Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Samuel 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X. Saul ar ungaḋ na rí. 24 Noċ dá raḃadar cuid buiḋeaċ. 27 Cuid dombuiḋeaċ.

1 An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?

2 A nuáir imṫeoċus tú uaimsi a niuġ, an sin do ġeaḃa tú días fear ag úaiġe Ráċel a mbrúaċ Ḃeniamin a Selsah; agus déaruíd siad riot, Na hassuil a ndeaċaiḋ tú dá níarruiḋ do fríṫ íad: agus, féaċ, do ċuir haṫair na hassail a neiṁḃríġ, agus ata doilġiosaċ umaiḃsi, ġa ráḋ, Cred ḋeanas mé fam ṁac?

3 Ann sin raċaiḋ tú ar haġaiḋ as sin, agus tiucfa tú go réiḋteaċ Tábor, agus teigeoṁuid triúr feár ḋuit annsin ag dul súas go Día go Bétel, duine ḋioḃ ag iomċar trí meannán, duine eile ag iomċar ṫrí mbuilín aráin, agus duine eíle ag iomċar buidéil fíona:

4 Agus beinneoċuid síad duitsi, agus do ḃéaruid ḋá ḃuilín aráin duit, noċ ġlacfas tú as a láṁuiḃ.

5 Na ḋiáiġ sin tiucfa tú go cnoc Dé, mar a ḃfuil gárda na Ḃṗilistineaċ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, a nuáir ṫiucfas tú ann sin do nċaṫruiġ, go tteigeaṁa tú ré cuideaċda fáiġeaḋ ag teaċd a nuás ón náit áird maille re psaltair, agus re tabuir, agus re píob, agus re cláirsiġ rompa; agus do ḋéanuid fáiḋeadóireaċd:

6 Agus tiucfa spiorad an TIĠEARNA ortsa, agus do ḋéana tu faiḋeadóireaċd leó, agus iompóċar ṫú ad ḋuine eile.

7 Agus go maḋ haṁluiġ ḃías, a nuáir ṫíucfaid na coṁarṫuiġesi ort, go ndéana tú do reír mar ḃías ocáid agad; oír atá Día maille riot.

8 Agus raċaiḋ tú síos roṁamsa go Gilgal; agus, féaċ, tiucfá misi siós ċugad, dofráil ofrala loisge, agus díoḃairt íoḋbarṫa ofrala sióṫċána: seaċd lá ḟanfas tú go tti misi ċugad, agus go ttaisbeanuiḋ mé ḋuit créd ḋéanfas tú.

9 ¶ Agus is amnlaiḋ do ḃí, a núair do iompoiġ sé a ċúl dimṫeaċd ó Ṡamuel, go ttug Día croiḋe oile ḋó: agus tangadar na coṁarṫuiġ so uile a ccríċ an lá sin féin.

10 Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.

11 Agus tárla, a nuáir do ċonncadar na dáoine uile aga raiḃ a ḟios cía hé roiṁe, féaċ, go raiḃ sé ag fáiġeadóireaċd a measc na ḃfáiġeaḋ, ann sin a duḃradar ná daoíne gaċ aon re ċéile, Cred é so ṫáinic ar ṁac Ċis? An ḃfuil Saul fós a measc na ḃfáiġeaḋ?

12 Agus do ḟreagair áon don náitsin féin, agus a duḃairt. Aċ cía hé a naṫairsion? Uime sin ṫaínic ċum a ḃeiṫ na ṡeanḟocal, An ḃfuil Saul fós a measc na ḃfáiġeaḋ?

13 Agus a núair do ċríoċnuíġ sé fáiġeadóireaċd, ṫáinic sé don náit áird.

14 ¶ Agus a duḃaírt dearḃraṫair aṫar Ṡauil ris agus ré na ṡearḃḟoġantuiġ, Cáit a ndeaċaḃairsi? Agus a duḃairt seision, Díarruiġ na nassal: agus a nuáir do ċoncamar naċ raḃadar a néanḃall, ṫangamar go Samuel.

15 Agus a duḃairt dearḃraṫair aṫar Ṡauil ris, Guiḋim ṫú, innis daṁsa, cread a duḃairt Samuel riḃ.

16 Agus a duḃairt Saul re dearḃraṫair a aṫar, Dinnís sé ḋúinn go follus gur fríṫ na hassail. Aċt do ṫáoiḃ ċúisi na ríoġaċda, dar láḃair Samuel ris, uíor innis sé éinni ḋó.

17 ¶ Agus do ġoir Samuel an pobal a ccionn a ċéile go Mispeh ċum an TIĠEARNA;

18 Agus a duḃairt sé ré cloinn Israel, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Ṫug misi Israel amaċ as an Négipt, agus do ṡáor mé siḃ ó láṁuiḃ na Négipteaċ, agus as láiṁ a nuile rioġaċd, agus ón muinntir do ḃrúiġ siḃ:

19 Agus do ḋíultaḃairsi a niuġ dá ḃur Ndía, noċ gur bé féin do ṡáor siḃ ó ḃur nuile aindeisi agus ó ḃur mbuaiḋreaḋ; agus a duḃraḃair ris, Ní heaḋ, aċd cuir ríġ ós ar gcionn. Anois ar a naḋḃar sin taisbeanuiġ siḃ féin a laṫair an TIĠEARNA do réir ḃur ttreaḃ, agus do réir ḃur mílteaḋ.

20 Agus a nuáir ṫug Samuel air ṫreaḃuiḃ Israel uile teaċd a laṫair, do glacaḋ treaḃ Ḃeniamin.

21 A nuáir ṫug sé air ṫreiḃ Ḃeniamin teaċd a ḃfogus do réir a muinntear, do glacaḋ muinntir Ṁátri, agus na ḋiáiġ sin do glacaḋ Saul ṁac Cis: agus a nuáir do íarradar é, níor fríṫ é.

22 Uimesin dfíafruiġeadar don TIĠEARNA a rís, An ttiucfaḋ an tóglaċ fós ċuca. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Féaċuiḋ, dfoluiġ sé é féin a measc na caráiste.

23 Agus do riṫeadarsan agus tugadar as sin é: agus a nuáir do ṡeas se a measc an ṗobail, do ḃí sé níos áirde ná éinneaċ do na dáoiniḃ óna ġuáilliḃ súas.

24 Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal uile, Féaċuiḋ an té do ṫoġ an TIĠEARNA, naċ ḃfuil aon cosṁuil ris a measc an ṗobail uile? Agus do ġáireadar an pobal uile, agus a duḃradar, Go mairiġ an riġ.

25 Ann sin do ṫaisbein Samuel don ṗobal moḋ na rioġaċda, agus do scríoḃ a leaḃar é, agus do ċuir a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA é. Agus do ċuir Samuel an pobal uile ar siuḃal, gaċ éinneaċ ḋá ṫiġ féin.

26 ¶ Agus do ċuáiḋ Saul fós ḋa ḃaile go Gibeah; agus do ċuáiḋ banda daoine leis, ar ċorruiġ Día a gcroiḋṫe.

27 Aċt a duḃradar clann Ḃélial, Cíondus ċuíṁdeoċus an fearso sinn? Agus do ċuireadar a neiṁní é, agus ní ṫugadar tioḋlacaḋ ar biṫ ċuige. Aċd do ḃí seision na ṫoċd.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan