Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Tiomna Ḋaiḃi. 26 Ar na coiṁlíonaḋ.

1 Anois do ḋruideadar láeṫe Ḋáiḃi a ḃfogus ċor go ḃfuiġeáḋ sé bás; agus do ċuir cúram ar a ṁac Solaṁ, ḋa ráḋ,

2 Atáimse ag dul a sliġe na talṁan uile: bise láidir ar a naḋḃarsin, agus taisbéin ṫú féin go fearambuil;

3 Agus coiṁéad cúram do ṪIĠEARNA Dé, ag siuḃal iona ṡliġṫiḃ, ag coiṁéad a statúideaḋ, agus a aiṫeanta, agus a ḃreiṫeaṁnasa, agus a ḟiaġnuiseaḋ, mar atá scrioḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ċor go mbeiriġ tú buáiḋ ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gaċ uile ṫáoḃ a niompoċuíḋ tú ṫú féin:

4 Ionnus go ndamgneoċaiḋ an TIĠEARNA a ḟocal, noċ do laḃair sé dom ṫáoḃsa, ga raḋ, Má ḃeirid do ċlann aire dá sliġe, ag siuḃal a ḃfírinne am laṫairse maille re na nuile croiḋe agus re na nuile annum, ní ṫeisdeoċa uáit (ar seision) duine a ccaṫaóir ríoġa Israel.

5 Tuilieaṁ oile fós, atá a ḟios agad créd do rinne Ióab mac Seruiah orumsa, agus cred do rinne sé re dá ċaiptín ṡlóiġ Israel, re Abner mac Ner, agus re Amasa ṁac Ieter, noċ do ṁarḃ sé, agus gur ḋóirt fuil a ċogaiḋ sa tsioṫċáin, agus gur ċuir sé fuil an ċoguiḋ ar a ċrios do ḃí timċioll a ċaoil, agus ar a ḃrógaiḃ do ḃí ar a ċosaiḃ.

6 Déanasa ar a naḋḃarsin do réir mar do ċitear dot ġliocus, agus ná léig a ċeann líaṫ do ċul sios san nuáiġ a síoṫċáin.

7 Aċt foillsiġ muinntearḋus do ṁacaiḃ Barsiliai an Gileaditeaċ, agus bídis don droing iósas ar do ḃórd: óir is marsin ṫangadar ċugamsa a nuáir do ṫeiṫ mé roiṁe Absolon do ḋearḃraṫair.

8 Agus, féuċ, atá agad Símei ṁac Gera, Beniamíteaċ ó Ḃahúrim, noċ do ṁalluiġ orumsa le malluġaḋ deanaċdaċ annsa lo a ndeaċaiḋ mé go Mahanaim: aċd ṫáimc sé a núas am ċoinne go Iordan, agus do ṁionnuiġ mé ḋo fan TTIĠEARNA, ġa raḋ, Ní ċuirfe mé ċum báis ṫú leis an ccloiḋeaṁ.

9 Anois ar a naḋḃarsin ná meassa neiṁċiontaċ é: óir is duine críonna ṫú, agus atá a ḟios agad cred is cóir ḋuit do ḋéanaṁ ris; aċd taḃair a ċeann líaṫ síos ċum na huáiġe ré fuil.

10 ¶ Mar sin do ċoduil Dáiḃi a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a gcaṫair Ḋáiḃi.

11 Agus ba ceaṫraċad blíaḋan na láeṫe do ḃí Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel: do ḃí sé na ríġ ann Hébron seaċd mblíaḋna, agus trioċad agus trí blíaḋna na ríġ ann Ierusalem.

12 ¶ Ann sin do ṡuiġ Solaṁ a ccaṫaóir a aṫar Dáiḃi; agus do ḋaingniġeaḋ a rioġaċd go mór.

13 ¶ Agus ṫáinic Adoniiah ṁac Haggit go Bat‐seba maṫair Ṡolaiṁ. Agus a duḃairt sise, An go síoṫċánta ṫig tusa? Agus a duḃairt seision, Is go síoṫċántá.

14 Agus a duḃairt sé fós, Atá ní áiriġ agam ré a raḋ riotsa. Agus a duḃairt sise, Abair roṁad.

15 Agus a duḃairt seision, Atá a ḟios agad go maḋ liomsa an rioġaċd, agus gur iompóiġ Israel uile a naġaiḋ orum, dom ḃeiṫ am ríġ: giḋeaḋ diompóiġ an rioġaċd fa gcuairt, agus ṫáinic ċum mo ḋearḃraṫar: óir fa leision ón TTIĠEARNA í.

16 Agus a nois íarruim éan aṫcuinge aṁaín ortsa, ná diúlt mé. Agus a duḃairt sisi ris, Abair roṁad.

17 Agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, laḃair re Solaṁ an ríġ (óir ní ḋiultfa sé ṫú), go ttugaḋ sé Abisag an Sunamíteaċ na mnáoi ḋaṁsa.

18 Agus a duḃairt Bat‐séba, Lór a ḟeaḃus; laiḃeora misi ar do ṡon ris an ríġ.

19 Do ċuáiḋ Bat‐seba uimé sin mar a raiḃ an ríġ Solaṁ, do laḃairt ris ar son Adoniiah. Agus déiriġ an ríġ súas na coinne, agus do uṁluiḋ sé é féin di, agus do ṡuiġ sé iona ċaṫaóir rióġa, agus ṫug fa deara caṫaóir do ṫaḃairt ċum maṫair an ríġ; agus do ṡuiġ sí ar a láiṁ ḋeis.

20 Ann sin a duḃairt sí, Ataím ag iárruiḋ éan aṫċuinge bige aṁaín ort; guiḋim ṫú, ná diúlt mé. Agus a duḃairt an ríġ ría, Iarr roṁad, a ṁaṫair: óir ní ḋiúltfa mé ṫú.

21 Agus a duḃairt sisi, Tugṫar Abisag an Sunamiteaċ dot ḋearḃraṫair Adoniiah na mnaói.

22 Agus do ḟreagair an ríġ Solaṁ agus a duḃairt ré na ṁaṫair, Agus cred fá níarrann tusa Abisag an Sunamiteaċ do Adoniiah? íarr an rioġaċd dó mar an gcéaḋna; óir is é mo ḋearḃraṫair is sine é; eaḋon dó féin, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab mac Seruiah.

23 Ann sin do ṁionnuiġ an ríġ Solaṁ fan TTIĠEARNA, ġa ráḋ, Go ndearna Día mar sin riomsa, agus tuilleaṁ fós, mun ar laḃair Adoniiah an focalsa a naġaiḋ a ṡáoġail féin.

24 Anois ar a naḋḃarsin, mar ṁairios an TIĠEARNA, noċ do ḋainguiḋ misi, agus do ċuir am ṡuiġe a gcaṫaoir Ḋáiḃi maṫar me, agus noċ do rinne tiġ ḋaṁ, mar do ġeall sé, cuirfiġṫear Adoniiah ċum báis a niuġ.

25 Agus do ċuir an ríġ Solaṁ lé láiṁ Ḃenaiah mic Iehoiada; agus do ṫiomáin air gur ṁarḃ é.

26 ¶ Agus a duḃairt an ríġ ré Abiatar an sagart, Imṫiġsi go Hanatot, dot ṁaċairiḃ féin; óir do ṫuill tú bás: aċt ni ċuirfe misi ċum báis a núairse ṫú, do ḃríġ gur iomċair tú aírc an TIĠEARNA Día roiṁe Ḋáiḃi maṫair, agus do ḃríġ gur ḟulaing tú anṡóġ an gaċ áit ar iomċair maṫair auṡóġ.

27 Marsin do ṫeilg Solaṁ Abiatar amaċ ó ḃeiṫ na ṡagart ag an TTIĠEARNA; go ccoiṁlíonfaḋ sé focal an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé a ttaoḃ ṫiġe Eli ann Síloh.

28 ¶ Annsin ṫáinic scéula go Ióab (óir dfill Ióab le Adoniiah, gioḋ nar iompóiġ sé a ndiáiġ Absolon). Agus do ṫeiṫ Ióab go tabernacuil an TIĠEARNA, agus do ġlac greim ar ḃeannuiḃ na haltóra.

29 Agus do hinnseaḋ don ríġ Solaṁ gur ṫeiṫ Ioab go tabernacuil an TIĠEARNA; agus, feuċ, atá sé ag an naltóir. Ann sin do ċuir Solaṁ Benaiah mac Iehoiada, ġa ráḋ, Imṫiġ, tiomáin air.

30 Agus ṫainic Benaiah go tabernacuil an TIĠEARNA, agus a duḃairt ris, As marso a deir an ríġ, Tarr amaċ. Agus a duḃairt sesion, Ni raċad; aċd do ġeaḃa mé bás annso. Agus ṫug Benaiah scéula ċum an ríġ a ris, ḋa ráḋ, Marso a deir Ioab, agus marso do ḟreagair se misi.

31 Agus a duḃairt an ríġ ris, Déana mar a duḃáirt sé riot, agus tiomáin air, agus aḋlaic é; ar ċor go mbéara tú a nfuil neiṁċiontaċ, do ḋoírt Ióab, uáimse, agus ó ṫiġ maṫar.

32 Agus fillfiḋ an TIĠEARNA a ḟuil ar a ċeann féin, nóċ do ṫiomáin ar ḋís do ḋáoiniḃ buḋ fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do ṁarḃ sé íad leis an ccloiḋeaṁ, gan a ḟios ag maṫair Dáiḃi, Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Israel, agus Amasa ṁac Ieter, caiptín slóiġ Iúdah.

33 Filltiḋ a ḃfuilsion uimesin ar ċeann Ióab, agus ar ċeann a ṡleaċda go bráṫ: aċt air Ḋáiḃi, agus air a ṡlioċd, agus air a ṫiġ, agus air a ċaṫaóir ríoġa, biaiḋ sióṫċáin go bráṫ ón TTIĠEARNA.

34 Ann sin do ċuáiḋ Benaiah mac Iehoiada súas, agus do ṫiomaín sé air, agus do ṁarḃ sé é: agus do haḋlaiceaḋ é ann a ṫiġ féin ann sa ḃfásáċ.

35 ¶ Agus do ċuir an ríġ Benaiah ṁac Iehoiada iona áit ós cionn an tslóiġ: agus do ċuir an ríġ Sádoc an sagart a nionad Abiaṫair.

36 ¶ Agus do ċuir an ríġ agus do ġoir sé ar Ṡimei, agus a duḃairt sé ris, Tóg tiġ ḋuit féin ann Ierusalem, agus déan coṁnuiġ ann sin, agus ná héiriġ as sin amaċ a mball ar biṫ.

37 Oír is aṁluiḋ ḃías, an lá raċas tú amaċ, agus ġéuḃus tú tar a naḃuinn Cídron anonn, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás air gaċ éanċor: biáiḋ ṫfuil ar do ċeann féin.

38 Agus a duḃairt Símei ris an ríġ, Is maiṫ an ċaint: mar a duḃairt mo ṫiġearna an ríġ, is mar sin ḋéanas do ṡearḃḟoġantuiġ. Agus do rinne Símei coṁnuiġ ann Ierusalem mórán do laéṫiḃ.

39 Agus tárla a gcionn ṫrí mblíaḋan, gur imṫiġeadar días do ṡeirḃíseaċuiḃ Ṡimei úaḋ ċum Aċis ṁic Maaċah ríġ Gát. Agus dinnseadar dáoine do Ṡímei, ġa ráḋ, Féuċ, atáid do ṡeirḃísiġ ann Gát.

40 Agus déiriġ Símei, agus do ċuir díalláoid ar a asal, agus do ċuaiḋ go Gát mar a raiḃ Aċis díarruiḋ a ṡeirḃíseaċ: agus dimṫiġ Símei, agus ṫug a ṡerḃísiġ leis ó Ġát.

41 Agus do hinnseaḋ do Ṡolaṁ go ndeaċaiḋ Símei ó Ierusalem go Gát, agus go ttáinic sé a rís.

42 Agus do ċuir an ríġ gairm ar Ṡímei, agus a duḃairt sé ris, Naċ dtug misi ortsa mionnuġaḋ fan TTIĠEARNA, agus naċ ar ḋearḃ mé ḋuit, ḋa ráḋ, Bíoḋ a deiṁin agad go dearḃṫa, an lá raċas tú amaċ, agus imṫeoċus tú ann so nó ann súd, do ġeaḃa tú bás go deiṁin? agus a duḃairt tusa riom, An focal do ċúala mé is maiṫ é.

43 Cred fá nar ċoṁuill tú mar sin mionna an TIĠEARNA, agus a naiṫne do aiṫin misi ḋíot?

44 A duḃairt an ríġ fós re Símei, Is aiṫniḋ ḋuit féin a nuile olc is fios dot ċroiḋe, do rinne tú rem aṫair Dáiḃi: uime sin fillfe an TIĠEARNA holc air do ċeann feín;

45 Agus biaiḋ an ríġ Solaṁ beannuiġ, agus daingneoċar caṫaóir ríoġa Ḋáiḃi a laṫair an TIĠEARNA go bráṫ.

46 Ann sin do aiṫin an ríġ do Ḃenaiah ṁac Iehoiada; noċ do ċuáiḋ amaċ, agus do ṫiomáin air, go ḃfuair sé bás. Agus do daingniuġaḋ an rioġaċd a laíṁ Ṡolaiṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan