I Rioġ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Solaṁ ag iarraiḋ tuigse a ttús. 12 Do fuair fos ó Ḋía, saiḋḃreas agus onóir. 1 Agus do rinne Solaṁ cleaṁnus re Ṗárao ríġ na Hégipte, agus ṫug sé inġean Ṗárao, agus rug leis í go caṫruiġ Ḋáiḃi, nó gur ċríoċnuiġ a ṫiġ féin do ċur súas, agus tiġ an TIĠEARNA, agus balla Ierusalem timċioll fa gcuáirt. 2 ¶ Aṁaín do nídís an pobal íoḋbuirt air na hárduiḃ, do ḃríġ nar tógḃaḋ fós tiġ dainm an TIĠEARNA gus na laéṫiḃsin. 3 Agus do ġráḋuiġ Solaṁ an TIĠEARNA, ag imṫeaċd a statúidiḃ Ḋaiḃi a aṫar: aṁaín do níoḋ sé íoḋbairt agus do loisceaḋ túis ar na hárduiḃ. 4 Agus do ċuáiḋ an ríġ go Gibeon díoḋbuirt ann sin; óir do bé sin an tárd mór: míle ofráil loisge dofráil Solaṁ ar a naltóir sin. 5 ¶ A Ngibeon do taiḃreaḋ an TIĠEARNA a naisling do Ṡolaṁ annsa noiḋċe: agus a duḃairt Día, Iarr cred ḃéaras mé ḋuit. 6 Agus a duḃairt Solaṁ, Do ṫaisbéin tú dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair trócaire ṁór, do réir mar do ṡiuḃail sé ad ḟiaḋnuise a ḃfírinne, agus a ndioġruis, agus a ḃfíreantaċd croiḋe maille riotsa; agus do ċoiṁéud tú ḋó an cinéul mórso, go ttug tú ḋó mac do ṡuiḋe iona ċaṫaoir ríoġa, mar atá a niuġ. 7 Agus anois, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do rinne tú ríġ dot ṡearḃḟoġantuiġ a náit Ḋaiḃi maṫar: agus misi am leanaṁ ḃeag: ní ḟeadair me cionnus do raċuinn amaċ nó do ṫiocfuinn a steaċ. 8 Agus atá do ṡearḃḟoġantuiġ a lár do ṗobail noċ do ṫoġ tú, pobal mór, naċ féidir áireaṁ nó ṁeas air iomadaṁlaċd. 9 Taḃair ar a naḋḃarsin dot ṡearḃḟoġantuiġ croiḋe tuigseaċ do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air do ṗobail, ċor go ttuigfe mé eidir an maiṫ agus an tolc: óir cía ḟeadas breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ air do ṗobalsa atá coṁmór so? 10 Agus do ṫaitin an glór ris an TTIĠEARNA, gur íarr Solaṁ an níse. 11 Agus a duḃairt Día ris, Dó ḃríġ gur íarr tú an níse, agus nar íarr tú ḋuit féin sáoġal fada; agus nar íarr tú saiḋḃrios duit féin, agus nar íar tú bás do náṁad; aċd gur íarr tu ḋuit féin tuigse do lérḟaicsin breiṫeaṁnuis; 12 Féaċ, do rinne mé do réir ṫfocail: féaċ, ṫug mé ḋuit croiḋe glic tuigseaċ; iondus naċ raiḃ éanduine cosṁuil riot roṁad, ni mó éireoċus éanduine ad ḋiáiġ buḋ cosṁuil riot. 13 Agus ṫug mé ḋuit mar an gcéadna an ní naċ ar íarr tú, saiḋḃrios aráon, agus onóir: iondus naċ mbiáiḋ aon cosṁuil riot a measc na rioġ ar feaḋ do ḃeaṫa uile. 14 Agus má ṡiuḃluiġionn tú am ṡliġṫiḃsi, do ċoiṁéud mo reaċda agus maiṫeanta, mar do ṡiuḃail haṫair Dáiḃi, ann sin faideoċaiḋ mé do laeṫe. 15 Agus do ṁúscail Solaṁ; agus, féuċ, dob aisling í. Agus ṫáinic sé go Hierusalem, agus do ṡeas a ḃfíaḋnuise aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus dioḋbuir sé ofrála síoṫċána, agus do rinne sé féusta ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ uile. 16 ¶ Ann sin ṫangadar días ban, do ḃí na meirdreaċaiḃ, ċum an ríġ, agus do ṡeasadar iona ḟíaḋnuise. 17 Agus a duḃairt bean díoḃ, ó a ṪIĠEARNA, coṁnuiġim féin agus an ḃeanso a néintiġ; agus rug misi leanaṁ na foċair annsa tiġ. 18 Agus tárla an treas lá tar éis a ḃearṫa ḋaṁ, go rug an ḃeansa leanaṁ mar an gcéadna: agus do ḃámar a ḃfoċair a ċéile; agus ní raiḃ coiṁiṫeaċ ar biṫ ar ḃfarraḋ ann sa tiġ, aċd sin féin aráon annsa tiġ. 19 Agus fuáir leanaṁ na mnása bás annsa noiḋċe; tre mar do ṫromluiḋ sí air. 20 Agus déiriġ sí san meaḋón oiḋċe, agus rug sí mo ṁac uaimsi óm ṫáoḃ, ar mbeiṫ dot ḃanóglaiċ na codblaḋ, agus do ċuir sí iona brollaċ é, agus do ċuir sí a leanaṁ marḃ ann mo ḃrollaċsa. 21 Agus a nuáir déiriġ mé ar maidin do ṫaḃairt cíċe dom leanaṁ, feuċ, do ḃí sé marḃ, aċt a nuáir dféaċ mé air maidin go grinn air, féuċ, ni hé mo ṁac do ḃí ann, noċ do rug mé. 22 Agus a duḃairt an ḃean oile, Ní heaḋ; aċt is liomsa an mac béo, agus isé an marḃ do ṁacsa. Agus a duḃairt sisi, Ní heaḋ; isé an marḃ do ṁacsa, agus an beó mo ṁacsa. Marso a deirdís a laṫair na ríġe. 23 Ann sin a duḃairt an ríġ, A deir si so, Sé so mo ṁacsa atá béo, agus a sé do ṁacsa an marḃ: agus a deir sí súd, Ní heaḋ; aċd is é do ṁacsa atá marḃ, agus mo ṁacsa béo. 24 Agus a duḃairt an ríġ, Tugṫar cloiḋeaṁ ċugam. Agus tugaḋ cloiḋeaṁ ċum an ríġ. 25 Agus a duḃairt an ríġ, Roinniḋ an leanaḃ béo na ḋá cuid, agus taḃruiḋ leaṫ dáon aca, agus leaṫ don ṁnaói oile. 26 Ann sin do laḃair an ḃean ler leis an leanaḃ béo ris an ríġ, (oir do ḃí a hionaṫar ar crioṫ fá na mac féin), agus a duḃairt sí, O mo ṫiġearna, taḃair ḋise an leanaḃ béo, agus ná marḃ é air eanċor. Aċd a duḃairt an ḃean oile, Ná bíoḋ sé agamsa nó agadsa, aċd róinntear é. 27 Ann sin do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt sé, Taḃruiḋ ḋise an leanaḃ béo, agus na marḃuiḋ ar éanċor é: a sí a ṁaṫair í. 28 Agus do ċúala Israel uile an ḃreaṫ rug an ríġ; agus do ḃí eagla an ríġ orra: óir do ċonncadar go raiḃ gliocus Dé ann, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society