I Rioġ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Do ṫiormuiġ laṁ Ierobóam, noċ do ṡín sé anaḋaiḋ an ḟáiġ. 23 Do ṁarḃ an leóṁan an faiġ easuṁal. 1 Agus, féuċ, ṫáinic duine le Día amaċ as Iúdah do réir ṫeagaisg an TIĠEARNA go Bétel: agus Ieroboam na ṡeasaṁ ag a naltóir do losgaḋ túise. 2 Agus do éiġ sé a naġaiḋ na haltóra a mbreiṫir an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O altoir, a altoir, is marsó a deir an TIĠEARNA; Féuċ, béarṫar leanaṁ do ṫiġ Ḋáiḃi, da maḋ ainm Iosiah; agus ofráilfiḋ sé ortsa sagairt na náiteaḋ árd noċ loisgeas túis ortsa, agus loisgfiḋṫear cnáṁa daóine ort. 3 Agus ṫug sé coṁarṫa úaḋ án lá sin féin, ḋá ráḋ, Sé so an coṁarṫa do laḃair an TIĠEARNA; Féuċ, stíallfuiġṫear an naltóir, agus an luáiṫreaḋ atá uirre dóirtfiġṫear amaċ í. 4 ¶ Agus tárla, a nuáir do ċúala an riġ Ieroboam glór óglaiċ Dé, noċ do ġair a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, gur ċuir sé a láṁ amaċ ó naltóir, ḋa ráḋ, Beiriġ air. Agus an láṁ, do ċuir sé amaċ na aġaiḋ, do ṫiormuiġ sí súas, iondus nar ḟéud sé a taḃairt ċuige ar a hais a rís. 5 Do scoilteaḋ a naltóir mar an gcéadna, agus do ḋóirt an luáiṫreaḋ amaċ ó naltoir, do réir an ċoṁarṫa ṫug óglaċ Dé re breiṫir an TIĠEARNA. 6 Agus do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt ré hoglaċ Dé, Cuir impiḋe anois ar aġaiḋ do ṪIĠEARNA Dé, agus guiḋ ar mo ṡonsa go naisiocṫar mo láṁ ḋaṁ a rís. Agus do ġuiḋ óglaċ Dé an TIĠEARNA, agus do haisígeaḋ a láṁ a rís don ríġ, agus do ḃí sí mar dó ḃí rioṁe. 7 ¶ Agus a duḃairt an ríġ ré hóglaċ an TIĠEARNA, Tárr liomsa dom ṫiġ, agus léig do scíṫ, agus do ḃéara mé tíoḋlacaḋ ḋuit. 8 Agus a duḃairt óglaċ Dé ris an ríġ, Má ḃeir tú ḋaṁsa leaṫ do ṫiġe, ní raċa mé a steaċ leaċd, ní mó íosas mé arán nó iḃios mé uisge san náitse: 9 Oír is marsin do cuireaḋ do ċúram orum lé breiṫir an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Ná hiṫ arán, agus ná hiḃ uisge, agus narab mó ġéaḃus tú an tsliġe ċéadna ag fileaḋ ḋuit. 10 Marsin dfill sé a sliġe oile, agus níor ġaḃ sé san tsliġe a ttáinic sé ag teaċd go Bétel. 11 ¶ Anois do ḃí seanḟáiġ na ċoṁnuiḋe á Mbétel; agus ṫangadar a ċlann agus dinnseádar ḋó na gníoṁa uile do rinne óglaċ Dé an lá sin a Mbétel: na bríaṫra do laḃair sé ris an ríġ do innseadar íad mar an gcéadna dá naṫair. 12 Agus a duḃairt a naṫair ríu, Cia bí an tsliġe íonar imṫiġ sé? Oir do ċoincadar a ṁac cía ann tsliġe ionar ġaḃ óglaċ Dé, noċ ṫaínic ó Iúdah. 13 Annsin a duḃairt sé ré na ċloinn, Cúiriḋ díallaóid ḋaṁ ar assal. Agus do ġaḃadar an tassal dó: agus do ċuaiḋ uirre, 14 Agus do lean sé a ndiáiġ óglaiċ Dé, agus fuáir sé na ṡuiġe faói ḋaruiġ é: agus a duḃairt sé ris, An tusa óglaċ Dé noċ ṫáinic ó Iudah! Agus a duḃáirt seision, Is mé. 15 Ann sin a duḃairt sé ris, Tárr liomsa don ḃaile, agus iṫ arán. 16 Agus a duḃairt seision, Ní ḟéuduim filleaḋ leaċd, ná dul a steaċ leaċd: ní mó íósas mé arán nó iḃios mé uisce leaċd annsa náitsi. 17 Oír a duḃraḋ riom re breiṫir an TIĠEARNA, Ní iósa tú arán agus ní iḃe tú uisge annsin, agus ní ḟillfiḋ tú san tsliġe ċéadna ag teaċd mar ar ġaḃ tú ag imṫeaċd. 18 A duḃairt seision ris, Is fáiġ misi mar an gcéadna mar ṫusa; agus do laḃair aingeal re breiṫir an TIĠEARNA riom, ġa ráḋ, Taḃair leaċd ar a ais é dot ṫiġ, go niṫe sé arán agus go niḃe sé uisge. Aċd is bréug do rinne sé ris, 19 Mar sin do ċuáiḋ sé ar a ais leis, agus duáiġ sé arán ann a ṫiġ, agus do iḃ sé uisge. 20 ¶ Agus tárla, mar do ḃádar na súiḋe ar an gclár, go ttáinic briaṫar an TIĠEARNA ċum a nfáiġ ṫug eision ar a ais: 21 Agus do éiġ sé ar óglaċ Dé ṫáinic ó Iúdah, ġa raḋ. Is mar so a deir an TIĠEARNA, Ar son gur easurramuiġ tú béul an TIĠEARNA, agus nar cuṁdaiġ tú a naiṫne do aiṫin do ṪIĠEARNA Día ḋíot, 22 Aċt go ttáinic tú ar hais, agus go nduáiġ tú arán agus gur iḃ tú uisge annsa náit, a ttaoḃ a nduḃairt an TIĠEARNA riot, Ná hiṫ arán, agus ná hiḃ uisge; ní ṫiucfuiḋ do ċorp go huáiġ haiṫreaḋ. 23 ¶ Agus tárla, tar éis a naráin diṫe ḋó, agus a nuisge dól, gur ċuir sé díallaoid ar a nassal dó, eaḋon, don nfáiġ noċ ṫug sé leis ar a ais. 24 Agus a nuáir do imṫiġ sé, tárla léoṁan ris ar a tsliġe, agus do ṁarḃ sé é: agus do teilgeaḋ a ċorp ar a tsliġe, agus do ṡeas an tassal láiṁ ris, agus do ṡeas an leoṁan mar an gcéadna láiṁ ris an ccorp. 25 Agus, féuċ, do ḃádar daóine ag gaḃáil láiṁ ris, agus do ċonncadar corp teilgṫe ar a tsliġe, agus an leoṁan na ṡeasaṁ a ḃfoċair an ċuirp: agus tangadar agus dinnisiodar sin ann sa gcaṫruiġ ionar ċoṁnuiġ an seanḟáiḋ. 26 ¶ Agus an tan do ċuálaiḋ an fáiġ ṫug ar a ais é ón tsliġe, a duḃairt, Sé óglaċ Dé é, do ḃi easuṁal do ḃreiṫir an TIĠEARNA: ar a naḋḃarsin do ṫoirḃir an TIĠEARNA don leoṁan é, noċ do réub é, agus do ṁarḃ é, do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé ris. 27 Agus do laḃair sé ré na ċloinn, ġa ráḋ ríu, Cuiriḋ dialláoid ḋaṁ air a nassal. Agus do ċuireadar díalláoid ar do. 28 Agus dimṫiġ sé agus fuáir sé an corp teilgṫe ar a tsliġe, agus an tassal agus an leoṁan na seasaṁ ag an ccorp: níor iṫ an leoṁan an corp, agus níor ṁarḃ sé an tassal. 29 Agus do ṫóg an fáiġ súas corp óglaiċ Dé, agus do ċuir ar a nassal é, agus ṫug leis ar a ais é: agus ṫainic an seanḟáiġ don ċatbruiġ, dá ċaoineaḋ agus dá aḋlacaḋ. 30 Agus do ċuir sé a ċorp iona uáiġ féin; agus do ċaóiḋeadar ós a ċionn, ġa raḋ, A ṫruaiġe, mo ḋearḃraṫair! 31 Agus tárla, tar éis é da aḋlacaḋ, gur laḃair sé ré na ṁacaiḃ, ġa raḋ, A nuáir raċus misi déug, ann sin aḋlacaiḋ mé annsa tuama mar a ḃfuil óglaċ Dé aḋlaicṫe; cuiriḋ mo ċnáṁa laiṁ ré na ċnaṁuiḃ: 32 Oír an glór do ḟúagair sé maille ré breiṫir an TIĠEARNA a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, agus a naġaiḋ uile ṫiġeaḋ na náiteaḋ árd noċ atá a gcaiṫreaċaiḃ Ṡamária, tiucfuid a ccríċ go deiṁin. 33 ¶ A ndiáiġ án ní si níor ḟill Ieroboam ó na ḋroiċṡliġe, aċd do na daóiniḃ ba hísle do rinne a rís sagairt do na háitiḃ árda: giḋ bé ler ḃáill, do ċoisreagaḋ seision é, ċum ḃeiṫ na ṡagairt na náiteaḋ árd. 34 Agus ṫáinig an níse na ṗeacaḋ do ṫiġ Ieroboam, eaḋon dá ġearraḋ amaċ, agus dá scrios ó ḋruim na talṁan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society