I Croinicoiḃ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Curam na nsugart agus na nleḃiteaċ. 35 Sinsiorraċd Ṡauil. 1 Mar sin do háirṁeaḋ Israel uile na nginealaċaiḃ; agus, féuċ, do ḃádar scríoḃṫa a leaḃar ríoġ Israel agus Iúdah, noċ do rugaḋ a mbruid don Ḃabilon ar son a bpeacuiḋ. 2 ¶ Anois na cead áitreaḃuiġ do ċoṁnuiġ iona sealḃuiḃ iona ccaiṫreaċaiḃ féin, do bíad na Hisraeltíġ, na sagairt, na Leḃitiġ, agus na Netinimiġ. 3 ¶ Agus ann Ierusalem do áitreaḃadar do ċloinn Iúdah, agus do ċloinn Ḃeniamin, agus do ċloinn Eṗraim, agus Ṁanasseh; 4 Utai ṁac Ammihud, ṁic Omri, ṁic Imri, ṁic Bani, do ċloinn Ṗares ṁic Iúdah. 5 Agus do na Silonítiḃ; Asaiah na ċédġin, agus a ṁic. 6 Agus do ṁacaiḃ Sérah, Ieuel agus a ndearḃráiṫre, sé ċéad agus nóċad. 7 Agus do ṁacaiḃ Beniamin; Sallu ṁac Mesullam, ṁic Hodaḃiah, ṁic Hasenuah, 8 Agus Ibneiah ṁac Ieroham, agus Elab ṁac Ussi, ṁic Miċri, agus Mesullam ṁac Seṗatiah, ṁic Réḃel, ṁic Ibniiah; 9 Agus a ndearḃráiṫre, do réir a sleaċda, naói gcéad agus cáogad agus seisior. Ba príoṁaiṫre íad so uile a ttiġ a naiṫreaḋ. 10 ¶ Agus do na sagartuiḃ; Iedaiah, agus Iehoiarib, agus Iaċin, 11 Agus Asaríah ṁac Hilciah, ṁic Mesullam, ṁic Sádoc, ṁic Meraiot, ṁic Ahitub, úaċdarán ṫiġe Dé; 12 Agus Adaiah ṁac Ieroham, ṁic Passur, ṁic Malċiiah, agus Maasiai ṁac Adiel, ṁic Iahserah, ṁic Mesullam, ṁic Mesillimit, ṁic Immer; 13 Agus a ndearḃráiṫre, cinn ṫiġe a naiṫreaḋ, míle agus seaċd ccéad agus trí fiṫċid; daóine ro ullṁa ċum oibre ṡeirḃíse tiġe an TIĠEARNA. 14 ¶ Agus do na Leḃítiḃ; Semaiah ṁac Hassub, ṁic Asricam, ṁic Haṡabiah, do ṁacaiḃ Merári; 15 Agus Bacbacar, Héres, agus Gálal, agus Mattaniah ṁac Mícah, ṁic Siċri, ṁic Asaṗ; 16 Agus Obadiah ṁac Semaiah, ṁic Gálal, ṁic Iedutun, agus Bereċia ṁac Asa, ṁic Elcánah, noċ do ċoṁnuiġ a mbailtiḃ na Netoṗatiteaċ. 17 Agus dob íad na doirséoiriġ, Sallum, agus Accub, agus Talmon, agus Ahiman, agus a ndearḃráiṫre: do bé Sallum a cceannṗort; 18 (Noċ do ḃí gus a namsin ag feiṫioṁ a ngeata an ríġ leaṫ ṡoir:) do ḃádar na ndoirseóiriḃ a ccuideaċduiḃ ċloinne Léḃi. 19 Agus dob é Sallum ṁac Córe ṁic Ebiasaṗ, ṁic Corah, agus a ḋearḃráiṫre, do ṫiġ a aṫar, na Corahitiġ, do ḃí ós cionn oibre na seirḃíse, na luċd coiṁéada ġeataḋ an tabernacuil: ar mbeiṫ dá naiṫriḃ, ós cionn ṡlóiġ an TIĠEARNA na ccoiṁeaduiġ an ṗóirse. 20 Agus Ṗineas ṁac Eleásar buḋ uaċdarán ós a cionn a nallod, agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris. 21 Agus Secariah ṁac Meselemiah ba doirseóir do ḋorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ. 22 Iadso uile noċ do toġaḋ do ḃeiṫ na ndoirseoiriġiḃ annsna geataḋuiḃ bá ḋá ċéad iad agus dá ḟear ḋéug. Do háirṁeaḋ íad so do réir a nginelaċ iona mbailtiḃ, noċ dó órduiġ Dáiḃi agus Samuel an féuċdóir ann a noifig ċinnte. 23 Mar sin do ḃí acasan agus agá ccloinn coiṁéad ġeata ṫiġe an TIĠEARNA, ṫiġe an tabernacuil, lé sealuiḋeaċd coiṁéada. 24 Do ḃádar na doirseóiriġ a cceiṫre cceaṫraṁnuiḃ, ṡoír, ṡiar, buḋ ṫuaiġ, agus buḋ ḋeas, 25 Agus a ndearḃráiṫre do ḃí annsna bailtiḃ, do ḃí orra teaċd léo a ndiáiġ ṡeaċd lá ó am gó ham. 26 Oír do ḃádar na Leḃítiġse, na ceiṫre hárdḋoirseóiriġ, iona noifig ċinnte, agus do ḃádar ós cionn ṡéomraḋ agus ionnṁusa ṫiġe Dé. 27 Agus do ġlacaidís lóistin timċioll fa ccuáirt ṫiġe Dé, do ḃríġ gurob orra do ḃí an cúram, agus gur ríu do ḃean a ḟosglaḋ gaċ maidin. 28 Agus do ḃí cúram soiṫeaċ na miniostralaċda ar ċuid áiriġ ḋioḃ, ionnus go mbeirdís a steaċ agus a maċ íad a núiḃir ċinte. 29 Do hórduiġeaḋ cuid díoḃ mar an ccéadna do ċoiṁéad na soíṫeaċ, agus uile instruimentiġ na sanctora, agus ṗlúir ḟínéalta, agus a nfíona, agus na hola, agus ná tuise, agus na spíosraḋ. 30 Agus do níoḋ cuid do ṁacaiḃ na sagart a nola do na spíosruiḃ. 31 Agus Mattitiah, áon do na Leḃítiḃ, (noċ bá céidġin do Ṡallum an Corahiteaċ), Is aige do ḃí a noifig ċinnte ós cionn na neiṫeann do niṫiġ sna hoiġniḃ. 32 Agus cuid oile dá ndearḃráiṫriḃ, do ṁacaiḃ na Ccohatiteaċ, do ḃí ós cionn a naráin ṫaisbéanta, dá ullṁuiġaḋ gaċ aon lá saóire. 33 Agus Is íadso na cantairiġ, cinn aiṫreaḋ na Leḃíteaċ, noċ do ḃí sáor annsna séomraḋuiḃ: óir do ḃádar ar siuḃal san nobair sin do ló agus doiḋċe. 34 Na haiṫreaċa toġṫasa na Leḃiteaċ síad dob onóruiġ ar feaḋ a sleaċdann; ann Ierusalem do ċoṁnuiġeadar. 35 ¶ Agus ann Gibeon do áitreiḃ aṫair Ġibeon, Iehiel, agus do bí ainm a ṁná Maaċa: 36 Agus a ċéidġin ṁic Abdon, annsin Sur, agus Cis, agus Baal, agus Ner, agus Nádab, 37 Agus Gédar, agus Ahio, agus Seċariah, agus Miclot. 38 Agus do ġein Miclot Símeám. Agus do áitreaḃadarsan mar an gcéadna a ḃfoċair a ndearbráiṫreaċ ann Ierusalem, ṫall as coinne a ndearḃraiṫreaċ. 39 Agus do ġein Ner Cis, agus do ġein Cis Saul; agus do ġein Saul Ionatan, agus Malċisua, agus Abinadab, agus Esbaal. 40 Agus do bé mac Ionatain Meribaal: agus do ġein Meribaal Micah. 41 Agus dob íad mic Ṁicah Piton, agus Méleċ, agus Tahreá, agus Ahas. 42 Agus do ġein Ahas Iárah; agus do ġein Iárah Alemet, agus Asmaḃet, agus Simri, agus do ġein Simri Mósa; 43 Agus do ġein Mósa Bineá; agus Reṗaiah a ṁac sin, agus Eleásah a ṁac sin, Asel a ṁac sin. 44 Agus do ḃádar seisear mac ag Asel, ar ḃíad so a nanmanna, Asricam, Boċeru, agus Ismael, agus Seáriah, agus Obadiah, agus Hánan: dob íad so mic Asel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society