I Rioġ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Cumaḋ, 37 agus cur súas an teampuill. 1 Agus tárla annsa ċeaṫraṁaḋ céud agus ceiṫre fiṫċid bliaḋain tar éis ċloinne Israel do ṫeaċd amaċ as tír na Hégipte, ann sa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain do rioġaċd Ṡoluiṁ ós cionn Israel, ann sa mí Sif, sé sin dara mí, do ṫionnsguin sé tiġ an TIĠEARNA do ċur suás. 2 Agus an tiġ do rinne an ríġ Soluṁ don TIĠEARNA, do ḃí trí fiṫċid cuḃad ar fad ann, agus fiṫċe cuḃad na leiṫead, agus tríoċad cuḃad na áirde. 3 Agus an póirse as coinne ṫeampuill an tiġe, ba fiṫċe cuḃad a ḟad, do reír leiṫid an tiġe; agus deiċ ccuḃaid a leiṫiod as coinne an tiġe. 4 ¶ Agus do rinne sé don tiġ fuinneóga do ṡolus ċuṁaing. 5 ¶ Agus re balla an tiġe gaċ éantáoiḃ do ṫóg sé séomraḋa, timċioll ballaḋa an tiġe fa gcuáirt, éidir ṫeampall agus oracuil: agus do rinne sé séomraḋa fa gcuáirt: 6 An séomra íaċdaraċ do ḃí cúig cuḃaid ar leiṫne ann, agus an séomra láir sé cuḃaid ár leiṫne, agus an treas séomra seaċd ccuḃaid ar leiṫne: óir don táoḃ amuiġ don toiġ do rinne sé bárrdeaḃṫa cuṁang fa gcuairt, ċum naċ beidís na saltaċa ceangailte a mballaḋuiḃ an tiġe. 7 Agus an tiġ, an tan do ḃí sé ḋá ċur súas, do ċloiċ do rinneaḋ é ar na déanaṁ réiġ suil tugaḋ annsin í: iondus naċ clos órd nó túaġ nó ball óirnéisi ar biṫ íarruin annsa tiġ, an fad do ḃí sé ḋa ċur súas. 8 Do ḃí dorus an tséomra ṁéaḋónuiġ ar an ttáoḃ ndeas don tiġ: agus do ṫeiġdis súas don tséomra ṁe ḋónaċ le staiḋriġiḃ casda, agus as an meaḋónaċ don treas. 9 Mar sin do rinne sé an tiġ, agus do ċríoċnuiġ é; agus do ċuir sé ceann air an ttiġ le saltaċaiḃ agus le bórduiḃ cédair. 10 Ann sin do rinne sé séomraḋa timċiell an tiġe uile, cúig cuḃaid ar áirde: agus do ḃádar na luiḋe anonn ar an ttiġ, le haḋmad cédáir. 11 Agus ṫáinic focal an TIĠEARNA ċum Soluiṁ, ḋá ráḋ, 12 ¶ A ttaoḃ an tiġesi atá tú cur súas, má ṡiuḃluiġionn tú am reaċduiḃse, agus mo ḃreiṫeaṁnuis do ċur a néaifeaċd, agus maiṫeanta uile do ċoiṁéad ag siuḃal ionta; coiṁlionfa misi mfocal annsin duitse, noċ do laḃair mé le Dáiḃi haṫair: 13 Agus biaiḋ mé am ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Israel, agus ní ṫréigfe mé mo ṗobal Israel. 14 ¶ Mar sin do rinne Solaṁ an tiġ, agus do ċrioċnuiġ é. 15 Agus do rinne se ballaḋa an tiġe a stiġ do ċláruiḃ cédair, aráon urlár an tiġe, agus na ballaḋa don taóḃ a stiġ: agus dfoluiġ sé táoḃ a stiġ íad lé haḋmad, agus dfoluiġ sé urlár an tiġe le cláruiḃ giuṁuis. 16 Agus do rinne sé fiṫċe cuḃad ar ṫáoḃuiḃ an tiġe, an turlár aráon agus na ballaḋa le cláruiḃ cédair: do rinne sé a stiġ ḋó íad, don oracuil, ansa náit ronaómṫa. 17 Agus an tiġ, martá, an teampall atá as a ċoinne, do ḃí ceaṫraċad cuḃad ar fad ann. 18 Agus do ḃí cedair an tiġe táoḃ a stiġ gráḃálta le cnapuiḋ agus lé bláṫuiḃ oscuilte: do buḋ cédar uile é; ní ḃfacus cloċ ann. 19 ¶ Agus do ġléus sé an toracuil a stiġ annsa tiġ, do ċur aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA ann. 20 Agus do ḃí annsa ċuid ṫosuiġ don noracuil fiṫċe cuḃad air fad, agus fiṫċe cuḃad air leiṫead, agus fiṫċe cuḃad air áirde: agus dfoluiġ sé é lé hór fiorġlan; agus as marsin dfoluiġ sé a naltóir ċedair. 21 Marsin do ċuir Solaṁ fólaċ táoḃ a stiġ don tiġ dór ḟíorġlan: agus do rinne sé lanntaóir ag na slaḃraḋuiḃ óir as coinne an noracuil; agus do ċuir folaċ dór air 22 Agus dfoluiġ sé an tiġ uile le hór, nó gur críoċnuíġ sé an tiġ uile: dfóluiġ sé mar an gcéadna a naltóir do ḃí láiṁ ris a noracuil le hór. 23 ¶ Agus do rinne sé ḋá ċerubín a stiġ san oracuil do ċrann ola, deiċ ccuḃaid ar áirde ann gaċ áon díoḃ. 24 Agus do ḃí cúig cuḃaid a sciaṫán don ċerubín, agus cúig cuḃaid ansa sciaṫán oile don ċerubín: ón ccuid dob ḟaide amaċ daon sciaṫán go nuige an ccuid dob ḟaide amaċ don sciaṫán oile do ḃádar déiċ ccuḃaid. 25 Agus do ḃí deiċ ccuḃaid annsa ċerubín oile: do ḃádar an dá ċerubín déanṁiosúr agus déanṁéid. 26 Do ḃí deiċ ccuḃaid ar áirde ann aon ċerubín, agus as marsin do ḃí annsa ċerubín oile. 27 Agus do ṡuiġiḋ sé na ċerubiniġ annsa tiġ do bfaide a steaċ: agus do ṡíneadar na ċerubiniġ a sciaṫáin amaċ, iondus gur ḃean sciaṫan áon ċerubin díoḃ ris an mballa, agus gur ḃean sciaṫán an ċerubin oile ris an mballa oile; agus do ḃeanadar na sciaṫáin ré ċéile a meaḋon an tiġe. 28 Agus dfoluiġ se na ċerubiniġ le hór. 29 Agus do ḃreacuiġ sé ballaḋa an tiġe uile fa gcuairt le fioġraċuiḃ breacuiġe ċerubiniġ agus ċrann pailme agus luiḃioun oscuilte, a stiġ agus a muiġ. 30 Agus dfoluiġ se urlár an tiġe lé hór, a stiġ agus amuiġe. 31 ¶ Agus do ḋorus an noracuil do rinne sé coṁluiġ do ċrann ola: ba hé an cúigeaḋ cuid don ḃalla an fárdorus agus na hursanna. 32 Do ḃádar an dá ḋorus mar an gcéadna do ċrann ola; agus do ġearr sé orra sin breacuġaḋ ċerubiniġ agus ċrann pailme agus ḃlaṫa oscuilte, agus dfoluiġ sé íad le hór, agus do ṡraṫnuiġ sé ór air na ċerubiniḃ, agus ar na crannuiḃ pailme. 33 Mar sin fós do rinne sé do ḋorus an teampuill postaḋa do ċrann ola, an ceaṫraṁaḋ cuid don ḃalla. 34 Agus do ḃádar an dá ḋorus do ċrann giuṁuis: do ḃadar ḋá ḋuilleóig ḋoruis díoḃ ag filleaḋ, agus ḋá ḋuilleóig ḋoruis oile ag filleaḋ. 35 Agus do ġearr sé orra sin ċerubiniġ agus crainn ṗailme agus bláṫa oscuilte: agus dfoluiġ sé íad lé hór cumṫa leis a nobair ġéarrṫa. 36 ¶ Agus do ċuir sé súas an cúirt a stiġ lé trí ṗéirsiḃ do ċloċaiḃ snoiġte, agus sé ṗéirse do ṡaltaċaiḃ cédair, 37 ¶ Ann sa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain do suiġeaḋ bunáit ṫiġe an TIĠEARNA, annsa mí Sif. 38 Agus ansa naonṁaḋ blíaḋain déug a mí Bul, (noċ así an toċdṁaḋ mí), do ċríoċmuġeaḋ é ann gaċ uile ċuid de, agus réir gaċ uile ċuma ḋe. Marsin do ḃí sé seaċd mblíaḋna ḋá ḋéanaṁ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society