I Rioġ 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Do ṫairġir Aċiiah um scrios Ieroboam. 12 Agus bás a ṁic. 21 Olcas Rhehoboam. 1 Fa namsin do ġlac tinneas Abiiah mac Ieroboam. 2 Agus a duḃairt Ieroboam ré na ṁnaoi, Eiriġ, guíḋim ṫú, agus cuir ṫú féin a naiṫearraċ croṫa, iondus naċ aiṫeantar gur tú bean Ieroboam; agus imṫiġ go Siloh: féuċ, atá annsin Ahiiah an fáiḋ noċ do innis daṁsa go mbéinn am ríġ ós cionn an ṗobailsi. 3 Agus beir leaċd deiċ mbuilín, agus cácaḋa, agus crúiscín meala, agus imṫiġ ċuige: inneosuiḋ sé ḋuit cred imeoċus ar an leanaṁ. 4 Agus do rinne bean Ieroboam mar sin, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ go Síloh, agus ṫáinic go tiġ Ahiiah. Aċd níor ḃféidir le Ahiiah éinní dfaicsin; óir do ḋruideadar a ṡúile tre ṁéad a aóise. 5 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Ahiiah, Féuċ, tiocfuiḋ bean Ieroboam ċugad díarruiḋ neiṫe ort a ttaoiḃ a mic; óir atá sé tinn: marso agus marso a déara tú ría: óir is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ṫiucfas sí a steaċ, léigfiḋ sí uirre féin gur bean oile í. 6 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúala Ahiiah torann a cos, mar ṫáinic sí a steaċ san dorus, go nduḃairt só ría, Tár a steaċ, a ḃean Ieroboam; créd fá leigion tú ort gur bean oile ṫú? óir do cuireaḋ misi ċugad lé teaċdaireaċd ḋoíliġ. 7 Agus imṫiġ, innis do Ieroboam, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do ḃríġ gur ṫóg misi ṫú as an bpobalsa, agus go ndéarna mé prionsa ḋiot ós cionn mo ṗobail Israel. 8 Agus gur stiall mé an rioġaċd ó ṫiġ Ḋáiḃi, agus go ttug mé ḋuítsi í: agus fós naċ raiḃ tú mar mo ṡearḃḟoġantniġ Dáiḃi, noċ do ċoiṁéud maiṫeanta, agus do lean mé ré na uile ċroiḋe, do ḋéanaṁ an ní si aṁáin noċ fá ceart am raḋarcsa; 9 Aċt go ndéarna tú olc nios mo nó éanduine dá ttáinic roṁad: óir do imṫiġ tú agus do rinne tú ḋuit féin dée oile, agus íoṁaiġe leaġṫa, dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge, agus do ṫeilg tú misi táoḃ ṡiar dot ḋruim: 10 Ar a naḋḃarsin, féuċ, do ḃéara misi olc ar ṫiġ Ieroboam, agus gearrfa mé amaċ ó Ieroboam an té ṁúnus a naġaiḋ an ḃaila, agus an té do cuireaḋ fá íaḋaḋ agus do fágḃaḋ ann Israel, agus do ḃeara mé liom fuiġioll tiġe Ieroboam, mar ḃeirios duine aóileaċ leis, nó go nimṫiġiḋ sé uile. 11 An té ġeaḃas bás san ċaṫruiġ ó Ieroboam íosuid na madruiġ é; agus an té ġeaḃus bás annsa ṁaċaire íosaid éanlaiṫ a naiéir é: óir do laḃair an TIĠEARNA é. 12 Eiriġsi ar a naḋḃarsin, agus imṫiġ dot ṫiġ féin: agus a nuáir ċuirfios tú do ċos a steaċ sán ċaṫruiġ, do ġeaḃa an leanaṁ bás. 13 Agus do ḋéanuid Israel uile doilġios ar a ṡon, agus aḋlaicfid é: óir is eision aṁáin raċus ó Ieroboam ċum na huaiġe, do ċionn gur fríṫ annsan do ṫiġ Ieroboam ní éigin maiṫ a ttaoḃ an TIĠEARNA Día Israel. 14 Os a ċionnsin tóigfiḋ an TIĠEARNA súas ḋó féin ríġ ós cionn Israel, noċ ġearrfus amaċ tiġ Ieroboam au lásin: aċd cioḋ sin? do ṫoig sé, ċeana é. 15 Oir buailfiḋ an TIĠEARNA Israel, mar an ngioleaċ ḃíos air criṫ san nuisge, agus beanfuiḋ sé Israel as a ḟreaṁaċ amaċ as an dúiṫċe ṁaiṫse, noċ ṫug sé dá naiṫriḃ, agus scaóllfiḋ sé ó ċéile íad táoḃ anonn don naḃuinn, do ċionn go ndéarnadar a ngarráin, do ḃrostuġaḋ an TIĠEARNA ċum feirge. 16 Agus do ḃéara sé Israel úaḋ ar son ṗeacaḋ Ieroboam, noċ do rinne peacaḋ, agus ṫug ar Israel peacaḋ ḋéanaṁ. 17 ¶ Agus déiriġ bean Ieroboam, agus dimṫiġ, agus ṫáinic sí go Tirsah: agus an tan ṫáinic sí ar ṫáirsiġ an tiġe, fuáir an leanaṁ bás; 18 Agus do aḋlaiceadar é; agus do ċaóineadar Israel uile é, do réir ḟocáil an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé lé láiṁ a ṡearḃḟoġantuiġ Ahiiah an fáiġ. 19 ¶ Agus an ċuid oile do ġníoṁraḋ Ieroboam, mar do rinne sé cogaḋ, agus mar do ríaġluiḋ sé, féuċ, ataíd síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Israel. 20 Agus na laéṫe do ḃí Ieroboam na ríġ do bá ḋá ḃliaḋuin agus fiṫċe: agus do ċoduil sé a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do ḃí Nádab a ṁac na ríġ na áit. 21 ¶ Agus do ḃí Rehoboam mac Soluiṁ na riġ ann Iúdah. Do ḃí Rehoboam blíaḋuin agus da fiċṫiod daóis a núair do ṫosuiġ sé ḃeiṫ na ríġ, agus do ḃí na ríġ seaċd mblíaḋna déug ann Ierusalem, an caṫair do ṫoġ an TIĠEARNA amaċ as treaḃuiḃ Israel uile, do ċur a anma innte. Agus do bé ainm á ṁaṫar Náamah Ammoníteaċ. 22 Agus do rinne Iudah olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ḃrostuiġeádar é ċum eúda le na bpeacaḋuiḃ noċ do rinneadar, ós a nuile olc dá ndéarnadar a naiṫre. 23 Oír do rinneadarsan dóiḃ féin áite árda, agus íoṁaiġeaċa, agus garráin, ar gaċ eanċnoc árd, agus faoi gaċ éanċrann ġlas. 24 Agus do ḃádar fós sodomitiġ annsa dúiṫċe: agus do rinneadarsan do réir uile ġráineaṁlaċd gaċ éanċineaḋ dar ċuir Día amaċ roiṁe ċloinn Israel. 25 ¶ Agus tárla air an ccúigeaḋ blíaḋan do ríoġaċd an ríġ Rehoboam, go ttáinic Sisac ríġ na Hégipte súas a naġaiḋ Ierusalem: 26 Agus rug sé leis ionnṁus ṫiġe an TIĠEARNA, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ; do rug sé leis ċeana an tiomlán: agus rug leis na scíaṫa óir uile noċ do rinne Solaṁ. 27 Agus do rinne an ríġ Rehoboam scíaṫa práis na náit, agus do ċuir sé ar láiṁ ċaiptíne an ġárda íad, noċ do ċoiṁéud dorus ṫiġ an ríġ. 28 Agus is aṁluiḋ do ḃiaḋ, a nuáir do ṫíaġ an ríġ go tiġ an TIĠEARNA, go níomċraidis an garda íad, agus go ttugaidís ar a nais go seomra an ġárda íad. 29 ¶ Anois naċ ḃfuil an ċuid oile do ġnióṁraḋ Rehoboam, agus a nuile ní da ndéarna sé, scrióḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah? 30 Agus do ḃí cogaḋ eidir Rehoboam, agus Ieroboam ar feaḋ a saoġuil. 31 Agus do ċoduil Rehoboam a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ a ḃfoċar a aiṫreaḋ é a ccaṫair Ḋáiḃi. Agus do bé ainm a ṁaṫar Náamah Ammoníteaċ. Agus do ḃí Abiiam a ṁac na ríġ na áit. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society