Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Aṫ‐ṫaiḃreaḋ Dé do Ṡolaíṁ. 26 Agus caḃlaċ Ṡolaiṁ.

1 Agus tárla, a núair do ċríoċnuiġ Solaṁ déanaṁ ṫiġe an TIĠEARNA, agus ṫiġe an ríġ, agus gaċ éinneiṫe dar ṁían le Solaṁ do ḋéanaṁ,

2 Gur taiḃreaḋ an TIĠEARNA do Ṡolaṁ an dara huáir, mar do ṫáisbéin sé é féin dó a Ngibeon.

3 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Do ċúala mé do ġuiḋe agus híarratus, noċ do rinne tú am ḟiaḋnuise: do ḃeannuiġ mé an tiġso, noċ do rinne tú, do ċur manma ann go bráṫ; agus béid mo ṡúile agus mo ċroiḋe ann go síorruiḋe.

4 Agus má ṡiuḃluiġionn tusa am laṫair, mar do ṡiuḃuil haṫair Dáiḃi, a niomláine croiḋe, agus a ḃfíréantaċd, do ḋéanaṁ gaċ uile neiṫe dar aiṫin misi ḋíot, agus go ccoiṁéadfa tú mo statúidiġ agus mo ḃreiṫeaṁnuis:

5 Ann sin daingneoċuiḋ mé caṫaóir do rioġaċta ar Israel go bráṫ, mar do ġeall mé dot aṫair Dáiḃi, ġa ráḋ, Ní ṫeisteoċuiġ duine uáit ar ċaṫaoir rioġaċda Israel.

6 Aċt má ḟilltiġesi ar éan ċor ó misi leanṁuin, siḃ féin nó ḃur cclann, agus naċ ċoiṁéudfuiḋe maiṫeanta agus mo statúidiġ noċ do ċuir mé ann ḃur ḃfiaġnuise, aċd imṫeaċd agus dée oile daḋraḋ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋóiḃ:

7 Annsin géarrfa misi Israel amaċ as a ndúiṫċe noċ ṫug me ḋóiḃ; agus an tiġ so, do náoṁuiġ mé dom ainm, teilgfe mé as mo raḋarc é; agus biaiḋ Israel na ṡeanḟocal agus na ḟocal magaiḋ a measg a nuile ṗobal:

8 Agus an tiġso, atá coṁard sin, biáiḋ úaṁan ar gaċ éanduine dá ngeaḃaiḋ láiṁ ris, agus béid ag fiosurnuiġ; agus a déarúid, Cred fá ndéarna an TIĠEARNA so ris a ndúiṫċesi, agus ris án ttiġso?

9 Agus freagoruid siádsan, Do ċionn gur ṫreigeadar a TTIĠEARNA Día, noċ ṫug amaċ a naiṫre as críċ na Hégipte, agus gur ġreamuiġeadar do ḋeeiḃ oile, agus gur aḋradar íad, agus go ndearnadar serḃís dóiḃ: uimesin ṫug an TIĠEARNA an tolcsa orra.

10 ¶ Agus tárla a gcionn ḟiṫċiod bliaḋan, tair éis Soláṁ an dá ṫiġ do ḋéanaṁ, tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ,

11 (Anois do rad Híram ríġ Tior do Ṡolaiṁ croinn ċédair agus croinn ġiuṁais, agus ór, do réir a ṁeanman uile), go ttug Solaṁ annsin do Híram fiṫċe caṫair a gcríċ na Galile.

12 Agus ṫainic Hiram as Tíor dféuċuin na gcaiṫreaċ ṫug Solaṁ ḋó; agus nior ṫaitniġeadar ris.

13 Agus a duḃairt sé, Cred íad na caiṫreaċasa ṫug tú ḋaṁsa, a ḋearḃraṫair? Agus ṫug se fearann Cabul orra gus a niuġ.

14 Agus do ċuir Híram ċum an ríġ sé fiṫċid tallann óir.

15 ¶ Agus isé so fáṫ an ġeárṫa do ṫóg an ríġ Solaṁ; do ḋéanaṁ tiġe an TIĠEARNA, agus a ṫiġe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.

16 Oír do ċúaiḋ Ṗárao riġ na Hégipte súas, agus do ġaḃ se Geser, agus do loisg í le teine, agus do ṁarḃ sé na Canáanitíġ do aítreiḃ ann sa ccaṫruiġ, agus ṫug sé mar ṫioḋlacaḋ dá inġin, do ṁnáoi Ṡoluiṁ í.

17 Agus do ċur Solaṁ Geser, agus Betoron ioċdaraċ súas,

18 Agus Balah, agus Tadmor annsa ḃfasaċ, annsa dúiṫċe sin,

19 Agus caiṫreaċa an stóruis uíle noċ do ḃí ag Solaṁ, agus caiṫreaċa ḋá ċarbaduiḃ, agus caiṫreaċa ḋa ṁarcṡluáġ, agus gaċ ní ba mían le Solaṁ do ċur súas ann Ierusalem, agus a Lebanon, agus a ḃfearann a ṫiġearnais uile.

20 ¶ Agus an ṁuinntir uile do fágḃaḋ beó do na Hamoritiḃ, do na Hítitiḃ, do na Perisitiḃ, do na Hiḃitiḃ, agus dona Iebusitiḃ, naċ raiḃ do ċloinn Israel,

21 A cclann do ḟagḃadar na ndiáiġ san tír naċ ar ḟéadadar clann Israel do scrios uile, orra sin do ṫog Solaṁ duiḃċíos serḃíse daóire gus a niuġ.

22 Aċt do ċloinn Israel ní ḋéarnuiḋ Solaṁ daóine dáora: aċd do ḃádar na ḃfearuiḃ cogaiḋ, agus na serḃíseaċaiḃ, agus na bprionnsaḋaiḃ, agus na ccaiptíniḃ, agus na núaċdarán da ċarbadaiḃ, agus na marcṡlúaġ aige.

23 Dob íad so na príoṁ‐oifigiḋ do ḃí ós cionn oibre Ṡoluiṁ, cuig ċéud agus cáogad, agá raiḃ ríaġail ós cionn na ndáoine do oibriġ san nobair.

24 ¶ Aċd táinic inġean Ṗárao súas as caṫruiġ Ḋáiḃi ḋá tiġ féin noċ do ṫóg Solaṁ ḋi: annsin do ṫóg sé Millo.

25 ¶ Agus trí huáire san mblíaḋuin do íoḋbuir Solaṁ ofrála loisge agus ofrála síoṫċána ar a naltóir do rinne sé don TIĠEARNA, agus do loisg sé túís ar analtóir do ḃí a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA. Mar sin do ċríoċnuiġ sé an tiġ.

26 ¶ Agus do rinne an ríġ Solaṁ coḃlaċ long ann Esion geber, noċ atá láiṁ re Elot, ar ṫráiġ na mara Ruáiḋe, a ccriċ Edom.

27 Agus do ċuir Híram a ṡerḃisiġ annsa loingeas, loingseóiriġ agá raiḃ eólus na fairge, a ḃfoċair ṡerḃíseaċ Ṡoluiṁ.

28 Agus tangadar go Hóṗir, agus ṫugadar ór as sin, ceiṫre ċéud agus fiṫċe tallann, agus ṫugadar ċum an ríġ Solaṁ é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan