I Rioġ 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. Roinneaḋ na ríġeaċda idir Rehoboam, 16 agus Ieroboam. 1 Agus do ċuaiḋ Rehoboam go Seċem: oir ṫangadar Israel uile go Seċem do ḋeánaṁ ríġ ḋe. 2 Agus tárla, a nuáir do ċúala Ieroboam ṁac Nébat sin, noċ do ḃí fós ann sa Négipt, (óir do ṫeiṫ sé as raḋarc an ríġ Soluíṁ, agus do ċoṁnuiḋ Ieroboam ann sa Négipt;) 3 Gur ċuireadar fios agus gur ġoireadar aír. Agus ṫáinic Ieroboam agus coṁċruinniuġaḋ Israel uile, agus do laḃradar re Rehoboam, ġa ráḋ, 4 Do rinne haṫair ar ccuing docraċ: anois air a naḋḃarsin déanasa serḃís dócaṁlaċ haṫar, agus a ċuing ṫrom noċ do ċuir sé orruinne, nios éattruime, agus do ḋeánam serḃís duit. 5 Agus a duḃairt seision riú, Imṫiġ fós go ceann ṫrí lá, annsin tigiḋ a rís ċugam. Agus do imṫiġeadar an pobal. 6 ¶ Agus do rinne an ríġ Rehoboam coṁairle ris na seandáoiniḃ, do ṡeas a laṫair Ṡoluiṁ a aṫar an fad do ḃí fós na ḃeaṫaiġ, agus a duḃairt, Cred í ḃur ccoṁairle le ttiuḃra mé freagra ar an muinntirse? 7 Agus do laḃradarsan, ḋá raḋ, Má ḃíonn tu ad ṡearḃḟoġantuiġ ag an muinntirse a niuġ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋóiḃ, agus a ḃfreagra, agus focail maiṫe do laḃairt riu, annsin beidsion na searḃḟoġantuiḃ agadsa go bráṫ. 8 Aċd do ṫreíg sé coṁairle na seandáoine, noċ ṫugadar ḋó, agus do rinne coṁairle ris na daóiniḃ óga dfás na ḟoċair féin, do ṡeas na laṫair: 9 Agus a duḃairt sé riú, Cred an ċoṁairle do ḃeirṫise le ttiuḃramaois freagra ar an bpobalsa, noċ do laḃair riom, ġa ráḋ, Déana an ċuing do ċuir haṫair oruinne nios éattruime? 10 Agus do laḃradar na dáoine óga ṫáinic súas na ḟoċair, ga ráḋ, Marso laḃeórus tú ris an bpobalsa do laḃair riot, ġa ráḋ, Do rinne haṫair ar ccuing trom, aċd déanasa níos éadtruime ḋúinn í; is marso a déara tú riú, Buḋ reiṁe mo ṁeur beagsa ná slíasad maṫar. 11 Agus anois an tionad ar ṁuiriḋniġ maṫair siḃ le cuing ṫruim, cuirfe mise a gcionn ḃur gcuinge: do smaċduiġ maṫair siḃ le sciúrsaḋuiḃ, aċt smaiċdeoċuiḋ misi siḃ le sgiúrsaḋuiḃ cailgeaṁla. 12 ¶ Marsin ṫaínic Ieroboam agus an pobal uile go Rehoboam an treas lá, mar do órduiġ an ríġ, ḋá ráḋ, Tigiḋ ċugam a rís a gcíonn ṫrí lá. 13 Agus do ḟreagair an ríġ an pobal go borb, agus do ṫreíg sé coṁairle na sean ndaoine noċ ṫugadar ḋó; 14 Agus do laḃair riú do reír ċoṁairle na ndaóine óga, ḋa raḋ, Dó rinne maṫair ḃur ccuing trom, agus cuirfiḋ misi a ccionn ḃur ccuinge: do smaċduiġ maṫair siḃ mar an gcéadna le sciúrsaḋuiḃ, áċt smaiċdeoċuiḋ misi siḃ le sciúrsaḋuiḃ cailgeaṁla. 15 Uime sin nior éist an ríġ ris an bpobal; óir is ón TTIĠEARNA do ḃí an ċúis, ċor go ccoiṁlíonfaḋ sé a ḟocal, noċ do laḃair an TIĠEARNA ré Ahiiah an Siloníteaċ do Ieroboam mac Nébat. 16 ¶ Marsin a nuáir do ċonncadar Israel uile naċ ar éist an ríġ riú, do ḟreagair án pobal an ríġ, ḋá ráḋ, Cred an ċuid ronna atá aguinne do Ḋáiḃi? ní mó ata oiġreaċd aguinn a mac Iesse: éirgiḋe dá ḃur lóistiniḃ, a Israel: anois féuċ dot ṫiġ féin, a Ḋáiḃi. Marsin do imṫiġeadar Israel dá lóistiniḃ. 17 Aċt ar son ċloinne Israel, noċ do rinne áitreaḃ a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, do ḃí Rehoboam ná ríġ ós a ccionn. 18 Ann sin do ċuir an ríġ Rehoboam Adoram, noċ do ḃí ós cionn an ċíosa; agus do ċloċadar Israel uile é le cloċaiḃ, go ḃfúair sé bás. Uimesin do rinne an ríġ Rehoboam deiṫneas do ḋul súas ann a ċarbad, do ṫeiṫeaṁ go Hierusalem. 19 Mar sin do ċuáiḋ Israel a naġaiḋ ṫiġe Ḋáiḃi gus a niuġ. 20 Agus tárla, a nuáir do ċúalada Israel uile Ieroboam do ṫeaċd a rís, gur ċuireadar fios agus gur ġoireadar air ċum an ċoṁċruinniġ, agus go ndéarnadar ríġ ḋe ós cionn Israel uile: ní raiḃ éanduine ag leanṁuinn tiġ Ḋáiḃi, aċd treaḃ Iúdah aṁáin. 21 ¶ Agus a nuáir ṫáinic Rehoboam go Hierusalem, do ċruinniġ sé tiġ Iúdah, uile maille re treiḃ Ḃéniamin, céud agus ceiṫre fiṫċid míle fear toġṫa, noċ do ḃí na luċd cogaiḋ, do ṫroid a naġaiḋ ṫiġe Israel, do ṫaḃairt na rioġaċda a rís do Rehoboam ṁac Soluiṁ. 22 Aċt ṫáinic bríaṫar Dé go Semaiah óglaċ Dé, ġa ráḋ, 23 Laḃair ré Rehoboam, ṁac Soluíṁ, ríġ Iúdah, agus ré tiġ Iúdah agus Ḃeniámin uile, agus re fuiġioll an ṗobail, ḋa ráḋ, 24 As márso a deir an TIĠEARNA, Ní raċtáoi súas, agus ni ṫroidfiḋe a naġaiḋ ḃur ndearḃráiṫreaċ clann Israel: filleaḋ gaċ éanduine aguiḃ ḋá ṫiġ fein; óir is uáimse atá an ní si. Déisteadar san ar a naḋḃarsin ré focal an TIĠEARNA, agus dtilleadar diniṫeaċd do réir ḟocail an TIĠEARNA. 25 ¶ Ann sin do ċuir Ieroboam Seċem súas ar ṡlíaḃ Eṗraim, agus do rinne sé coṁnúiḋe ann, agus dimṫiġ amaċ as sin; agus do ċuir sé Penuel súas. 26 ¶ Agus a duḃairt Ieroboam iona ċroiḋe, A nois fillfiḋ an rioġaċd ċum tiġe Ḋáiḃi: 27 Má ṫeíd na daóinesi súas do ḋéanaṁ íoḋbarṫa a ttiġ an TIĠEARNA ann Ierusalem, annsin iompóċuíḋ croiḋe na ndaoine a rís air a Ttiġearna, eaḋon ar Rehoboam ríġ Iúdah, agus muirfid misi, agus raċuid a rís ċum Rehoboam ríġ Iúdah. 28 Do rinne an ríġ coṁairle aír sin, agus do rinne sé ḋá láoġ óir, agus a duḃairt sé riú, As ro ṁór ḋaóiḃse dul súas go Hierusalem; féaċuiḋ ḃur ndée, a Israel, noċ ṫug amaċ siḃ as criċ na Hégipte. 29 Agus do ċuir sé áon díoḃ a Mbétel, agus do ċuir sé an laoġ oile an Dan. 30 Agus ṫáinic an ní se na ṗeacaḋ: óir do ċuáiḋ an pobal do ḋéanaṁ uṁla, ḋá laṫair so, air fad go Dan. 31 Agus do rinne sé tiġ dáitiḃ árda, agus do rinne sagairt don ċuid dob ísle don ṗobal, naċ raiḃ do ċloinn Léḃi. 32 Agus dórduiġ Ieroboam féusta annsa noċdṁaḋ mí, ar an ccúigeaḋ lá déug don ṁí, saṁuil an nféasta ḃíos ann Iúdah, agus dofráil sé ar a naltóir. (Marsin do rinne sé a Mbétel) ag déanaṁ íoḋbarṫa do na láoġuiḃ do rinne sé: agus do ṡuiġiḋ sé a Mbétel sagairt na náiteaċ ard do rinne sé. 33 Mársin dofráil sé ar a naltóir do rinne sé a Mbétel an cúigeaḋ lá déug don noċdṁaḋ mí, eaḋon annsa mí do ċum sé ó na ċroiḋe fein; agus dórduiġ sé féasta do ċloinn Israel: agus do íoḋbair sé ar a nal óir, agus do loisg sé túis uirre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society