Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Mná, 4 agus ioḋolaḋraḋ Ṡolaiṁ. 9 Maille ré na smaċd.

1 Aċt do ġráḋuiġ an riġ Soluṁ morán ban coiṁíġṫeaċ, (maille re hinġin Ṗarao), mna do na Moabitiġ, Amonítiġ, Edomítiġ, Sidónianuiġ, agus Hititiġ;

2 Do na cineaḋaċaiḃ a ttaoḃ ar laḃair an TIĠEARNA re cloinn Israel, Ní reaċtaóise a steaċ ċugṫasan, ní mo ṫiocfaid síadsan a steaċ ċugaiḃsi: oír go deiṁin iompoċuid síad ḃur ccroiḋṫe do leauṁuin a ndee: do ġreamuiḋ Solaṁ díoḃsa a ngráḋ.

3 Agus do ḃádar seaċd ccéud bean aige, bainṗrionsaḋa, agus trí ċéud leannán: agus diompoiġeadar a ṁná a ċroiḋe.

4 Oír tárla a nuáir do ḃí Soluṁ áosta, gur iompóiġeadar a ṁná a ċroiḋe a ndíaiġ dée oile: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlán le na ṪIĠEARNA Día féin, mar do ḃí croiḋe Ḋáiḃi a aṫar.

5 Oír do ċuáiḋ Solaṁ a ndiáiġ Astarot baindia na Sidónianaċ, agus a ndiáiġ Ṁilcom aḋḟuaṫṁuireaċd na Namoríteaċ.

6 Agus do rinne Solaṁ olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus níor lean go hiomlán an TIĠEARNA, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.

7 Annsin do ċuir Solaṁ ionad árd súas do Ċémos, gráineaṁlaċd Ṁoab, annsa ċnoc atá as coinne Ierusalem, agus do Ṁóleċ, gráineaṁlaċd ċloinne Ammon.

8 Agus mar an gcéadna do rinne sé ar son a ḃan ccoiṁiṫeaċ uile, noċ do loisg túis agus do rinne íoḋbairt da ndéeiḃ.

9 ¶ Agus do ḃí an TIĠEARNA feargaċ ré Solaṁ, do ḃríġ gur iompóiġ a ċroiḋe ón TTIĠEARNA Día Israel, noċ do taiḋḃreaḋ ḋó fa ḋó,

10 Agus do ṫug aiṫne ḋó a ttaoḃ a níḋ so, naċ raċaḋ sé a ndiáiġ dée oile: aċt níor ċoiṁéad sé an ní sin do aiṫin an TIĠEARNA ḋe.

11 Uime sin a duḃairt an TIĠEARNA re Solaṁ, Do ḃríġ go ndéarna tusa so, agus nar coṁuill tú mo ċunnraḋsa agus mo reaċda, do aiṫin mé ḋíot, fuaideoċaiḋ misi go deiṁin an rioġaċd uáit, agus do ḃéara mé dot ṡearḃḟoġantuiġ í.

12 Giḋeaḋ ann do laeṫiḃsi ní ḋéana mé é ar son haṫar Dáiḃi: aċd fuáideoċa mé í as láiṁ do ṁic.

13 Giḋeaḋ ní scarfa mé an rioġaċd uile; aċd do ḃéara mé éaintreaḃ aṁáin dot ṁacsa ar son Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ, agus ar son Ierusalem do ṫoġ mé.

14 ¶ Agus do ċorruiġ an TIĠEARNA náṁuid súas a naġaiḋ Ṡoluiṁ, Hadad an Tedomíteaċ: do buḋ do ṡíol an ríġ ann Edom é.

15 Oír tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi ann Edom, agus ar ndul súas do Ióab caiptín an tslóiġ, daḋlaċaḋ na marḃ, tar éis gaċ éain ḟirionnaċ do ṁarḃaḋ ḋó ann Edom;

16 (Oir dfan Ióab sé ṁí annsin agus Israel uile, no gur ġéarr sé amaċ a raiḃ dfearaiḃ ann Edom:)

17 Gur ṫeiṫ Hádad, é féin agus Edomitiġ áiriġ do ṡearḃḟoġantuiḃ a aṫar maille ris, do ḋul don Négipt; ar mbeiṫ do Hádad fós na leanaṁ óg.

18 Agus déirġeadar amaċ as Mídian, agus tangadar go Páran: agus rugadar daóine léo as Páran, agus tangadar don Négipt, go Ṗárao ríġ na Hégipte; noċ ṫug tiġ ḋó, agus dórduiġ bíaḋ ḋó, agus ṫug fearann dó.

19 Agus fuáir Hádad faḃar mór a raḋarc Ṗárao, iondus go ttug ḋó na mnaoi deirḃṡíur a ṁná féin, deirḃṡiúr Ṫaṗenes an ḃainríoġan.

20 Agus rug deirḃṡiúr Ṫaṗenes a ṁac Genubat ḋó, noċ do oil Taṗenes a ttiġ Ṗárao: agus do ḃí Genubat a tteaġlaċ Ṗárao a measc ṁac Ṗárao.

21 Agus a nuáir do ċúaluiḋ Hádad san Négipt gur ċoduil Dáiḃi a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus gur marḃaḋ Ióab caiptín an tslóiġ, a duḃairt Hádad re Ṗárao, Léig ḋaṁ imṫeaċd go ndeaċuiḋ mé dom ṫír féin.

22 Ann sin a duḃairt Ṗárao ris, Aċt cred is easḃuiḋ ḋuit am ḟoċairsi, féuċ, as a níarran tú dul dot ṫír féin? Agus do ḟreagair seision, Ni heaḋ: aċd ar a ṡonsin léig ḋaṁ imṫeaċd ar gaċ éanċor.

23 ¶ Agus do ċorruiġ Día náṁuid oile súas na aġaiḋ, Reson mac Eliada, noċ dó ṫeiṫ ó na ṫiġearna Hádadeser ríġ Sóbah:

24 Agus do ċruinniġ sé daóine ċuige, agus do rinneaḋ caiptín ós cionn cuidéaċda ḋe, a nuáir do ṁarḃ Dáiḃi daóine Ṡóbah: agus do ċúadar go Damascus, agus do áitiġeadar ann sin, agus do ḃí sé na ríġ an Damascus.

25 Agus do ḃí sé na náṁuid ag Israel ar feaḋ ṡaoġail Ṡoluiṁ, taoḃ amuiġ don olc do rinne Hádad: agus do ḟúaṫaiġ se Israel, agus do ḃí na ríġ ós cionn na Síria.

26 ¶ Agus Ieroboam mac Nébat, Eṗratíteaċ as Sereda, searḃḟoġantuiġ Ṡoluiṁ, (noċ ar ḃe ainm a ṁaṫar Seruah, baintreaḃaċ), do ṫóg seision fós a láṁ súas a naġaiḋ an ríġ.

27 Agus do bé so an taḋḃar as ar ṫóg sé súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ: do ṫóg Soluṁ Millo, agus do leasuiġ se beárrnaḋa ċaíṫreaċ Ḋáiḃi a aṫar.

28 Agus do ḃí an duine sin Ieroboam na ḋuine arraċdaċ a ngaisgiḋe: agus mar do ċonnairc Solaṁ go raiḃ an tógánaċ tionnscantaċ, do rinne sé úaċdaran de ós cionn ċúruim ṫiġe Ióseṗ uile.

29 Agus tárla a núair sin an tan do ċúaiḋ Ieroboam amaċ as Ierusalem, go ḃfuáir an ḟaíḋ Ahiiah an Silóníteaċ é annsa tsliġe; agus do ġaḃ uime éadaċ núaḋ; agus do ḃádar aráon leó fein san ṁaċaire:

30 Agus rug Ahiiah ar a néadaċ núaḋ do ḃí uimesion, agus do réub sé a ndá ċuid déug é:

31 Agus a duḃairt sé ré Ieroboam, Glacsa deiċ ccuid: óir is marsó á deir an TIĠEARNA, Día Israel, Féuċ, stíallfa misi an rioġaċd as láiṁ Ṡoluiṁ, agus do ḃéara mé deiċ ttreaḃa ḋuitsi:

32 (Aċt do ġeaḃa seísion eantreaḃ aṁaín ar son mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, agus ar son Ierusalem, an ċaṫair noċ do ṫoġ mé amaċ as treaḃuiḃ Israel uile:)

33 Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.

34 Ar a ṡonsin ní ḃeanfa mé an rioġaċd uile as a láiṁ: aċd do ḋéana mé prionnsá ḋe ar feaḋ uile laéṫe a ḃeaṫa ar son Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ, nóċ do ṫoġ mé, do ḃríġ gur ċoiṁeud sé maíṫeanta agus mo reaċda:

35 Aċt beanfa mé an rioġaċd as láiṁ a ṁic, agus do ḃéara mé ḋuitsi, ieaḋon deiċ ttreaḃa.

36 Agus do ḃéara mé aointreaḃ aṁáin da ṁacsan, ċor go mbía ag Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ solus roṁam a ccoṁnuiġe ann Ierusalem, an ċaṫair do ṫoġ mé ḋaṁ féin do ċur manma innte.

37 Agus glacfa mé ṫusa, agus biáiḋ tú ad ríġ do réir a nuile neiṫe is toil led hanum, agus biáiḋ tú ad ríġ ós cionn Israel.

38 Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.

39 Agus cráiḋfiġ mé uime so slioċd Ḋáiḃi, aċd ní go bráṫ.

40 Do ḃí Soluṁ ar a naḋḃar sin ag iarruiḋ Ieroboam do ṁarḃaḋ. Agus déiriġ Ieroboam, agus do ṫeiṫ sé don Négipt go Sírac ríġ na Hégipte, agus do ḃi sé san Négipt go bás Ṡoluiṁ.

41 ¶ Agus an ċuid oile do ġnioṁraḋ Ṡolaiṁ, agus a nuile ní dá déarna sé, agus a ċríonnaċd, naċ ḃfuílid síad scríoḃṫa a leaḃar ġnioṁraḋ Ṡoluiṁ?

42 Agus an fad do ḃí Soluṁ na ríġ an Ierusalem ós cionn Israel uile do buḋ ḋá ḟiṫċiod ḃlíaḋan.

43 Agus do ċoduil Soluṁ a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a ccaṫair Ḋáiḃi a aṫar: agus do ḃi Rehoboam a ṁac na ríġ ann a ait.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan