I Rioġ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Toirḃíotas an teampuill ċum seirḃise Dé. 1 An sin do ċruinniġ Solaṁ sinnsir Israel uile, agus cinn na ttreaḃ, prioṁaiṫre ċloinne Israel uile, gus an ríġ Solaṁ ann Ierusalem, go ttugaidís súas aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as ccaṫruiġ Ḋáiḃi, si sin Sion. 2 Agus do ċruinniġeadar clann Israel uile íad féin gus an ríġ Solaṁ ar an ḃféusta a mí Etanim, eaḋon an seaċdṁaḋ mí. 3 Agus tangadar sinnsir Israel uile, agus do ṫógḃadar na sagai t a náirc súas. 4 Agus ṫugadar súas aírc an TIĠEARNA, agus tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus a nuile ṡoiṫeaċ náoṁṫa do ḃí san tabernacuil, ṫugadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad sin súas léo. 5 Agus do ḃí an ríġ Solaṁ, agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile, noċ do ċruinniġ ċuige, a ḃfoċair a ċéile a ḃfíaḋnuise na háirce, ag íoḋbuirt cáoraċ agus daṁ, nár ḟéidir innisin nó áirioṁ ar iomadaṁlaċt. 6 Agus ṫugadar na sagairt a steaċ aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA ḋá háit féin, go horacuil an tiġe, do náit is rónáoṁṫa, eaḋon faói sciaṫanuiḃ na ċerubíniġ. 7 Oír do leaṫnuiġeadar na ċerubiniġ a ndá sciaṫán amaċ ós cionn áite na háirce, agus dolċadar na ċerubiniġ a náirc agus a máideaḋa ṡúas. 8 Agus do ṫairngeadar amaċ na maideaḋa, ċor go ḃfaicṫi cinn na maideaḋa amaċ ann sa náit naoṁṫa as coinne a noracuil, agus ní bfacus a muiġ íad: agus atáid annsin gus a niuġ. 9 Ní raiḃ éainní ann sa náirc aċd án dá ċlár ċloiċe, noċ do ċuir Maóise ann ag Hóreb, a nuair do rinne an TIĠEARNA cunnraḋ ré cloinn Israel, a nuair ṫangadar amaċ as críċ na Hégipte. 10 ¶ Agus tárla, a nuáir ṫangadar na ságairt amaċ as á náit ro náoṁṫa, gur lion an néull tiġ an TIĠEARNA, 11 Iondus nár ḟéadadar na sagairt seasaṁ do ṁiniostralaċd treas an néull: óir do líon glóir an TIĠEARNA tiġ an TIĠEARNA. 12 ¶ Ann sin do laḃair Solaṁ, A duḃairt an TIĠEARNA go náitreoċaḋ sé a ndorċadus tiuġ. 13 Do rinne misi go deiṁin tiġ ḋuit do ḋéanaṁ coṁnuiġe ann, áit ċinnte ḋuitsi dfanaṁuinn ann go braṫ. 14 Agus dfill an ríġ a aġaiḋ, agus do ḃeannuiġ sé coṁċruinniuġaḋ Israel uile: (agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile na seasaṁ;) 15 Agus a duḃairt seision, Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA Día Israel, noċ do laḃair dá ḃéul féin rem aṫair Dáiḃi, agus do ċoiṁlíon le na láiṁ é, ġa ráḋ, 16 On ló fá ttug mé amaċ mo ṗobal Israel as an Négipt, níor ṫoġ mé éanċaṫair amaċ as treaḃuiḋ Israel uile do ḋéanaṁ tiġe, lé a mbía mainm ann; aċd do ṫoġ mé Dáiḃi do ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel. 17 Agus do ḃí sé a ccroiḋe Ḋáiḃi maṫair tiġ do ḋéanaṁ dainm an TIĠEARNA Día Israel. 18 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi maṫair, An méid go raiḃ se ann do ċroiḋe tiġe do ḋéanaṁ dom ainmsi, is maiṫ rinne tú á ḃeiṫ ad ċroíḋe. 19 Giḋeaḋ ní ḋéana tú an tiġ; aċd do ṁac noċ ṫiucfas as do leasraċ, do ḋéana sé tíġ dom ainmse. 20 Agus do ċoiṁlíon an TIĠEARNA an focall a duḃairt sé, agus déirġe misi súas a náit Ḋáiḃi maṫar, agus atáim am ṡuiḋe a ccaṫáoir ríoġa Israel, mar do ġeall an TIĠEARNA, agus do rinne mé tiġ dainm ṪIĠEARNA Dé Israel. 21 Agus do ṡuiġiḋ mé áit ann sin don náirc, iona ḃfuil cunnraḋ an TIĠEARNA, noċ do rinne sé rer náiṫriḃ, a núair ṫug sé amaċ as críċ ná Hégipte íad. 22 ¶ Agus do ṡeas Solaṁ as coinne altóra an TIĠEARNA a laṫair ċoṁċruinniġ Israel uile, agus do leaṫnuiġ sé amaċ a láṁa ċum neiṁe: 23 Agus a duḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día Israel, ní ḃfuil éan Día cosṁuil riotsa, air neaṁ ṡuás, nó ar taluṁ ṡíos, noċ ċoṁallus cunnraḋ agus trócaire dot ṡeírḃíseaċuiḃ noċ ṡiuḃluiġios ad laṫair maille ré croiḋe iomlan: 24 Noċ do ċoṁaill dot ṡearḃḟoġantaiġ Dáiḃi maṫair an ní do ġeall tú ḋó: do laḃair tú led ḃéul mar an gcéadna, agus do ċoiṁlíon tú léd láiṁ é, mar a tá aniuġ. 25 Ar a naḋḃarsin anois, a ṪIĠEARNA Día Israel, coṁlíon dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair an ní do ġealluis dó, ġa ráḋ, Ní teisdeoċa duine úait ann mo raḋarcsa do ṡuiġe a ccaṫaóir ríoġá Israel; aṁáin má ḃeirid do ṡlioċd aire da sliġe, iondus go siuḃoluid am laṫairse mar do ṡiuḃuil tusa am laṫair, 26 Agus anois, a Ḋía Israel, guiḋim ṫú, daingniṫear ṫfocal, noċ do laḃair tú red ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair. 27 Aċt an ccoiṁneoċaiḋ Día go deiṁin ar an ttaluṁ? féuċ, ní ḟaġann flaiṫeas, agus flaiṫeas na ḃflaiṫeas ionad duit; cá ṁéid ní as luġa ná sin ḟéudas an tiġse do rinne misé? 28 Aċt ċeana féaċ air urnaiġ do ṡearḃḟoġantuiġ, agus air a ġearán, O a ṪIĠEARNA mo Ḋía, déisteaċd ris an ngairm agus ris an nurnuiġ, noċ ġuiḋios do ṡearḃḟoġantuiġ ad ḟiaḋnuise a niuġ: 29 Go ḃfoisceoltá do ṡúile leaṫ ris an ttiġso do ló agus doiḋċe, eaḋon leaṫ ris a náit noċ a duḃairt tú, Biáiḋ mainm ann sin: iondus go néistiġ tú ris an nguiḋe ḋéanas do ṡearḃḟoġantuiġ ann sa náitse. 30 Agus éistsi re gearán do ṡearḃḟoġantuiġ, agus do ṗobuil Israel, a núair do ḋéanuid guiḋe ann sa naítse: agus cluinse ann hionad coṁnuiġ féin air neaṁ: agus a núair ċluínfios tú, taḃair maiṫeaṁnus dóiḃ. 31 ¶ Má ní duine ar biṫ aindliġeaḋ a naġaiḋ a ċoṁarsann, agus mionna do ċur air do ṫaḃairt air mionnuġaḋ, agus na mionna do ṫeaċd as coinne haltórasa ann sa tiġse: 32 Ann sin cluinsi a ḃflaiṫeaṁnuis, agus déana breiṫeaṁnus dot ṡerḃiseaċaiḃ, ag damnuġaḋ an ċiontuiġ, do ṫaḃairt a ṡlíġeaḋ ar a ċeann féin; agus do ġlanaḋ a nfíréin, ag taḃairt dó do reir a ionracuis. 33 ¶ A núair ḃuailfiġear do ṗobal Israel síos roiṁe an naṁuid, do ċionn gur ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi, agus go ḃfillfid a rís ċugad, agus go naidṁeoċuid hainm, agus go nguiḋfid, agus go ndéanuid gearán riotsa annsa tiġse: 34 Annsin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus, agus maiṫ peacaḋ do ṗóbail Israel, agus taḃair a ris íad don dúiṫċe noċ ṫug tú dá naiṫriḃ. 35 ¶ A núair ḋruídfiḋṫear neaṁ, agus naċ biáiḋ fearṫuinn ar biṫ ann, do ċionn gur ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi; má níd siad guiḋe ann sa náitsi, agus hainmsi dadṁáil, agus iompóġ ó na bpeacaḋ, a núair smaiċdeoċus tú íad: 36 Annsin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus, agus maiṫ peacaḋ do ṡerḃíseaċ, agus do ṗobail Israel, go múiniḋ tú ḋóiḃ an tsliġe ṁaiṫ iona siuḃoluid síad, agus taḃair fearṫuinn annsa tír, noċ ṫug tú dot ṗobal mar oiġreaċd. 37 ¶ Má ḃíonn gorta annsa tír, má ḃíonn pláiġ, gáoṫ rúaḋ, ceó millteaċ, lócuistiġ, nó ma ḃíonn peist millteaċ; má ṡuiḋeann a náṁuid na mbun a ndúiṫċe a ccaiṫreaċ; giḋ bé ar biṫ pláiġ, giḋ bé ar biṫ éaslaínte ḃiás ann; 38 Giḋ bé urnaiġ nó gearán do ḋéantar lé duine ar biṫ, nó le pobal Israel uile, noċ a mbía a ḟios ag gaċ áon díoḃ pláiġ a ċroiḋe féin, agus go leaṫnoċaiḋ amaċ a láṁa ċum an tiġesi: 39 Ann sin cluinsi a ḃflaiṫeaṁnus ann hionad coṁnuiġ féin, ag maiṫeaṁ ḋóiḃ, déana agus taḃair da gaċ áon do reir a ṡliġeaċ, a ḃfuil fios a ċroiḋe agadsa; óir is tusa, ṫusa aṁáin, agá ḃfuíl fios croiḋṫeaċ ċloinne na ndaóine uile; 40 Ċor go mbía eagla orra roṁadsa ar feaḋ laéṫe a mbeaṫa annsa dúiṫċe noċ tug tú dar naiṫríḃ. 41 ¶ Tuilleaṁ oile a dtaoiḃ ċoiṁiṫeaċ, naċ dot ṗobal Israel, aċ ṫiucfas a ccein ar ġráḋ hanmasa; 42 Oír cluinfid síad iomraḋ hanma ṁóirse, agus do láiṁe laídre, agus do riġṫe sínte amaċ; a núair ṫiucfas sé agus do ḋéana sé urnaiġ ċum an tiġe si; 43 Cluinsi a ḃflaiṫeaṁnus ann hionad coṁnuiġ féin, agus déana do reir gaċ éinneiṫe dá niárrfuiḋ an coiṁiṫeaċ ort: ċor go mbiáiḋ fios hanma ag dáoiniḃ na talṁan uile, le mbía heagla orra, mar atá air do ṗobal Israel; agus ċor go mbiáiḋ a ḟios aca an tiġ so, do rinne misi, gurob ad ainmsi goirṫear é. 44 ¶ Má ṫéid do ṗobal amaċ do ċaṫuġaḋ a naġaiḋ a náṁad, gioḋ bé ball a gcuirfiḋ tú íad, agus go nguiḋfid ċum an TIĠEARNA leiṫ ris an ccaṫruiġ do ṫoġ tusa, agus a leiṫ ris an tiġ do rinne misi dot ainm: 45 Ann sin cluinse a ḃflaiṫeaṁnus a nguiḋe agus a ngearán, agus cuṁdaiġ a ccúis. 46 Má níd peacaḋ ad aġaiḋ, (óir ní ḃfuil duine ar biṫ naċ bpeacuiḋeann,) agus go mbía fearg agad riú, agus go ttoirḃearuiḋ tú don náṁuid íad, iondus go mbéaruid leó a láiṁ íad go tír na náṁad a ḃfad, nó a ḃfogus; 47 Giḋeaḋ má ċuiṁniġid orra féin annsa tír a mbéarṫar a láiṁ íad, agus ma níd aiṫriġe, agus ma ċuirfid a ngearán ċugadsa a ttír na muinntire rug léo a láiṁ íad, ġa ráḋ, Do ṗeacuiḋeamar, agus do rinneamar éigceart, do rinneamar go holc; 48 Agus marsin má ḟillid ċugadsa le na nuile croiḋe, agus le na nuile anam, a ttír a náṁad, noċ rug leó a láiṁ íad, agus go nguiḋfid ċugadsa a leiṫ ré na ndúiṫċe féin, noċ ṫug tú dá naiṫriḃ, ris an caṫruiġ do ṫoġ tú, agus ris an tiġ do ṫóg misi dot aínm: 49 Ann sin éist ṫusa a nguiḋe agus a ngearán a ḃflaiṫeaṁnus ann hionad coṁnuiḋe féin, agus connuiṁ súas a gcúis, 50 Agus maiṫ don ṗobal do ṗeacuiġ ad aġaiḋ, agus a naindliġeaḋ uile leir ṡáruiġeadar ad aġaiḋ, agus taḃair trócaire ḋóiḃ a laṫair na ndáoine rug leó a láiṁ íad, ċor go mbía traúiġe acasan dóiḃ: 51 Oír is íad do ṗobalsa, agus hoiġreaċd íad, noċ ṫug tú amaċ as an Négipt, as lár na fuirnísi íaruinn: 52 Ċor go mbéid do ṡúile foscuilte do ġearán do ṡerḃísiġ, agus do ġearán do ṗobail Israel, do ṫaḃairt aire ḋóiḃ annsa nuile ní da ngoirfid ort ḋá ttáoḃ. 53 Oír do ḋealuiġ tú íad ó ḃeiṫ a measc ḋáoine na talṁan uile, do ḃeiṫ na noiġreaċd agad féin, mar do laḃair tú lé láiṁ Ṁáoise do ṡerḃisiġ, a núair ṫug tú ar naiṫreaċa amaċ as an Négipt, a ṪIĠEARNA Día. 54 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċrioċnuiġ Solaṁ ḃeiṫ ag guiḋe na hurnuiġse uile agus a níarratuis ċum an TIĠEARNA, déiriġ sé as fiaḋnuisé altóra an TIĠEARNA, ó ḃeiṫ ar a ġlúiniḃ maille re na láṁuiḃ leaṫnuiġ súas ċum neiṁe. 55 Agus do ṡeas sé, agus do ḃeannuiġ sé coṁċruinniuġaḋ Israel uile do ġuṫ ḟollusġlan, ġa ráḋ, 56 Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ ṫug suáiṁnios da ṗobal Israel, do réir gaċ éinneiṫe dar ġeall sé: ní ḋeaċaiḋ áon ḟocal aṁáin a ḃfaillíġṫe da ġeallaḋ maiṫ uile, noċ do ġeall sé le láiṁ Ṁaóise a ṡearḃḟoġantuiġ. 57 Go raiḃ an TIĠEARNA ar Ndía línn, aṁuil do ḃí sé le ar naiṫriḃ: ná fagḃaḋ agus ná tréigioḋ sé sinn: 58 Iondus go ccláonaḋ sé ar gcroiḋṫe ċuige féin, do ṡiuḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus do ċoiṁéud a aiṫeantaḋ, agus a reaċda, agus a ḃreiṫeaṁnusa, noċ do aiṫin sé dar naiṫriḃ. 59 Agus gó ráiḃ na bríaṫrasa agumsa, lé ndéarna mé aṫċuinge a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA, a ngar don TIĠEARNA ar Ndía do ló agus doiḋċe, ċor go ccoṫoċuiḋ sé cúis a ṡerḃísiġ, agus cúis a ṗobail Israel gaċ uile uáir, mar ḃías uireasḃuiḋ orra: 60 Ċor go mbía a ḟios ag daóíniḃ an doṁuin uile gur bé an TIĠEARNA as Día, agus naċ ḃfuil aiṫearraċ ann. 61 Bíoḋ ḃur gcroiḋe ar a naḋḃar sin iomlán leis an TTIĠEARNA ar Ndía, do ṡiuḃal iona statúidiḃ, agus do ċoíṁéud a aiṫeantaḋ uile, aṁuil San ló a niuġ. 62 ¶ Agus dofráil an ríġ, agus Israel uile maille ris, ioḋbairt a laṫair an TIĠEARNA. 63 Agus dioḋbair Solaṁ íoḋbairt ofrála síoṫċána, noċ do ofráil sé don TIĠEARNA, ḋá ṁíle ḟiṫċiod daṁ, agus céud agus fiṫċe míle cáora. Marsin do ċoisrig an ríġ agus clann Israel uile tiġe an TIĠEARNA. 64 An la sin féin do ċoisrig an ríġ meaḋón na cúirte do ḃí as coinne ṫiġe an TIĠEARNA: óir is ann sin do ofráil sé íoḋbarṫa loisge, agus ofrála bíḋ, agus méaṫus na hofrála síoṫċána: do ċionn gó raiḃ a naltóir ṗráis do ḃí a laṫair an TIĠEARNA roiḃeag do ġlacaḋ na nofrálaḋ loisge, agus na nofrálaḋ bíḋ, agus méaṫuis na nofrálaḋ síoṫċána. 65 ¶ Agus an tansin do rinne Solaṁ féusta, agus Israel uile na ḟoċair, coiṁṫionól ṁór, ó mar ṫéid tú a steaċ go Hamat go nuige aḃuinn na Hégipte, a laṫair an TTIĠEARNA Día, seaċd la agus seaċd lá, eaḋon ceiṫre lá ḋéag. 66 Ar a noċdṁaḋ lá do ċuir sé an pobal ar siuḃal: agus do ḃeannuiġeadar an ríġ, agus do ċúadar da lóistíniḃ go súgaċ agus go lúaṫġáireaċ a ccroiḋe ar son gaċ uile ṁaiṫeasa dá ndéarna an TIĠEARNA ar son Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiġ, agus ar son a ṗobail Israel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society