Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Do ḃuaġuiġ Saul le trí ċéad mile sloiġ, ar na Hammoníliḃ.

1 An sin ṫáinic Nahas an Tammóniteaċ súas, agus do rinne campa as coinne Iabes‐Gílead: agus a duḃradar muinntir Iabes‐Gílead uile re Nahas, Déana cunnraḋ riune, agus uiṁleoċam ḋuit.

2 Agus do ḟreagair Nahas an Tammoniteaċ íad, Ar an naċdso do ḋéana mé cunraḋ riḃ, ḃur súile deasa uile do ḃuáin asuiḃ, agus a dtaḃairt mar ṁasla Dísrael uile.

3 Agus a duḃradar sinnsir Iabes ris, Taḃair ḋúinn cáirde ṡeaċd lá, go gcuirmis teaċda ann gaċ uile ċósta Dísrael: agus ann sin, muna ḃfaġam aonduine ṫárrṫoċus sinn, tiucfam amaċ ċugadsa.

4 ¶ Ann sin ṫangadar na teaċda go Gibéah Ṡauil, agus do innisiodar na scéula a gcluasaiḃ an ṗobail: agus do ṫógḃadar na daóine uile a nguṫ súas, agus do ġuileadar.

5 Agus, féaċ, ṫáinic Saul a ndiáiġ an tsealḃ ó na maċairiġiḃ, agus a duḃairt Saul, Cred do imṫiġ ar an bpobal as a nguilid síad? agus dinnisiodar ḋó scéula ṁuinntire Iábes.

6 Agus ṫainic spiorad Dé ar Ṡaul a nuáir do ċúala sé na scéula sin, agus do las a ḟearg go ro ṁór.

7 Agus do ġaḃ sé cúpla daṁ, agus do rinne spoḋlaḋa ḋíoḃ, agus do ċuir sé ar feaḋ ċóstaḋa Israel uile íad a laṁuiḃ ṫeáċdaireaḋ, ġa ráḋ, Giḋ bé naċ ttiucfa amaċ a ndiáiġ Ṡauil agus Ṡamuel, as mar so do ḋéantar ré na ḋaṁuiḃ. Agus do ṫuit eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus tangadar amaċ déantoil.

8 Agus a nuáir do ċoṁáiriṁ seision íad a Mbesec, do ḃádar clann Israel trí ċéad míle, agus muinntir Iúdah tríoċad míle.

9 Agus a duḃradár ris na teaċduiḃ ṫáinic, Abruiḋ mar so re muinntir Iabes‐Gilead, A máraċ, suil ḃías an ġrían té, do ġeaḃṫaói caḃair. Agus ṫangadar na teaċda, agus dinnisiodar sin do ṁuinntir Iabes; agus do ḃí lúaṫġáire orra.

10 Uimesin a duḃradar daoine Iabes. Tiucfam amaċ ċugaiḃ a máraċ, agus do ḋéantaoi rinn a nuile ní ḃus áill liḃ féin.

11 Agus is aṁluiḋ ḃí ar na ṁáraċ, gur ċuir Saul a ṁuinntir a ttrí gcuideaċda; agus tangadar a lár an tslóiġ a ḃfaíre na maidne, agus do ṁarḃadar na Hammonítiġ go teas an laói: agus tárla, an ṁéid do ṁair ḋíoḃ gur scaoileadar ó ċéile, go naċ raiḃ gáol deisi aca re ċéile.

12 ¶ Agus a duḃradar an pobal uile re Samuel, Cia hé an duine a duḃairt, An mbía Saul na ríġ oruinn? tugṫar ċugainn na daoine, go ccuirmís ċum báis íad.

13 Agus a duḃairt Saul, Ní cuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ: óir is a niuġ do oibriġ an TIĠEARNA tárrṫáil a Nisrael.

14 ¶ Ann sin a duḃairt Samuel ris an bpobal, Eirgiḋe, agus deanam go Gilgal, agus aṫnuáiġeam an rioġaċd annsin.

15 Agus do ċúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar ríġ do Ṡaul ann sin a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal; agus annsin do ioḋbradar ióḋbarṫa ofrála síoṫċána a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeaċus mór.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan