Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII. Ahab tré impiḋe na bfáġa mealltaċ, do ċúaiḋ se amaċ, agus do ṫuit sé san ċaṫ. 41 Deaġ rioġaḋ Iehosaṗat.

1 Agus dfanadar trí blíaḋna ganċogaḋ idir Ṡíria agus Israel.

2 Agus tárla a ccionn an treas bliaḋan, go táinic Iehosaṗat ríġ Iúdah sios go ríġ Israel.

3 Agus a duḃairt ríġ Israel ré na ṁuinntir, Naċ ḃfuil a ḟios aguiḃsi gur linne Rámot an Gílead, agus sinn ar ttáṁ marso, gan a búain amaċ as láiṁ ríġ na Síria?

4 Agus a duḃairt sé re Iehosaṗat, An raċa tusa liomsa a ccaṫ go Rámotġílead? Agus a duḃairt Iehosaṗat re ríġ Israel, Atáimsi mar atá tusa, mo ṁuinntir mar do ṁuinntir, meiċ mar heaċruiḋ.

5 ¶ Agus a duḃairt Iehosaṗat re ríġ Israel, Guiḋim ṫú, fíafruiġ, bríaṫar an TIĠEARNA a niuġ.

6 Ann sin do ċruinniġ ríġ Israel na fáiġe a gcionn a ċéile, timċioll ċeiṫre ċéud fear, agus a duḃairt riu, An raċa mé a naġaiḋ Rámot‐ġílead do ċur caṫa, nó an léigfiḋ me ḋo? Agus a duḃradarsan, Imṫiġ súas; óir toirḃeora an TIĠEARNA a láiṁ an ríġ í.

7 ¶ Agus a duḃairt Iehosaṗat, Naċ ḃfuil fáiġ leis an TTIĠEARNA annso taoḃ amuiġ ḋioḃso, go ḃfíafruiġmis de?

8 Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós éanduine aṁáin, Micaiah ṁac Imlah, tre a ḃféudam fíafriuġaḋ don TIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agumsa air; óir ní ṫairġirionn maiṫ ḋaṁ, aċ olc. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ sin.

9 Ann sin do ġoir ríġ Israel oifigeaċ, agus a duḃairt, Deiṫfriġ annso Micaiah ṁac Imlah.

10 Agus do ṡuiġ ríġ Israel agus Iehosaṗat ríġ Iúdah gaċ aon na ċaṫaoir ríoġa, ar ccur a róbaḋa umpa, a nionad ḟolaṁ a ndul a steaċ ġeata Ṡamária; agus na faíḋe uile ag fáiḋedóireaċd da laṫair,

11 Agus do rinne Sedeciah mac Ċenaanah aḋarca íaruinn dó feín: agus a duḃairt, Is marso a deir an TIĠEARNA, Leó so ċnagfus tú na Sírianuíġ, nó go sgriosfa tú íad.

12 Agus do ṫairġireadar na fáiḋe uile marsin, ġa ráḋ, Eiriġ súas go Rámot‐ġilead, agus go néirġe leaċd: óir do ḃéara an TIĠEARNA a láiṁ an ríġ í.

13 Agus an teaċdaire do ċuáiḋ do ġairm Ṁicaiah do laḃair sé ris, ga ráḋ, Feúċ a nois, fóillsiġid bríaṫra na ḃfáġ ní maiṫ don ríġ le héinḃéul: guiḋim ṫú, bioḋ ṫfocalsa mar ḟocal duine aca, agus laḃair an ní is maiṫ

14 Agus a duḃairt Micaiah, Mar ṁairios an TIĠEARNA, giḋ bé déaras an TIĠEARNA riomsa, isé sin laiḃéorad.

15 ¶ Marsin ṫaínic sé ċum an ríġ. Agus a duḃairt an ríġ ris, A Ṁicaiah, an raċam a naġaiḋ Rámot‐ġílead do ċaṫuġaḋ, nó an léigfeam ḋi? Agus do ḟreagair sesion é, Imṫiġ, agus beir buáiḋ: óir do ḃéara an TIĠEARNA í a láiṁ an ríġ.

16 Agus a duḃairt an ríġ ris, Ca ṁéid úair ṁinneoċus mé ṫú naċ inneosa tú éinni ḋaṁ aċt an ní ḃías fírinneaċ a nainm an TIĠEARNA?

17 Agus a duḃairt seision, Do ċonnairc mé Israel uile spreiḋte ar na cnocaiḃ, mar ċáorċuiḃ ag naċ bíaḋ áoḋuire: agus a duḃairt an TIĠEARNA, Ní ḃfuil maiġistir orra so: filledís gaċ aon aca ḋa ṫiġ a síoṫċáin.

18 Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Naċ ar innis mé ḋuit naċ déanaḋ sé fáistine ar biṫ ṁaiṫ dom ṫáoḃsa, aċd olc?

19 Agus a duḃairt seision, Eistse ar a naḋḃarsin bríaṫar an TIĠEARNA: do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡuiḋe iona ċaṫaoir, agus slóiġ ḟlaiṫeaṁnuis uile na seasaṁ na ḟoċair ar a laiṁ ḋeis agus air a láiṁ ċlé:

20 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Cía ḃéaras ar Ahab dul súas lé ttuitfeaḋ sé a Rámot‐gílead? Agus a duḃairt áon marso, agus áon mar súd.

21 Agus ṫáinic spiorad amaċ, agus do ṡeas a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, agus a duḃairt, Do ḃéara misi air é.

22 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Cía leis? Agus a duḃairt seision, Raċa mé amaċ, agus biáiḋ mé am spiorad ḃréagaċ a mbéul a ḟáġ uile. Agus a duḃairt seísion, Cuirfiḋ tú impiḋe air, agus fós buáiḋeoċuiḋ tú: éiriġ amaċ, agus déana sin.

23 Anois uimesin, féuċ, do ċuir an TIĠEARNA spiorad bréagaċ a mbéul na ḃfáġsa agadsa uile, agus do laḃair an TIĠEARNA olc dot ṫaóiḃ.

24 ¶ Aċd ṫáinic Sedeciah mac Ċenaanah a ḃfogus, agus do ḃuáil sé Micaiah ar an leaċin, agus a duḃairt, Cía an tsliġe ar ġaḃ Spiorad an TIĠEARNA uáimse do laḃairt riotsa?

25 Agus a duḃairt Micaiah, Féuċ, do ċífe tú sin annsa ló, a raċa tú a seomra a ḃfad a steaċ dot ḟolaċ féin.

26 Agus a duḃairt ríġ Israel, Glacaiḋ Micaiah, agus beiríġ liḃ é air a ais go Hámon úaċtarán na caiṫreaċ, agus go Ioas mac an ríġ;

27 Agus abruiḋ, Is mar so a deir an ríġ, cuir an fearso a bpriosun, agus beaṫuiġ é lé harán an doilġis agus lé huisge an doláis, nó go ttige misi a síoṫċáin.

28 Agus a duḃairt Micaiah, Má ṫig tú ar éanċor a síoṫċain, níor laḃair an TIĠEARNA ṫríomsa. Agus a duḃairt seision, Eistiġe, a ṗobal, gaċ eile ḋaoíḃ.

29 ¶ Marsin do ċúaiḋ ríġ Israel agus Iehosaṗat ríġ Iúdah súas go Ramot‐ġílead.

30 Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Cuirfiḋ misi mé féin a naṫarraċ croṫa, agus raċad san ċaṫ; aċd cuirsi do róbaḋa ort. Agus dfoluiġ ríġ Israel é féin, agus do ċuáiḋ san ċaṫ.

31 ¶ Aċt do aiṫin ríġ na Síria da ḋá ċaiptin déug agus fiṫċe, agá raiḃ ríaġlaḋ ós cionn a ċarbad, ġa ráḋ, Ná troidiġ re neaċ beag nó mor, aċt a ṁáin ré riġ Israel.

32 Agus tárla, an tan do ċoncadar caiptíniġ na ccarbad Iehosaṗat, go nduḃradar, Go deiṁin isé súd riġ Israel. Agus dfilleadar a leaṫtaoḃ do ṫroid ris: agus do ġoir Iehosaṗat na coṁairc.

33 Agus tárla, a nuáir do aiṫniġeadar caiptíniġ na ccarbad nár ḃé ríġ Israel é, gur ḟilleadar ar a nais óna ṫórniġeaċd.

34 ¶ Agus do ṫarruing duine eígin boġa go teagṁuiseaċ, agus do ḃuáil sé ríġ Israel eidir altuiḃ an scabail: uimesin a duḃairt sé ré na ċóisteóir, Iompóiġ do láṁ, agus beir amaċ as a tslúaġ me; óir atáim loitiḋ.

35 Agus do ṁéuduiġ an caṫ an lá sin: agus do congṁaḋ an ríġ súas iona ċarbad a naġaiḋ na Sírianaċ, agus fúair sé bás tráṫnóna: agus do riṫ a nfuil as an ccneiḋ amaċ go lár an ċarbuid.

36 Agus tugaḋ fúagra ar feaḋ an tsloiġ timċioll ḋul faoi na gréine, ġa ráḋ, Imṫiġeaḋ gaċ uile ḋuine ḋá ċaṫruiġ, agus gaċ uile ḋuine ḋá ṫír feín.

37 Marsin déug an ríġ, agus tugaḋ é go Samária; agus do aḋlaiceadar an ríġ a Samária.

38 Agus do niġ duine an carbad a loċán Ṡamária; agus do liġeadar na madruiġ a ḟuil súas; agus do niġeadar a eídeaḋ; do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA noċ do laḃair sé.

39 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ahab, agus a nuile ní dá ndearna sé, agus an tiġ do rinne sé do ioṁóg, agus na huile ċaiṫreaċa dar ċuir sé súas, naċ ḃfuilid siád scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel?

40 Mar sin do ċoduil Ahab a ḃfoċair a aiṫreaḋ; agus do ríoġaḋ Ahasiah a ṁac na aít.

41 ¶ Agus do ṫosuiġ Iehosaṗat mac Asa a rioġaċd ós cionn Iúdah annsa cceaṫraṁaḋ blíaḋan do Ahab ríġ Israel.

42 Do ḃí Iehosaṗat cúig ḃlíaḋna air ṫríoċad dáois a núair do ṫosuiġ sé a ríġe; agus do ḃí na ríġ cúig ḃlíaḋna fiṫċiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a ṁaṫar Asuba inġean Ṡilli.

43 Agus do ṡiuḃail sé a sliġṫiḃ Asa a aṫar; níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ uaḋ, ag déanaṁ an neiṫe fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA: giḋeaḋ niór cuireaḋ na háite árda ar ccúl; óir do íoḋbraidís an pobal agus do loisgedís fós túis annsna háitiḃ árda.

44 Agus do rinne Iehosaṗat síoṫċain ré ríġ Israel.

45 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁúiḃ Iehosaṗat, agus na cuṁaċda do ṫaisbéin se, agus cionnus do rinne sé cogaḋ, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?

46 Agus ar ṁair do na Sodomítiḃ, noċ dfan a laéṫiḃ a aṫar Asa, do ċuir sé as a tír íad.

47 Ni raiḃ ansin ríġ ar biṫ ann Edom: fear ionaid ríġ do ḃí na ríġ.

48 Do rinne Iehosaṗat luingios do Ṫarsis do ḋul go Hóṗir ar ċeann óir: aċd níor imṫiġeadar; óir do ḃriseaḋ na lunga ag Hésion‐géber.

49 Annsin a duḃairt Ahasiah mac Ahab re Iehosaṗat, Léig do mo ṡeirḃíseaċaiḃse dul le do ṁuinntir annsna longaiḃ. Aċd níor ḃáill lé Iehosaṗat sin.

50 ¶ Agus do ċoduil Iehosaṗat agá aiṫriḃ, agus do haḋlaiceaḋ a ḃfoċar a aiṫreaḋ é a ccaṫraiġ Ḋáiḃí a aṫar: agus do ríoġaiḋ Iehoram a ṁac ná áit.

51 ¶ Do ṫosuiġ Ahasia mac Ahab riaġlaḋ ós cionn Israel a Samária an seaċdṁaḋ blíaḋan deúg do Iehosaṗat ríġ Iúdah, agus do ḃí na ríġ ḋa ḃlíaḋuin air Israel.

52 Agus do rinne sé olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃuil a sliġe a aṫar, agus a sliġe a ṁaṫár, agus a sliġe Ieroboam ṁic Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ.

53 Oír do rinne sé serḃís do Ḃáal, agus do onóruiġ sé é, agus do ḃrostaiġ sé an TIĠEARNA Día Israel ċum feirge, do reír a nuile ní dá ndeárnuiġ a aṫair.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan