Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Palás. 2 Agus grianán Ṡolaiṁ. 13 Le córuġaḋ an teampuil.

1 Aċ do ḃí Solaṁ ag déanaṁ a ṫiġe féin trí blíaḋna déug, agus do ċríoċnuiġ se a ṫiġ uile.

2 ¶ Do ċuir sé súas mar an gcéadna tiġ ḟoraoise Lebanon; céad cuḃad do ḃí ann air fad, agus cáogad cuḃad air leiṫead, agus tríoċad cuḃad air áirde, ar ċeiṫre ṗéirse do ṗiléuruiḃ cédair, agus saltaċa cédair ar na piléuruiḃ.

3 Agus do ḃí sé foluiġṫe lé cédar ós a ċionn ar na saltaċaiḃ, noċ do ḃí air ċúig agus ċeaṫraċad piléur, a cúig déug ann gaċ péirse.

4 Agus do ḃádar fuinnéoga a ttrí ṗéirse, agus solus ar aġaiḋ ṡoluis a ttrí ccúrsa.

5 Agus do ḃádar na doirse agus na postaḋa ceaṫairḃéannaċ, maille ris na fuinnéogaiḃ: agus do ḃí solus ar aġaiḋ ṡoluis a ttrí ccúrsa

6 Agus do rinne se póirse piléur; ann a raiḃ caogad cuḃad air fad, agus trioċad cuḃad air leiṫead: agus do ḃí an póirse ḋá réir sin: agus na piléir eile agus na saltaċa reaṁra ḋa réir sin.

7 ¶ Ann sin do rinne se poirse don ċaṫaóir rioġa mar a mbíaḋ ag breiṫeaṁnus, eaḋon póirse an breiṫeaṁnuis: agus do ḃí foluiġṫe le cédar ó ṫaoḃ don nurlár go ttí an táoḃ oile.

8 ¶ Agus a ṫiġ iona raiḃ sé na ċoṁnuiġe do ḃí cuirt oile an táoḃ a stiġ don ṗoirse, noċ do ḃi don nobair ċéadna. Do rinne Solaṁ tiġ fós dinġin Ṗárao, (noċ ṫug sé na mnáoi,) cosṁuil ris an bpoirsise.

9 ¶ Do ḃádar so uile do ċloċuiḃ mórluáiġ, do reír ṁiosúir ċloċ snoiġte, ar na ngearraḋ le toiriosguiḃ, a stiġ agus amuiġ, eaḋon ó íaċdar go húaċdar, agus mar sin ar an gcuid amuiġ leaṫ ris an gcúirt ṁóir.

10 Agus do ḃí an ḃunáit do ċloċaiḃ mórluáiġ, eaḋon cloċa móra, cloċa do ḋeiċ ccuḃaduiḃ, agus cloċa do oċt ccuḃaduiḃ.

11 Agus do ḃádar ṡuas cloċa mórluáiġ, (do réir ṁiosúir ċloċ snoiġte,) agus cédair.

12 Agus do ḃí an ċuirt ṁór timċioll fa ṫrí ċúrsa do ċloċaiḃ snoiġte, agus cúrsa do ṡaltaċaiḃ cédair, air an moḋ ccéadna an ċúirt do bfaide a steaċ do ṫiġ an TIĠEARNA, agus póirsi an tiġe.

13 ¶ Agus do ċuir an ríġ Solaṁ fios agus ṫug Hiram as Tior ċuige.

14 Buḋ mac baintreaḃuiġ é do ṫreiḃ Naṗtali, agus duine do Ṫior a aṫair, oibriġṫe a bprás: do ḃi se líonta dintleaċd, agus do ṫuigse, agus glic doibriuġaḋ gaċ uile oibre ṗráis. Agus ṫáinic sé ċum Soluiṁ riġ, agus do rinne se a obair uile.

15 ¶ Oír do ṫeilg sé ḋá ṗileur prais, a raḃadar oċt ccuḃaid déug an gaċ piléur ḋíoḃ: agus do ṫigeaḋ corda ḋá ċuḃad déug timċioll gaċ pileur aca.

16 Agus do rinne sé ḋá ċeann do ṗrás leaġṫa, ré a ccur ar ṁullaċ na bpiléur: áirde ċinn dioḃ cúig cuḃaid, agus áirde an ċinn oile cúig cuḃaid.

17 Agus líonraḋ dobair ċrosaiġ, agus fiġeaċám dobair ṡlaḃruiḋ, ċum na gceann do ḃí ar ṁullaċ na bpiléur; a seaċd do ċeann díoḃ, agus a seaċd do ċeann oile.

18 Agus do rinne se na pileír, agus ḋá ċúrsa fá gcuairt ar líonobair ḋioḃ, dfolaċ na ccéann do ḃí ar an mullaċ, maille re pomgranatuiḃ: agus is mar sin do rinne sé ris an gceann oile

19 Agus na cinn do ḃí a mullaċ na bpiléur do ḃádar dobair lile annsa bpóirse, ceiṫre cuḃaid.

20 Agus na cinn ar a dá ṗiléur do ḃí pomgranait orra ṡúas, ṫall as coinne an ḃuilg laíṁ ris a nobair lín: agus do ḃí ḋa ċéud annsna pomgranatuiḃ na ccúrsaḋuiḃ timċioll fa gcuáirt ar an cceann oile.

21 Agus do ċuir sé súas na piléir a bpóirse an teampuill: agus do ċuir sé súas an pileur deas, agus tug sé Iaċin dainm air: agus do ċuir sé an piléur clé súas, agus ṫug Boas dainm air.

22 Agus ar ṁullaċ na bpiléur do ḃí obair lile: mar sin do ḃí obair na bpiléur crioċnuiġṫe.

23 ¶ Agus do rinne sé fairge leaġṫa, deiċ ccuḃaid ón ḃruaċ go ċéile: do ḃí sí cruinn gaċ éantáoḃ, agus do ḃí cuig ccuḃaid na háirde: agus ṫáinic snáiṫe ṫríoċad cuḃad ann a cumpás fa ccúairt timċioll.

24 Agus do ḃádar cnapáin fá na brúaċ ag teaċd na timċioll gaċ éantáoiḃ, a deiċ annsa ċuḃad, ag teaċd timċioll na fairge fa ccuáirt: do ṫeilgioḋ na mill a ndá ċúrsa, a núair do teilgeaḋ é.

25 Do ṡeas sin ar ḋá ḋaṁ ḋeúg, a trí ag féuċuin buḋ ṫuáiġ, a tri ag féuċuin síar, a trí ag féuċuin buḋ ḋeas, agus a trí ag féaċuin soir: agus do suíġeaḋ a nfairge orra ṡuás, agus do ḃí a leiṫ‐deiriġ uile a stiġ.

26 Agus do ḃí leiṫead baise ar ṫiuġeadus ann, agus do ḃí a ḃruaċ sin ar na ḋéanaṁ mar ḃrúaċ cupáin, maille re bláṫuiḃ lile: do ċongṁaḋ sé ḋá ṁíle bát.

27 ¶ Agus do rinne sé deiċ mbása praís; ceiṫre cuḃaid a ḃfad bása ḋíoḃ, ceiṫre cuḃaid na leiṫiod, agus trí cuḃaid na áirde.

28 Agus ar an moḋso do ḃí obair na mbása; agus do ḃí imle orra, agus do ḃí na himle eídir na trasnánuiḃ:

29 Agus ar na himliḃ do ḃí idir na trasnánuiḃ do ḃádar léoṁain, daiṁ, agus ċerubíniġ: agus ar na trasnánuiḃ do ḃí bása ós a ccionn: agus do ḃádar foirlíonta áiriġ déanta debair ṫana faói na léoṁanuiḃ agus na daṁuiḃ.

30 Agus do ḃí ag gaċ ean ḃása ceiṫre roiṫléin ṗráis, agus plátaḋa práis: agus do ḃádar ag na ceiṫre coirnéuluiḃ iomċuir fúṫa: fan laiḃéir do ḃí iomċair leaġṫa ag taoiḃ gaċ foirlíonta.

31 Agus an béul a stiġ annsa ċeann aige agus ṡúas do bá cuḃad é: aċd do ḃí a ḃéul cruinn do réir oibre an ḃása, cubad go leiṫ: agus mar an gcéadna do ḃádar neiṫe greanta ar a ḃéul maille re na nimliḃ, ceaṫairḃeannaċa, ní cruinn.

32 Agus do ḃádar ceiṫre roiṫléin fana nimliḃ; agus mul na roiṫléan céangailte don ḃása: agus dob é áirde an roiṫléin cuḃad agus leaṫ ċuḃad.

33 Agus do ḃí obair na roiṫléan cosṁuil re hobair roiṫléan carbuid: a mula agus a ccrúba, agus a rioġṫaċa, agus a ttar, do ḃádar uile leaġṫa.

34 Agus do ḃádar ceiṫre gaḃla fulaing air ċeíṫre coirnéuluiḃ an ḃása: agus do ḃádar na gaḃla fulaing sin don ḃása féin.

35 Agus do ḃí compás cruinn a mullaċ an ḃása do leaṫċuḃad ar áirde: agus a mullaċ an ḃása do ḃádar a ṫrasnáin agus a imle don ní ċéadna.

36 Oír ar ċaóin na gclár sin, agus ar a nimliḃ, do ġraḃáil sé ċerubíniġ, agus leoṁuin, agus crainn ṗailme, do réir ṁéide gaċ aoin aca, agus a ḃfoirlíonta fa gcnáirt.

37 Ar an moḋsa do rinne sé na deiċ mbása: éan teilgean do ḃí aca uile, éanṁiosúr, agus éainṁéid.

38 ¶ Ann sin do rinne sé deiċ mbáisín práis, do ċongṁaḋ báisín ḋíoḃ ceaṫraċad bát: agus do ḃí ceiṫre cuḃaid ann gaċ éanḃáisín: agus báisín ar gaċ éan ḃása do na deiċ mbásaiḃ.

39 Agus do ċuir sé cúig ḃása ar an ttaóiḃ ndeas don tiġ, agus cúig ar an ttaóiḃ ċlé don tiġ: agus do ṡuiġiḋ sé a nfairge ar an ttáoḃ ndeas don tiġ leaṫ ṡoir as coinne an taóiḃe ó ḋeas.

40 ¶ Agus do rinne Híram na láiḃéir, agus na sluáiste, agus na báisiniġ. Mar sin do ċuir Híram críoċ ar ḋéanaṁ na hoibre uile do rinne don ríġ Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA.

41 An dá ṗiléur, agus an dá ċeannḃulla noċ do ḃí a mullaċ an da ṗiléur; agus an dá líonobair, dfolaċ an dá ċeannḃulla noċ do ḃí ar ṁullaċ na bpiléur;

42 Agus ceiṫre ċéud pomegranat don dá líonobair, eaḋon ḋá ċúrsa pomegranat da gaċ líonobair ḋíoḃ, dfolaċ an dá ċeannḃulla do ḃí ar ṁullaċ na bpiléur;

43 Agus na deiċ mbása, agus na deiċ láiḃéir ar na básaiḃ;

44 Agus éanḟairge aṁáin, agus ḋa ḋaṁ ḋéug fáoi an nfairge;

45 Agus na potaḋa, agus na sluáiste, agus na báisíniḋe: agus ná soiġṫiġsi uile, noċ do rinne Híram don ríġ Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA, do ḃádar na bprás ġléaġlan.

46 A réiteaċ Iordan do ṫeilg an ríġ íad, a ḃfearann na taluṁan buiḋe eidir Ṡuccoṫ agus Ṡartan.

47 Agus dfág Solaṁ na soiġṫiġ uile gan a ccur a coṁṫrom, do ḃríġ go raḃadar ro iomadaṁuil: ní mó friṫ fios coṁṫroim an ṗráis.

48 ¶ Agus do rinne Solaṁ na soiġṫiḋe uile do ḃean re tiġ an TIĠEARNA: a naltóir óir, agus an bórd óir ar a raiḃ an tarán taisbéunta.

49 Agus na coinnleóiriġ dór ḟíorġlan, a cuig ar an ttáoḃ ndeas, agus a cúig ar an taoḃ clé, as coinne a noracuil, maille ré na ḃláiṫiḃ, agus leis na lampaḋuiḃ, agus leis na teanċairiġiḃ óir.

50 Agus na báisíniġ, agus na glantóiriġ, agus na cupáin, agus na spónoguiḋ, agus na túiseóiriġ dór ḟíorġlan; agus na crúcaḋa óir, a ráon do ḋoirsiḃ an tiġe a stiġ, do náit ronáoṁṫa, agus do ḋoirsiḃ an tiġe, mar atá an teampull.

51 Mar sin do críoċnuiġeaḋ a nobair uile do rinne an ríġ Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA. Agus ṫug Solaṁ a steaċ na neiṫe do ċoisríg Dáiḃi a aṫair; eaḋon an tairgiod, agus an tór, agus na soiṫiġe, do ċuir sé a measc ionṁuis ṫiġe an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan