Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Rioġ 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X. Táinic bainrioġan Ṡeba, do ċúr ceastanna ar Ṡolaiṁ.

1 Agus a núair do ċúalaiḋ bainríoġan Ṡéba clú Ṡoluiṁ fá anma an TIĠEARNA, ṫáinic sí dá ḋearḃaḋ le ceastuiḃ cruaiḋe.

2 Agus ṫáinic sí go Hierusalem ré cuideaċduin roṁóir, maille re cáṁalluiḃ diomċuir spíosraiḋ, agus iomarcaiġ óir, agus cloċa uáisle: agus a nuáir ṫáinic sí mar a raiḃ Soláṁ, do ċoṁráiḋ si ris fá gaċ éinni dá raiḃ ann a croiḋe.

3 Agus dinnis Solaṁ ḋi a ceastanna uile: ní raiḃ éainni díam hair air an ríġ, naċ ar innis sé ḋi.

4 ¶ Agus a nuáir do ċonnairc bainríoġan Ṡéba críonnaċd Ṡoluiṁ uile, agus an tiġ do ṫóg sé,

5 Agus biáḋ a ḃuird, agus suiḋe a ṡerḃíseaċ, agus miniostralaċd a luċd friṫeoilte, agus a néuduiġe, agus fós a ġiolluiġe cupáin, agus a ḋul súas mar a ttíaġ súas go tiġ an TIĠEARNA; ní raiḃ nios mó do spioruid inte.

6 Agus a duḃairt sí ris an ríġ, As fíor a naiṫris do ċuala misi am ḋuiṫċe féin ar do ġníoṁuiḃsi agus ar do ċríonnaċd.

7 Giḋeaḋ níor ċreid mé na bríaṫra, nó go ttáinic mé, agus go ḃfacuiḋ mo ṡúile íad: agus, féuċ, níor hinnseaḋ a leaṫ ḋaṁ: do ṡáruiġ do ċríonnaċd agus do ṡonus an túarusgḃáil do ċúala mé.

8 Is sona atáid do ḋaóine, sona atáid so do ṡerḃísiġ, noċ ṡeasas a ccoṁnuiġe ad laṫair, agus ċluinneas do ċríonnaċd.

9 Go maḋ beannuiġ do ṪIĠEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot ṡuiġiuġaḋ a ccaṫaóir ríoġa Israel: do ḃríġ gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA Israel go bráṫ, as uime sin do rinne sé ríġ ḋiotsa, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.

10 ¶ Agus ṫug sí don ríġ céud agus fiṫċe tallann óir, agus roṁórán spíosraḋ, agus cloċ úasal: ní ṫainic a ríaṁ na ḋiáiġ nios mó do ṡaiḋḃrios spíosraḋ ná íad so ṫug bainríoġan Ṡéba don ríġ Solaṁ.

11 Agus coḃlaċ Híram mar an gcéadna, noċ ṫug ór ó Oṗir, ṫugadar leó ó Oṗir ro ṁórán crann Almug, agus cloċ úasal.

12 Agus do rinne an ríġ do na crannuiḃ Almug piléir do ṫiġ an TIĠEARNA, agus do ṫiġ an ríġ, cláirseaċa mar an gcéadna agus aḋḃa ċíuil don luċd ceóil: ní ṫainic a leiṫéid sin do ċrannuiḃ Almug, ní mó do ċonncus íad gus a niuġ.

13 Agus ṫug an ríġ Solaṁ do ḃaínríoġain Ṡéba a míana uile, giḋ bé ar biṫ ní díarr sí, táoḃ amuiġ ḋá ttug an ríġ Solaṁ ḋi dá ṫioḋlaiciḃ ríoġaṁla féin. Marsin dfill sí, agus do ċuáiḋ dá tír féin, í féin agus a muinntir.

14 ¶ Anois do bé cóṁṫrom a nóir ṫáinic ċum Soluiṁ a néainḃlíaḋuin sé ċéud trí fiṫċid agus sé tallanna óir.

15 Taoḃ amuiġ dá ḃfuáir sé ó na ceannuiġiḃ, agus ó ṫurusaiḃ ceannuiġeaḋ na spíosraḋ, agus ó ríġṫiḃ na Harábia uile, agus ó úaċdaránuiḃ na tíre.

16 ¶ Agus do rinne an ríġ Solaṁ ḋá ċéud sgíaṫ dór ḃúailte: sé ċéud secel óir do ċuáiḋ ċum gaċ éain scéiṫe.

17 Agus do rinne sé trí ċéud láiṁsciaṫ dór ḃuailte; do ċuáiḋ trí ṗunta óir ċum gaċ éainscéiṫe: agus do ċuir an ríġ íad a ttiġ na foraóise a Lebanon.

18 ¶ Mar an gcéadna do rinne an ríġ caṫaóir ṁór ríoġa do ebur, agus dfoluiġ í uile re hór fíorġlan.

19 Do ḃádar sé ċoiscéim ag an gcaṫaóir, agus mullaċ na caṫaóire cruinn taoḃ ṡíar: agus do ḃádar fulaing ar gaċ taóiḃ do nionad suiḋe, agus ḋá leoṁan na seasaṁ re taóiḃ na ḃfulang.

20 Agus do ṡeas ḋá leoṁan déug annsin ar a ttaóiḃse agus ar an ttáoiḃ oile ar na sé ċoiscéim: ní déarnaḋ a leiṫéid a néainrioġaċd.

21 ¶ Agus do ḃádar soiṫiġe óil ṫiġe Ṡoluiṁ uile dór, agus soiṫiġe tiġe ḟoraóise Lebanon do ḃádar uile dór ḟiorġlan; níor ḃairgead éantsoiṫeaċ ḋíoḃ: ní raiḃ meas air a láeṫiḃ Ṡoluíṁ.

22 Oír do ḃí ag an ríġ ar fairge coḃlaċ Ṫarsis maille re coḃlaċ Híram: éanuáir annsna trí blíaḋnaiḃ do ṫigeaḋ coḃlaċ Ṫarsis, ag taḃairt óir, agus airgid, agus ḟíacal Eleṗant, agus Appaḋ, agus ṗéacóg.

23 Marsin do ṡáruiġ an ríġ Solaṁ riġṫe an doṁuin uile á saiḋḃrios agus a neagna.

24 ¶ Agus do ḃí an sáoġal uile ag íarruiḋ teaċd go Soluṁ, déisteaċd ré na eagna, noċ do ċuir Día iona ċroiḋe.

25 Agus ṫugadar léo gaċ áon aca a ḃronntanus, soiṫiġe airgid, agus soiṫiġe óir, agus culaiḋeaċa, agus arm, agus spíosraḋ, eiċ, agus múilliġ, suim áiriġ gaċa blíaḋna.

26 ¶ Agus do ċruinniġ Solaṁ a gceann a ċeile carbuid agus marcslúaġ: agus do ḃí aige míle agus ceiṫre ċéud carbad, agus ḋá ṁile ḋéug marcaċ, noċ do ċuir sé annsna caiṫreaċaiḃ ċum na ccarbad, agus ag an ríġ ann Ierusalem.

27 ¶ Ṫug an ríġ airgiod do ḃeiṫ ann Ierusalem aṁuil cloċa: agus ṫug cedar do ḃeiṫ ann aṁuil crann sicamor noċ atá ánnsa ġleann, air líonṁaireaċd.

28 ¶ Agus do ṫigeaḋ ċum Soluiṁ eiċ as an Négipt, agus snáṫ lín: do ġlacaidís ceannuiġṫe an riġ an snáṫ lín ar ṡuim áiriġ.

29 Agus do ċuáiḋ carbad súas agus ṫáinic as an Négipt ar ċeann sé ċéad secel airgid, agus eiċ ar ceann ċéud agus cáogad: agus mairsin do ríoġuiḃ na Hititeaċ uile, agus do ríoġuiḃ na Síria, agus do ḃeireaḋ síadsan amaċ íad le na láiṁ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan