ġlór, agus gan caṫuġaḋ a naġaiḋ aiṫeanta an TIĠEARNA, ann sin fanfuiḋ siḃ féin agus an ríġ ḃías ós ḃur ccionn go bunáiteaċ ag leanṁuin ḃur TTIĠEARNA Día.

15 Aċt muna nuṁluiḋiġ siḃ do ġuṫ an TIĠEARNA, aċ caṫuġaḋ a naġaiḋ aiṫeanta an TIĠEARNA, ann sin biáiḋ laṁ an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, mar do ḃí a naġaiḋ ḃur naiṫreaḋ.

16 Anois ar a naḋḃarsin seasuiḋ agus féaċuiḋ an ni mórso, ḋéanas an TIĠEARNA as coinne ḃur súl.

17 Naċ é fóġṁar na cruiṫneaċda a niuġ? guiḋfiḋ misi an TIĠEARNA, agus cuirfiḋ sé tóirneaċ agus fearṫuinn; ċor go ttuigfiḋe agus go ḃfáicṫi gur mór ḃur gcionta, noċ do rinneaḃair a laṫair an TIĠEARNA, a níarruiḋ ríġ ḋíḃ féin.

18 ¶ Mar sin do ġoir Samuel ar an TTIĠEARNA; agus do ċuir an TIĠEARNA tóirneaċ agus fearṫuinn an lá sin: agus do ġaḃ eagla ṁór an pobal uile roiṁe an TTIĠEARNA agus roiṁe Ṡamuel.

19 Agus a duḃradar an pobal uile re Samuel, Guiḋ do ṪIĠEARNA Día air son do ṡeirḃíseaċ, go naċ ḃfaġam bás: óir do ċuireamar a gcionn ar bpeacaiḋ uile an tolcso, ríġ íarruiḋ dúinn féin.

20 ¶ Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: (do rinneaḃair na cionta sa uile: giḋeaḋ ná héirġiḋe do leaṫṫaóiḃ ó leanṁuin an TIĠEARNA, aċd aḋraiḋ an TIĠEARNA maille re ḃur nuile ċroiḋe;

21 Agus ná héirġiḋe do leaṫṫaoiḃ: óir annsin leanfuiḋe neiṫe díoṁaóine, naċ déan tarḃa nó ttárrṫáil; óir is díoṁaóin íad.)

22 Oír ní ṫréigfiḋ an TIĠEARNA a ṗobal féin air son a anma ṁóir: do ċionn gur ḃí toil an TIĠEARNA a ṗobal féin do ḋéanaṁ ḋíḃ.

23 Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ:

24 Aṁáin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus aḋruiḋ é go fírinneaċ maille re ḃur nuile ċroíḋe: óir measuiḋ cred é méud na neiṫeann do rinne sé ar ḃur son.

25 Aċt má neiṫí droiċġníoṁa do ġnáṫ, scriosfuiġear aráon, siḃ féin agus ḃur ríġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan