Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Greaġnacus, 20 riaġluġaḋ, 29 agus gliocas Ṡolaiṁ.

1 Mar sin do ḃí an ríġ Solaṁ na ríġ ós cionn Israel uile.

2 Agus a síad so na prionnsaḋa do ḃí aige; Asariah mac Sádoc an sagart,

3 Elihereṗ agus Ahiah, mic Ṡisa, na scriḃnéoruiḃ; Iehosaṗat mac Ahilud, na ṡeanċuiġ.

4 Agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn an tslóiġ: agus dob íad Sádoc agus Abiatar na sagairt:

5 Agus Asariah mac Nátán ós cionn na noifigeaċ: agus bá he Sabud mac Nátain prioṁ‐oifigeaċ, cara an ríġ:

6 Agus do ḃí Ahisar ós cionn an teaġluiġ: agus Adoniram mac Abda ós cionn a náirdċíosa.

7 ¶ Agus do ḃádar ḋá ḟear ḋéug doifigeaċaiḃ ag Solaṁ ós cionn Israel uile, noċ do ṡoláraḋ beaṫaḋ don ríġ agus dá ṫeaġlaċ: do níoḋ gaċ áon aca ullṁuġaḋ ann a ṁí féin san mbliaḋuin.

8 Agus a síad so a nanmanna: Mac Hur, a slíaḃ Eṗraim:

9 Mac Decar, ann Macas, agus ann Saalbim, agus a Mbet‐semes, agus a Nelon‐bet‐hanan:

10 Mac Hesed, ann Arubot; is ris do ḃcan Soċoh, agus dúiṫċe Héṗer uile:

11 Mac Abinadab, a ttír Dor uile; agá raiḃ Taṗat inġean Ṡoluiṁ na mnaói.

12 Baana mac Ahilud; as ris do ḃean Taanaċ agus Megiddo, agus Betsean uile, noċ atá láiṁ re Sartana taóiḃ ṡíos do Iesreel, ó Ḃet‐sean go Habelmeholah, go nuige táoḃ ṫall do Iocneam:

13 Mac Ġéber, ann Ramot‐Gílead; ba leis bailte Iair mic Manasseh, noċ até a Ngilead; ba leis mar an gcéadna tír Argob, noċ atá ann Básan, trí fiṫċid caṫair ṁór go mballaḋuiḃ agus mbarraḋuiḃ práis.

14 Aċinadab mac Iddo is aige do ḃí Mahanaim:

15 Ahimaas do ḃí ann Naṗtali; a sé ṫug mar an gcéadna Basmat inġean Ṡoluiṁ na mnaói.

16 Baanah mac Ċúsai do ḃí ann Aser agus ann Alot:

17 Iehosaṗat mac Paruah, ann Issaċar:

18 Simei ṁac Elah, ann Beniamin:

19 Geber ṁac Uri do ḃí a ttír Ġílead, a ttír Ṡihon ríġ na Namoriteaċ, agus Og ríġ Básan; agus dob eision aṁaín oifigeaċ na tíre uile.

20 ¶ Do ḃí Iúdah agus Israel liónṁar, mar an ngaineaṁ ḃíos láiṁ ris an ḃfairge ar líonṁaireaċd, ag iṫe agus ag ól, agus ag déanaṁ súgaiḋ.

21 Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.

22 ¶ Agus do bé bíaḋ Ṡoluiṁ a neanló aṁáin tríoċad miosúr do ṗlúr ṁín, agus trí fiṫċid miosúr mine,

23 Deiċ ndaiṁ ḃíata, agus fiṫċe daṁ don ninnḃear amuiġ, agus céad cáora, táoḃ amuiġ do ċáirrḟiaḋuiḃ, agus do ṗocaiḃ fionna, agus dfíaḋuiḃ rúaḋ, agus déunlaiṫiḃ bíata.

24 Oír do ḃí tiġearnas aige ós cionn na tíre uile don táoiḃse don naḃuin, ó Ṫiṗsah air fad go Hassah, ós cionn na ríoġ uile don táoiḃse don naḃuinn: agus do ḃí sióṫċaín aige ann gaċ uile ṫaoḃ na ṫimċioll.

25 Agus do ċoṁnuiḋ Iúdah agus Israel go socair, gaċ uile ḋuine fana ḟíneaṁuin agus fána ċrann fíge féin, ó Ḋan go Beerséba, an fad do ṁair Solaṁ.

26 ¶ Agus do ḃí ag Solaṁ ḋa ḟiṫċiod míle mainnseár eaċ da ċarbadaiḃ, agus dá ṁíle ḋéug marcaċ.

27 Agus dullṁaiġedís na hoifigiḋ sin bíaḋ do Ṡolaṁ an ríġ, agus a nuile ní dá ttigeaḋ go bórd an ríġ Solaṁ, gaċ áon aca ann a ṁí féin: ní ḃíoḋ éinní deasḃuiḋ orra.

28 Do ḃeirdís mar sin eórna agus tuiġe da neaċaiḃ agus dá neaċaiḃ coiṁlionga go nuige a náit a mbídís na hoifigiḋ, gaċ éanduine do réir a úaluiġ féin.

29 ¶ Agus ṫug Día gliocus agus tuigsi do Ṡolaṁ go hanṁór, agus fairsinge ċroiḋe, aṁuil mar ḃíos an gainioṁ atá ar ṫraíġ na fairge.

30 Agus do ṡáruiġ gliocus Ṡoluiṁ críonnaċd ċloinne a noirṫir uile, agus gliocus na Hégipte uile.

31 Oír ba glioca é ná dáoine an doṁuin uile; ná Etan an Tesrahíteaċ, agus Héman, agus Ċalcol, agus Darda, clann Ṁahol: agus do ḃí a iomráḋ annsa nuile ċríċ air gaċ éantáoiḃ.

32 Agus do laḃair sé trí ṁíle seanḟocal, agus a ḋánta do ḃádar mile agus a cúig.

33 Agus do laḃair se ar ċrannuiḃ, ón ċrann céadair atá a Lebanon go nuige an nisoíp ḟásas amaċ as an mballa: do laḃair sé mar an gcéadna ar ainṁintiḃ, agus air eunlaiṫe, agus air ċréatúiriḃ snáṁaċáin, agus air íascaiḃ.

34 Agus tangadar do nuile ḋroing déisteaċd ré gliocus Ṡoluiṁ, ó ríoġaiḃ an doṁuin uile, do ċúala teaċd tar a eagna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan