I Rioġ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Tug Híram aḋmad agus sáoir do Ṡolaṁ, a bfreasdal an teampuill. 1 Agus do ċúir Híram ríġ Tíor a ṡeirḃisiġ go Solaṁ; a núair do ċúaluiḋ sé gur ungadar ná ríġ a nionad a aṫar é: óir bá caruid do Ḋáiḃi Híram a ríaṁ. 2 Agus do ċuir Solaṁ fios go Híram, ġa raḋ, 3 Atá a ḟios agadsa ciondus nar ḟéud maṫair Dáiḃi tiġ do ċur súas dainm a ṪIĠEARNA Dé, do ḃríġ an ċogaiḋ do ḃí na ṫimċioll ann gaċ uile ṫáoḃ, nó gur ċuir an TIĠEARNA fáoi ḃonnuiḃ a ċos íad. 4 Aċd anois ṫug mo TIĠEARNA Día súaiṁnios air gaċ áontáoḃ, iondus naċ ḃfuil náṁuid ná olc ag teaċd orum. 5 Agus, féuċ, is mían leam tiġ ċur súas dainm mo ṪIĠEARNA Dé, mar do laḃair an TIĠEARNA rem aṫair Dáiḃi ga ráḋ, Do ṁac, noċ ċuirfios mé ad ionad, ann do ċaṫaoir ríoġa, cuirfe sé tiġ súas dom ainmsi. 6 Anois ar a naḋḃarsin taḃair aiṫne go ngéarrfaid daṁsa crainn cédair an Lebanon; agus béid mo ṡearḃḟoġantuiġiḋsi maille led ṡearḃḟoġantaiḃse: agus do ḃéara mé tuárusdal do ṡerḃiseaċ ḋuitse do réir gaċ a noirdeoċa tú féin: óir ata a ḟios agad naċ ḃfuil eadruinne dáoine aga ḃfuil eólus ar aḋmad do ġearraḋ cosṁuil ris na Sidónianaċaiḃ. 7 ¶ Agus, tárla, a núair do ċúaluiḋ Hiram bríaṫra Ṡoluiṁ, go ndeárna lúaṫġáire ṁór, agus a duḃairt, Go maḋ beannuiġ a niuġ an TIĠEARNA, noċ ṫug do Ḋáiḃi mac glic ós cionn an ṗobail mbóirse. 8 Agus do ċuir Híram fios go Solaṁ, ġa ráḋ, Do ṁeas mé na neiṫe air ar ċuir tú fios ċugam: agus do ḋéana mé do ṫoil uile a ttaoḃ aḋmaid Cédair, agus a ttaoḃ aḋmuid giuṁuis. 9 Béaruid mo ṁuinntirse síos íad ó Lebanon go nuige an ḃfairge: agus cuirfe mé ar siuḃal íad ar fairge a mbáduiḃ go nuige a náit a nóirdeoċa tú ḋaṁ, agus do ḃéara mé fa deara a ḃfágḃáil ann sin, agus glacfa tusa íad: agus coiṁlíonfa tú mo ṫoil, a mbíaḋ do ṫaḃairt dom ṁuinntir. 10 ¶ Marsin ṫug Híram crainn cédair do Ṡolaṁ, agus crainn giuṁuis mar ba mían leis. 11 Agus ṫug Solaṁ do Híram fiṫċe míle miosúr cruiṫneaċda mar ḃeaṫa da ṁuinntir, agus fiṫċe miosúr dola ḟiórġlain: marso do ḃeireaḋ Solaṁ do Híram ó ḃlíaḋuin go blíaḋuin. 12 Agus ṫug an TIĠEARNA eagna do Ṡolaṁ, mar do ġeall sé ḋó: agus do ḃí síoṫċáin eidir Ṡolaṁ agus Híram; agus do rinneadar aráon ceangal re ċéile. 13 ¶ Agus do ṫóg an riġ Solaṁ éirġe‐amaċ ó Israel uile; agus do ḃí an néirġe‐amaċ tríoċad mile fear. 14 Agus do ċuir sé go Lebanon íad, deiċ míle an sa mí gaċ re núair: do ḃidis mí a Lebanun, agus ḋá ṁí san mbaile: agus do ḃí Adoniram ós cionn na heírġe‐amaċ. 15 Agus do ḃí ag Solaṁ trí fiṫċid agus deíċ mile noċ diomċraḋ úaluiḋe, agus ceiṫre fiṫċid mile snoiġeadóir ann sna sléiḃtiḃ; 16 Taoḃ amuiġ do na húaċdaránuiḃ do ḃí air oifigeaċaiḃ Ṡoluiṁ noċ do ḃí ós cionn na hoibre, trí ṁíle agus trí ċéad, do ríaġlaḋ ós cionn na ndaóineaḋ do oibriġ an sa nobair. 17 Agus dfuágair an ríġ, agus tugadar cloċa móra leó, cloċa mórluaiġ, agus cloċa snoiġte, do ċur bunaíte an tiġe na ṡuiḋe. 18 Agus sáoir Ṡoluiṁ agus saóir Hiram, agus na snoiġeadóiriġ cloċ do ṡnoiġeadar íad: mar sin do ġléusadar aḋmad agus cloċa do ċur an tiġe súas. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society