I Rioġ 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII. Eliiah, 18 ag aiṫḃioraḋ Ahab, 21 Do ḋearḃ sé cuṁaċd an Dé ḃi anaḋaiḋ Ḃaal. 1 Agus tárla déis ṁóráin do láeṫiḃ, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Helias an treas blíaḋain, ġa ráḋ, Imṫiġ, taisbéin ṫu féin do Ahab; agus cuirfe misi fearṫuinn ar an ttaluṁ. 2 Agus do imṫiġ Elias ḋa ṫaisbeanaḋ féin do Ahab. Agus do ḃí gorta ṁór a Samária. 3 ¶ Agus do ġoir Ahab Obadiah, do ḃí na úaċdaran ar a ṫiġ. (Anois do ḃí eagla an TIĠEARNA go mór ar Obadiah: 4 Oir is aṁluiḋ do ḃí, a nuáir do ġéarr Iesebel fáiḋe an TIĠEARNA ámaċ, gur ġaḃ Obadiah céud fáiḋ, agus gur ḟoluiġ íad na ccáogad a nuaṁuiġ, agus gur ḃeaṫuiḋ sé íad lé harán agus lé huisce.) 5 Agus a duḃairt Ahab ré Obadiah, Imṫiġ fan tir, go nuige gaċ áon tobar uisge, agus go nuige gaċ aḃuinn: do bféidir go ḃfaġmaois féur do ċoinneoċaḋ ar neiċ agus ar múilliḋe béo, go naċ ccaillfeamois ar náirnéis uile. 6 Mar sin do roinneadar an tír eatorra do ḋul tríṫe: do ċúaiḋ Ahab a sliġe leis féin, agus do ċuáiḋ Obadiah a sliġe oile leis féin. 7 ¶ Agus mar do ḃí Obadiah annsa tsliġe, féuċ, tárla Elias dó: agus daiṫin sé é, agus do ṫuit ar a aġaiḋ, agus a duḃairt, An tusa sin mo ṫiġearna Elias? 8 Agus do ḟreagair seision, Is mé: imṫiġ, innis dot ṫiġearna, Féuċ, atá Elias annso. 9 Agus a duḃairt seision, Cioḋ do ṗeacaiḋ mé, as a ttiuḃarṫa do ṡeirḃíseaċ a láiṁ Ahab, dom ṁarḃáḋ? 10 Mar ṁairios do ṪIĠEARNA Día, Ní ḃfuil críoċ nó rioġaċd, naċ ar ċuir mo ṫiġearna íarruiḋ ort ann: agus a nuáir a deirdís, Ní ḃfuil sé annsin; do ḃameaḋ sé mionna don ċríċ nó don rioġaċt, naċ ḃfúaradar ṫú. 11 Agus a nois a deir tú, Imṫiġ, innis dot ṫiġearna, Féuċ, atá Elias annso. 12 Agus tiucfaiḋ a ccríċ, ar ball a nimṫeoċuiḋ misi uáitse, go mbéaruiḋ Spiorad an TIĠEARNA ṫusa leis, ní ḟeadar cá hionad; agus annsin a núair ṫiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus naċ ḃfuiġe sé ṫusa, go muirfiḋ sé mé; aċd misi do ṡearḃḟoġantuiġ atá eagla an TIĠEARNA orum óm óige. 13 Naċ ar hinnseaḋ dom ṫiġearna cred do rinne mé a núair do ṁarḃ Iesebel fáiġe an TIĠEARNA, mar do ḟóluiġ mé céud fear dfaiġiḃ an TIĠEARNA na ccáogad a núaṁuiġ, agus mar do ḃeaṫaiġ mé íad lé harán agus lé huisge? 14 Agus a nois a deir tú, Imṫiġ, agus innis dot ṫiġearna, Feúċ atá Elias annso: agus muirfiḋ sé mé. 15 Agus a duḃairt Elias, Mar ṁairios TIĠEARNA na slóġ, a laṫair a ṡeasuim, taisbeanfad mé feín dó a niuġ go deiṁin. 16 Marsin do ċuáiḋ Obadiah a ccoinne Ahab, agus dinnis dó: agus do ċúaiḋ Ahab a ccoinne Elias. 17 Agus tárla, a nuáir do ċonnairc Ahab Elias, go nduḃairt Ahab ris, An tusa an té ḃuaiḋrios Israel? 18 ¶ Agus do ḟreagair seision, Níor ḃuaiḋir misi Israel; aċt tusa, agus tiġ haṫar, mar do ṫréigeaḃair aiṫeanta an TIĠEARNA, agus mar do lean tú Baalim. 19 Anois ar naḋḃarsin, cuir fios agus cruinniġ ċugamsa Israel uile go slíaḃ Carmel, agus faíḋe Ḃaal ceiṫre ċeúd agus caogad, agus fáiġe na ngarrán ceiṫre ċéud, noċ iṫeas ar ḃórd Iesebel. 20 Marsin do ċuir Ahab fios ar ċloinn Israel uile, agus do ċruinniġ sé na faíġe a ḃfoċair a ċéile a sliaḃ Ċarmel. 21 ¶ Agus ṫáinic Elias ċum an ṗobuil uile, agus a duḃairt sé, Cá fad ḃeiṫíse bacaċ idir ḋá ḃaraṁuil? má sé an TIĠEARNA as Día, leanuiḋ é: aċd má se Baal, leanuiḋ é sin. Agus níor ḟregair an pobal éanḟocal dó. 22 Ann sin a duḃairt Elias ris an bpobal, Misi, misi féin aṁaín ṁairios dfáiġiḃ an TIĠEARNA; aċt atáid fáiġe Ḃaal ceiṫre ċeúd agus caógad fear. 23 Tugaidís ḋúinn ar a naḋḃarsin ḋá ḃulóg; agus toġaidísion bulóg ḋóiḃ féin, agus déaindís cotċanna ḋi, agus cuirdís ar ċonnaḋ í gan teine ar biṫ fúiṫe: agus deasoċuiḋ misi an ḃulóg oile, agus cuirfiḋ mé ar ċonnaḋ í, gan teine fúiṫe: 24 Agus goiriḋsi ar ainm ḃur ndeé féin, agus goirfiḋ misi ar ainm an TIĠEARNA: agus an Día ḟreagorus re teine, bíoḋ sé na Ḋía. Agus do ḟreagair an pobal uile agus a duḃradar, Is maiṫ do laḃair tú. 25 ¶ Agus a duḃairt Elias re fáiġiḃ Ḃaal, Toġuiḋsi bulóg ḋáoiḃ feín, agus deasuiġiḋ ar ttús í; óir atáṫaoi mórán; agus goiriḋ ar anmanna ḃur ndée, aċd ná cuiriḋ teine fáoi. 26 Agus do ġlacadarsan an ḃulóg tugaḋ ḋóiḃ, agus do ḋeasuíġeadar í, agus do ġoireadar ar ainm Ḃaal ó ṁaidin go meaḋon láoi, ġá ráḋ, O a Ḃaal, éisd linn. Aċd ní raiḃ guṫ, nó ní ar biṫ do ḟreagair íad. Agus do lingeadar ar a naltoír do rinneaḋ. 27 Agus tárla san meaḋon láoi, go ndeárna Elias magaḋ orra, agus go nduḃairt sé, Goiriḋ go hárd: óir is día é; ceaċtar ḋíoḃ atá sé ag caint, nó atá sé ag tóruiġeaċd, nó áta sé iona aistior, nó do bféidir gur na ċoḋla atá sé, agus go ccaiṫfiḋe a ḋúsgaḋ. 28 Agus do éiġeadarsan go hárd, agus do ġearradar íad fein do reír a ngnáṫa le sceanuiḃ agus le lansaḋuiḃ, nó gur scinn an nfuil amaċ orra. 29 Agus tárla, a nuair do ċuáiḋ an meaḋon laoi ṫársa, agus go raḃadar ag faiġedóireaċd go ham ofrála íoḋbarṫa an tráṫnóna, naċ raiḃ, guṫ, nó aón do ḟreagoraḋ, nó ḃéaraḋ toraḋ orra. 30 ¶ Agus a duḃairt Elias ris an bpobal uile, Tigiḋ láiṁ riomsa. Agus tangadar an pobal uile láiṁ ris. Agus do ċuir seision suás altoír an TIĠEARNA do ḃí briste. 31 Agus do ṫóg Elias ḋá ċloiċ ḋéug, do reír uiḃre ṫreaḃ ṁac Iacob, ċum a ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Israel ḃus ainm ḋuit: 32 Agus leis na cloċaiḃ do rinne sé altóir a nainm an TIĠEARNA: agus do rinne sé treinnse gaċa taoḃá don naltoír coṁmór is ċuinneoċaḋ ḋá ṁiosúr síl. 33 Agus do ḟadóiġ sé an connaḋ, agus do ġearr sé an ḃulóg agus do ċuir na cotċaiḃ ar an ccunnaḋ í, agus a duḃairt, Líonuiḋ ceiṫre ḃairille le huisce, agus dóirtiḋ ar an nofráil loisge, agus ar an ccunnaḋ. 34 Agus a duḃairt se, Déanuiḋ sin an dara húair. Agus do rinneadar sin an dara húair. Agus a duḃairt seision, Déanuiḋ an treas úair. Agus do rinneadar sin an treas uáir. 35 Agus do rioṫ an tuisge timċioll na haltóra; agus do lión sé an treinse fós le huisge. 36 Agus tárla a nam ofrála ioḋbarṫa an tráṫnóna, go ttáinic Elias an faíḋ a ḃfogus, agus go nduḃairt sé, A ṪIĠEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, fionntar a niuġ gur tusa as Día a Nisrael, agus gur misi do ṡearḃḟóġantuiġ, agus go ndéarna mé na neiṫese uile ar do ráḋasa. 37 Eisd riom, a ṪIĠEARNA, éisd riom, ċor go naiṫeonuid an pobalsa gur tú an TIĠEARNA Día, agus gur iompóiġ tú a ccroiḋṫe ar a nais a rís. 38 Ann sin do ṫuit teine an TIĠEARNA, agus do ḋóiṫ sí an nofráil loisge, agus an cunnaḋ, agus na cloċa, agus an luaiṫreaḋ, agus do liġ súas an tuisge do ḃí san treinse. 39 Agus a núair do ċonncadar an pobal uile sin, do ṫuiteadar ar a naiġṫiḃ: agus a duḃradar, Sé an TIĠEARNA féin, Día; sé an TIĠEARNA féin, Día. 40 Agus a duḃairt Elias riú, Gaḃuiḋ faíġe Ḃaal; ná léigiḋ áon díoḃ as. Agus do ġlacadar íad: agus rug Elias síos íad go haḃuinn Cison, agus do ṁarḃ sé annsin íad uile. 41 ¶ Agus a duḃairt Elias re Ahab, Eiriġsi súas, iṫ, agus iḃ, óir atá torann iomad fearṫanna ann. 42 Marsin do ċuáiḋ Ahab súas diṫe agus dól. Agus do ċuáiḋ Elias súas go mullaċ Carmel; agus do ṫeilg sé é féin síos ar an ttaluṁ, agus do ċuir a aġaiḋ eidir a ġlúiniḃ. 43 Agus a duḃairt sé ré na óglaċ, Imṫiġe súas anois, agus féuċ leaṫ ris an ḃfairge. Agus do ċúaiḋ sé súas, agus dféuċ sé, agus a duḃairt, Ní ḃfuil éinní ann. Agus a duḃairt seision, Eiriġ a rís seaċt nuáire. 44 Agus tárla ar an seaċdṁaḋ uáir, go nduḃairt sé, Féuċ, atá néull beag ag éirġe as an ḃfairge, cosṁuil ré láiṁ ḋuine. Agus a duḃairt seision, Imṫiġ súas, abair re Ahab, Ullṁuiġ do ċarbad, agus imṫiġ síos, ċor naċ ttoirmioscfuiḋ an nfearṫuinn ṫú. 45 Agus tárla ar a ḃfadsin, go raiḃ neaṁ dorċa lé néulluiḃ agus lé gaoiṫ, agus do ḃí fearṫuinn roṁór ann. Agus do ċuáiḋ Ahab na ċarbad, agus do ċuáiḋ sé go Iesreel. 46 Agus do ḃí láṁ an TIĠEARNA ar Elias; agus do ċriosluiġ sé súas a leasraċ, agus do rioṫ roiṁe Ahab go dul a steaċ go Iesreel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society