Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI. Eageóir Ahab attaoḃ Nábot.

1 Agus tárla a ndiáiġ na neiṫeannsa, go raiḃ fíneaṁuin ag Nábot an Tiesreelíteaċ, noċ do ḃí ann Iesreel, láiṁ ré palás Ahab ríġ Samária.

2 Agus do laḃair Ahab re Nábot, ġá ráḋ, Taḃair ḋaṁsa ṫfíneaṁuin, ċor go mbía sí agum mar ġáirdín luiḃionn, do ḃríġ go ḃfuil sí a ḃfogus dom ṫiġ: agus do ḃéara misi fíneaṁuin is fearr ná í duit uirre; nó, má sé is fearr do ċítear ḋuit, do ḃéara mé a lúaċ airgid duit.

3 Agus a duḃairt Nábot re Ahab, Nar léigiḋ Día ḋaṁsa, go ttíuḃruinn oiġreaċd mo ṡinnsior ḋúitsi.

4 Agus ṫáinic Ahab ḋá ṫiġ go duḃaċ feargaċ do ḃríġ an ḟocail do laḃair Nábot an Tiesreelíteaċ ris: óir a duḃairt sé, Ní ṫiuḃra mé oiġreaċd maiṫreaḋ ḋuit. Agus do luiġ sé síos air a leabuiḋ, agus diompóiġ a aġaiḋ ó ċáċ, agus níor ḃáill leis arán diṫe.

5 Aċd ṫáinic Iesebel a ḃean ċuige, agus a duḃairt ris, Cioḋ fa ḃfuil do spiorad coṁduḃaċ sin, naċ áill leaċd arán diṫe?

6 Agus a duḃairt seision ría, Do ċionn gur laḃair mé ré Nábot an Tiesreelíteaċ, agus go nduḃairt mé ris, Taḃair ṫfíneaṁuin daṁ ar airgiod; nó má sí do ṫoil, do ḃéara mé fíneaṁuin oile ḋuit uirre: agus do ḟreagair seision, Ní ṫiuḃra misi mfíneaṁuin duit.

7 Agus a duḃairt Iesebel a ḃéan ris, Naċ tusa anois ríaġluiġeas rioġaċt Israel? éiriġ, agus iṫ arán; agus bíoḋ do ċroiḋe súgaċ: do ḃéara misi ḋuit fíneaṁuin Nábot an Niesréelítiġ.

8 Ann sin do scríoḃ sí litreaċa a nainm Ahab, agus do ċuir séula orra le na ṡéula, agus do ċuir sí na litreaċa ċum na sinnsior agus ċum na núasal do ḃí iona ċaṫruiġ, na ccoṁnuiḋe a ḃfoċair Nábot.

9 Agus do scríoḃ sí annsna litreaċaiḃ, ġa ráḋ, Fógruiḋ trosgaḋ, agus cuiriḋ Nábot na ṡuiḋe go hárd a measg an ṗobail:

10 Agus cuiriḋ días do ḋaóiniḃ, clann Ḃélial, na suiḋe as a ċoinne do ḋeanaṁ fiaḋnuise na aġaiḋ, ḋá ráḋ, Do scannluiḋ tú Día agus an ríġ. Agus annsin beiriḋ amaċ é, agus cloċuiḋ é, go néuguiḋ sé.

11 Agus do rinneadar muinntir a ċaiṫreaċ, ná sinnsir agus na húaisle noċ do buḋ áitreaḃuiġ iona ċaṫruiġ, mar do ċuir Iesebel ċuca, agus mar do ḃí scríoḃṫa annsna litreaċaiḃ noċ do ċuir sí ċuca.

12 Dfúagradar trosgaḋ, agus do ċuireadar Nábot na ṡuiḋe go hárd a measg an ṗobail.

13 Agus ṫangadar a steaċ, días fear, clann Ḃélial, agus do ṡuiġeadar as a ċoinne: agus do rinneadar clann Ḃélial fíaḋnuise na aġaiḋ, eaḋon a naġaiḋ Nábot a laṫair an ṗobail, ġa ráḋ, Do ṁasluiġ Nábot Día, agus an ríġ. Annsin rugadar amaċ as an ccaṫruiġ é, agus do ċloċadar é le cloċuiḃ, go ḃfuair sé bás.

14 Ann sin do ċuireadar teaċda go Iesebel, ġa ráḋ, Do cloċaḋ Nábot, agus déug sé.

15 ¶ Agus tárla, a núair do ċuála Iesebel gur cloċaḋ Nábot, agus go raiḃ sé ṁarḃ, go nduḃairt Iesebel re Ahab, Eiriġ, glac sealḃ a ḃfíneaṁuin Nábot an Niesreelítiġ, noċ do ḋiúlt sé do ṫaḃairt duit ar airgiod: óir ní beó, aċd marḃ Nábot.

16 Agus tárla, a núair do ċuála Ahab go raiḃ Nábot marḃ, gur éiriġ Ahab do ḋul síos go fíneaṁuin Nábot an Niesreelitiġ, do ġlacaḋ seilḃe ann.

17 ¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Hélias an Tisbíteaċ, ġa ráḋ,

18 Eiriġ, imṫiġ síos do ṫeagṁáil re Ahab ríġ Israel, noċ atá a Samaria: féuċ, atá sé a ḃfíneaṁuin Nábot, mar a ndeaċaiḋ sé síos do ġlacaḋ seilḃe innte.

19 Agus laiḃeoruiḋ tú ris, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, Nar ṁarḃ tú, agus fós nar ġaḃ tú sealḃ? Agus laiḃeoruiḋ tú ris, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, An tionad ann ar liġeadar na madruiġ fuil Nábot annsin liġfiḋ na madruiġ, eaḋon ṫfuilsi féin.

20 Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.

21 Féuċ, do ḃéara misi olc ort, agus scriosfuiḋ mé do ṡlioċd, agus gearrfuiḋ me ó Ahab an té ṁúnas a naġaiḋ an ḃalla, agus an té ḋruidṫear a stiġ agus ḟagṫar ann Israel,

22 Agus do ḋéana mé do ṫiġ mar ṫiġ Ieroboam ṁic Nébat, agus mar ṫiġ Ḃaasa ṁic Ahiiah, ar son an ḃrostuiġṫe ler ḃrostuiġis mé ċum feirge, agus le ttugais air Israel peacuġaḋ.

23 Agus do laḃair an TIĠEARNA ar Iesebel mar an gcéadna, ġá ráḋ, Iosuid na madruiġ Iésebel láiṁ re balla Iesreel.

24 An té ġeaḃas bás ó Ahab annsa ċaṫruíġ íosuid na madruiġ é; agus an té ġeaḃus bás annsa maċaire íosuid éanlaiṫ a naiéir é.

25 Aċd ní raiḃ áon cosṁuil re Ahab, noċ do reac é feín doibriuġaḋ urċóide á raḋarc an TIĠEARNA, noċ do ċorruiġ a ḃean Iesebel ċuige sin.

26 Agus do rinne se go ro aḋḟuaṫṁar a leanṁuin ioḋal, do reir gaċ uile neíṫe dá ndéarnadar na Hamoritiġ, noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel.

27 ¶ Agus tárla, a nuáir do ċuála Ahab na bríaṫra sin, gur réub sé a éadaċ, agus gur ċuir saicéadaċ ar a ċorp, agus gur ṫroisg, agus gur luiḋ a néadaċ tóinniġ, agus gur imṫiġ go mín.

28 Agus ṫaínic bríaṫar an TIĠEARNA go Helias an Tisbíteaċ, ġa ráḋ,

29 An ḃfaiceann tú mar uṁluiġios Ahab é féin am ḟiaḋnuisi? do ċionn gur uṁluiḋ sé é feín am laṫair, ní ṫiuḃra mé an tinneaċaḋ na láeṫiḃsion: aċt a láeṫiḃ a ṁic do ḃeara mé an tinneaċaḋ ar a ṫiġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan