Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Na Sirianuiġ buaillte le Hahab fa ḋó. 42 Do friṫ loċd ṁór ḋó, Benhadad do teigṁail as.

1 Agus do ċruinniġ Ben‐hadad ríġ na Síria a ṡlúaġ a cceann a ċéile: agus ḋá ríġ agus trióċad na ḟoċair, agus eiċ, agus carbuid: agus do ċúaiḋ súas agus do ṡuiġiḋ sé timċioll Ṡamária, agus do ṫroid na haġaiḋ.

2 Agus do ċuir teaċda go Hahab ríġ Israel don ċaṫruiġ, agus a duḃairt ris, Marso a deir Ben‐hadad,

3 Is liomsa hairgiod agus hór; agus fós do ṁná agus do ċlann, roṁaiṫ, is liomsa íad.

4 Agus do ḟreagair ríġ Israel, agus a duḃairt, Mo ṫiġearna, a ríġ, do réir mar a deir tú, as leaċd misi agus a ḃfuil agum.

5 Agus tangadar na teaċda a rís, ġa ráḋ, Mar so a deir Benhadad, ġa ráḋ, Bíoḋ gur ċuir mé fios ċugad, ġa ráḋ, Do ḃéara tú ḋaṁsa hairgiod, agus hór, agus do ṁná, agus do ċlann;

6 Giḋeaḋ cuirfe mé mo ṁuinntir timċioll a namsa máraċ, agus spíonfuid do ṫiġ, agus tiġṫe do ṁuinntire; agus seaḋ ḃías de, gaċ uile ni is taitneaṁaċ led ṡúiliḃsé, cuirfidsion é na láiṁ féin, agus béuruid leó é.

7 Ann sin do ġoir ríġ Israel sinnsir na críċe uile, agus a dubairt, Guiḋim siḃ, coṁarṫuiġ, agus féuċaiḋ mar íarrus an fearsa urċoíd: óir do ċuir sé fios ċugamsa ar mo ṁnáiḃ, agus ar mo ċloinn, agus ar mairgiod, agus ar mo ċuid óir; agus níor ḋiúlt mé é.

8 Agus a duḃradar na sinnsir agus an pobal uile ris, Ná héisd ris, agus na háontuiġ ḋó.

9 Uimesin a duḃairt sé re teaċduiḃ Ḃenhadad, Innsiġ dom ṫiġearna don ríġ, An ṁeid air ar ċuir tú fios ċum do ṡearḃḟoġantuiġ an céud uaír, do ḋéanadsa: aċt an níse ní ḟéuduim a ḋéanaṁ. Agus do imṫiġeadar na teaċda, agus rugadar freagra ċuigesin a rís.

10 Uime sin do ċuir Ben‐hadad fios ċuige, agus a duḃairt, Go ndéarnuid na deé sin riomsa, agus nios mó fós, má líonann luáiṫreaḋ Ṡamária lán duirn do gaċ duine da ḃfuil am ḟoċairse.

11 Agus do ḟreagair ríġ Israel, agus a duḃairt, Innis ḋó, Ná déanaḋ an te ċriosluiġeas a éideaḋ air moiḋeaṁ as féin do nós an té do ċuireas de é.

12 Agus tárla, a núair do ċúala Ben‐hadad an teaċdaireaċdsa, (mar do ḃí sé ag ól, é féin agus na ríġṫe oile ánsna páilliúnuiḃ), go nduḃairt se ré na ṁuinntir, Gluaisiġiḋ. Agus do ġluaiseadar a naġaiḋ na caiṫreaċ.

13 ¶ Agus, féuċ, ṫáinig fáiġ go Hahab ríġ Israel, ġá ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, an ḃfaca tú an tiomad slóiġ ṁoírsi? féuċ, do ḃéura misi ad láiṁ íad a niuġ; agus biáiḋ a ḟios agad gur mé an TIĠEARNA.

14 Agus a duḃairt Ahab, Cía leis? Agus a duḃairt seision, Marso deir an TIĠEARNA, Eaḋon le hógaiḃ ṗrionnsáḋ na ccóigeaḋ. Annsin a duḃairt sé, Cia óirdeoċus an caṫ? Agus do ḟreagair seision, Ṫusa.

15 Ann sin do áiriṁ sé óga ṗrionnsaḋa na ccóigeaḋ, agus do ḃádar ḋá ċeúd agus tríoċad agus a dó: agus na ndíaiġsin do ċoṁáir sé an pobal uile, eaḋon clann Israel uile, noċ do ḃí na seaċd míle.

16 Agus do ċuádar amaċ san meaḋon láoi. Aċt do ḃí Ben‐hadad ag ól ġa ċur féin ar meisge annsna páilliúnuiḃ, é féin agus na ríġṫé, an dá ríġ ḋéug ar ḟiṫċid do ḃí ag cungnaṁ leis.

17 Agus do ċúadar daóine óga ṗrionnsaḋa na ccóigeaḋ amaċ ar ttús; agus do ċuir Ben‐hadad daóine amaċ, agus dinnsiodar ḋó, ġa ráḋ, Ṫangadar daóine amaċ as Samária.

18 Agus a duḃairt seision, Mas go síoṫċánta ṫangadar amaċ, gaḃuiḋ béo íad; nó mas do ċaṫuġaḋ ṫigid amaċ, gaḃuiḋ béo íad.

19 Marsin ṫangadar ógánuiġ ṗrionnsaḋ na ccóigeaḋ amaċ as an ccaṫruiġ, agus an slúaġ do lean íad.

20 Agus do ṁarḃadar gaċ aon aca a ḋuine, agus do ṫeiṫeadar na Sírianuiġ; agus Israel na ttóruiġeaċd: agus do ċuáiḋ Ben‐hadad ríġ na Síria as ar muin eiċ agus a ṁarcṡlúaġ na ḟoċair.

21 Agus do ċuáiḋ ríġ Israel amaċ, agus do ḃuáil sé na heiċ agus na carbuid, agus do ṁarḃ sé na Sírianuiġ re hár mór.

22 ¶ Agus ṫáinic an fáiġ go ríġ Israel, agus a duḃairt ris, Eiriġ, neartuiġ ṫú féin, agus taḃair aire, agus féuċ cred ḋéanas tú: óir ar iompóġ na blíaḋna tiucfa ríġ na Síria ad aġaiḋ.

23 Agus a duḃradar muinntir ríġ na Síria ris, Is dée cnoc a ndee súd; uimesin do ḃádar ní buḋ láidre ná sinne; aċd troideam ríú annsa reiteaċ, agus go deiṁin buḋ laídre sinne ná íad.

24 Agus déanasa an níse, cuir na ríġṫe ar siuḃal gaċ áon as a áit, agus cuir caiptiniġ iona nionad:

25 Agus áiriṁ slúaġ ḋuit, mar an tslúaiġ do ċaill tú, eaċ ar eaċ, agus carbad ar ċarbad: agus troidfiom na naġaiḋ annsa réiteaċ; agus go deiṁin bíam níos láidre ná íad. Agus déist seision ré na nglór, agus do rinne sé marsin.

26 Agus tárla ar iompóġ na blíaḋna, gur áiriṁ Ben‐hadad na Sirianuiġ, agus go ndeaċaiḋ súas go Haṗec, do ṫroid a naġaiḋ Israel.

27 Agus do háirṁeaḋ clann Israel, agus do ḃádar uile a laṫair, agus do ṡuiġeadar clann Israel air a naġaiḋ aṁuil ḋá ṫréud ḃeaga ṁeannan; aċt do líonadar na Sírianuiġ an tír.

28 ¶ Agus ṫáinic óglaċ Dé, agus do laḃair sé re ríġ Israel, agus a duḃairt sé, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ċionn go nduḃradar na Sírianuiġ, As Día cnoc an TIĠEARNA, aċd ní hé Día na ngleantaḋ é, uimesin do ḃéara misi an lion mórsa uile ad láiṁse, agus aiṫeonuiḋ tú gur mé an TIĠEARNA.

29 Agus do ṡúiġeadar as coinne a ċéile seaċd lá. Agus is aṁluiḋ ḃí, ar an seaċtṁaḋ lá dfearadar caṫ: agus do ṁarḃadar clann Israel do na Sírianaċaiḃ céud míle coisiġ a néanló.

30 Agus do ṫeiṫiodar an ċuid oile go Haṗec, don ċaṫair; agus do ṫuit balla ar ṡeaċd míle ḟiṫċiod fear dar fágḃaḋ. Agus do ṫeiṫ Ben‐hadad, agus ṫáinic don ċaṫruiġ, go seomra a ḃfad a steaċ.

31 ¶ Agus a duḃradar a ṁuinntir ris, Féuċ anois, do ċúalamar go raḃadar ríġṫe ṫiġe Israel na ríġṫe trócaireaċa: guiḋim ṫú, cuirmid saiceadaċ a ttimċioll ar níoċtair, agus rópaḋa air ar cceannuiḃ, agus teaġmaoid amaċ go ríġ Israel: do ḃféidir go sáḃálaḋ sé hanamsa.

32 Marsin do ċuireadar saicéadaċ ar a níoċṫar, agus rópaḋa ar a cceannuiḃ, agus ṫangadar go ríġ Israel, agus a duḃradar, A deir do ṡearḃḟoġantuiġ Ben‐hadad, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ marṫuinn. Agus a duḃairt seision, An ḃfuil sé fos béo? sé mo ḋearḃraṫair é.

33 Anois do airiġeadar na daoine go frioċnaṁaċ an ttiucfaḋ éainní uaḋsan, agus do ġlacádar go lúaṫ é: agus a duḃradar, Do ḋearḃraṫair Ben‐hadad. Annsin a duḃairt seision, Eirġiḋ, tugaiḋ liḃ é. Annsin ṫáinic Ben‐hadad amaċ ċuige, agus ṫug sé air teaċd súas annsa ċarbad.

34 Agus a duḃairt Ben‐hadad ris, Na caiṫreaċa, do ḃain maṫairsi dot aṫairsi, aiseoguiḋ misi íad; agus do ḋéana tú sráide ḋuit féin ann Damascus, mar do rinne maṫairsi a Samária. Annsin a duḃairt Ahab, Cuirfeadsa ar siuḃal ṫú ar an gcunnraḋsa. Mar sin do rinne sé cunnraḋ ris, agus do léig sé ar siuḃal é.

35 ¶ Agus a duḃairt duine áiriġ do ċloinn na ḃfáiġ ré na ċoṁarsuinn a mbreiṫir an TIĠEARNA, Guiḋim ṫú, buáil misi. Agus do ḋiult an duine a ḃúalaḋ.

36 Annsin a duḃairt sé ris, Do ḃríġ nar uṁluiġ tú do ġuṫ an TIĠEARNA, féuċ, ar ball a ndéileoċaiḋ tú riomsa, muirfiḋ leoṁán ṫú. Agus ar ball ar ḋealuiḋ ris, fuáir leoṁan é, agus do ṁarḃ sé é.

37 Ann sin fuair sé duine oile, agus a duḃairt ris, Guiḋim ṫú, buáil mé. Agus do ḃuáil an duine é, ionnus agá ḃualaḋ gur loit sé é.

38 Ann sin do imṫiġ an fáiḋ, agus do ċoṁḟuiriġ ris an ríġ ar a tsliġe, agus do ċuir é féin a naṫarraċ croṫa le luáiṫreaḋ ar a aġaiḋ.

39 Agus a nuáir do ḃí an ríġ ag gaḃáil ṫairis, do éiġ sé ċum an ríġ: agus a duḃairt, Do ċúaiḋ do ṡearḃḟoġantuiġ amaċ a meaḋon an ċaṫa; agus, féuċ, dfill duine do leaṫfaoiḃ, agus ṫug ċugamsa duine, agus a duḃairt, Coiṁéad an fearsa: má imṫiġionn se ar éanċor, annsin biáiḋ hanumsa ar son a anma, nó díolfa tú tallann airgid.

40 Agus mar ḃí do ṡearḃḟoġantuiġ gnoṫuiġeaċ annso agus annsúd, dimṫiġ seision. Agus a duḃairt ríġ Israel ris, Is mar sin ḃías do ḃreiṫeaṁnus; do réiḋiġ tú féin é.

41 Agus dó ḋeifriġ seision, agus do ḃean an luáiṫreaḋ ḋá aġaiḋ; agus do aiṫin ríġ Israel gur do na fáiġiḃ é.

42 Agus a duḃairt se ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ċionn gur léig tú uáit as do láiṁ duine do órduiġ misi do léirsgrios, uimesin raċaiḋ hanamsa ar son a anmasan, agus do ḋaóine ar son a ḋaoine.

43 Agus do ċúaiḋ ríġ Israel ḋá ṫiġ duḃaċ feargaċ, agus ṫáinic sé go Samária.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan