Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Clann Issaċar, 6 Ḃeniamin, 13 Neṗtali 14 Ṁanasse. 20 Agus Eṗraim.

1 Anois dob íad mic Issaċar, Tola, agus Puah, Iassub, agus Simron, ceaṫrar.

2 Agus mic Ṫóla; Ussi, agus Reṗaiah, agus Ieriel, agus Iahmai, agus Iibsam, agus Semuel, cinn ṫiġe a naṫar Tóla: do ḃadar na ndaóine cróḋa a ccuṁaċd iona nginealaċaiḃ; agus ba hé a nuiḃir a laóṫiḃ Ḋáiḃi ḋá ṁíle agus fiṫċe agus sé ċéud.

3 Agus mic Ussi; Israhiah: agus mic Israhiah; Miċael, agus Obadiah, agus Ioel, Issiah, cúigear: oireaġḋa íad uile.

4 Agus do ḃádar acasan, do réir a nginealaċ, do réir ṫiġe a naiṫreaḋ, bannaḋa saiġdíur ċum cogaiḋ, fiṫċe agus sé ṁíle ḋéug fear: óir do ḃí mórán ban agus cloinne aca.

5 Agus a ndéarḃráiṫre a measc ṁuínntear Issaċar do ḃádar uile na ndaóine neartṁara, ar na ccoṁáirioṁ uile do réir a nginealaċ ceiṫre fiṫċid agus seaċd míle.

6 ¶ Mic Ḃeniamin; Bela, agus Béċer, agus Iediael, tríur.

7 Agus mic Ḃela; Esbon, agus Ussi, agus Ussiel, agus Ierimot, agus Iri, cúigear; cinn ṫiġe a naiṫreaḋ, daóine láidre a ccróḋaċd; agus do háirṁeaḋ íad do réir a nginealaċ ḋá ṁíle agus fiṫċe agus tríoċad agus ceaṫrar.

8 Agus mic Ḃeċer; Semira, agus Ioas, agus Elieser, agus Elioenai, agus Omri, agus Ierimot, agus Abiah, agus Anatot, agus Alamet. Is íad so uile mic Ḃéċer.

9 Agus dob é a núiḃir, do réir a nginealaċ tres a seanċas, do réir ċeann tiġe a naiṫreaḋ, daóine árraċda a ngaisciḋ, fiṫċe míle agus dá ċéad.

10 Mic Iediael mar an ccéadna; Bilhan: agus mic Ḃilhan; Ieus, agus Beniamin, agus Ehud, agus Ċenaanah, agus Setan, agus Tarsis, agus Ahisahar.

11 Míc Iediael íadso uile, do réir ċeann a naiṫreaḋ, daóine cuṁaċdaċa a ngaisciḋ, séaċd míle ḋéug agus dá ċéud, iomċuḃaiḋ ċum dul amaċ ċum cogaiḋ agus ċum caṫa.

12 Suppim mar an gcéadna, agus Huppím, clann Ir, agus Hussim, mic Aher.

13 ¶ Mic Naṗtali; Iahsiel, agus Guni, agus Ieser, agus Sallum, mic Ḃilhah.

14 ¶ Mic Ṁanasseh; Asriel, noċ rug sisé: (sí a leannán an Taramiteaċ do rug Maċir aṫair Ġíleád:

15 Agus ṫug Maċir na mnáoi deirḃṡiúr Huppim agus Suppim, noċ dar ḃainim Maaċah) agus dob é ainm an dara Seloṗehad: agus do ḃádar inġeana ag Seloṗehad.

16 Agus rug Maaċa bean Maċir mac, agus ṫug sí Péres daínm air; agus ainm a ḋearḃraṫar Séres; agus dob íad a ṁic Ulam agus Racem.

17 Agus mic Ulam; Bédan. Dob íadso mic Ġileád ṁic Máċir, ṁic Manasseh.

18 Agus a ḋeirḃṡiúr Hammolecet rug sí Isod, agus Abieser, agus Mahalah.

19 Agus dob íad mic Ṡemida, Ahian, agus Seċem, agus Lici, agus Aniam.

20 ¶ Agus mic Eṗraim; Sutelah, agus Béred a ṁac, agus Tahat a ṁac sin, agus Eladah a ṁac sin, agus Tahat a ṁac sin,

21 Agus Sabad a ṁac sin, agus Sutelah a ṁac sin, agus Eser, agus Eleád, noċ do ṁarḃadar muinntir Ġát do rugaḋ annsa dúiṫċe sin, do ḃríġ go ttangadar síos do ḃreiṫ a náirnéise leó.

22 Agus do ċaóin Eṗraim a naṫair íad mórán do laéṫiḃ, agus ṫangadar a ḋearḃráiṫre do ṫaḃairt soláis dó.

23 ¶ Agus a nuáir do ḃí sé agá ṁnaói, do ṫoirrċeaḋ í, agus rug sí mac, agus ṫug sí Bériah dainm air, ar son ḋroiċċinneaṁna a tiġe.

24 (Agus do bí Sérah a inġean, noċ do ċuir súas Betóron íaċdaraċ, agus úaċdaraċ, agus Ussen‐Sérah.)

25 Agus dob é a ṁac Réṗah, agus fós Réseṗ, agus Télah a ṁac sin, agus Tahan a ṁac sin,

26 Laadan a ṁac sin, Ammihud a ṁac sin, Elisama a ṁac sin,

27 Non a ṁac sin, Iehosua a ṁac sin.

28 ¶ Agus dob íad a sealḃa agus a náite coṁnuiḋe, Bétel gun a bailtiḃ, agus Naaran don taóiḃ ṡoir, agus Geser gun a bailtiḃ, don táoiḃ ṡíar; Seċem mar an gcéadna gun a bailtiḃ, go nuige Gása agus a bailte.

29 Agus leaṫ ré teórannuiḃ ċloinne Manasseh, Bet‐sean agus a bailte, Taanaċ agus a bailte, Meigiddo agus a bailte, Dor agus a bailte. As iontaso do áitreaḃadar clann Ioseṗ ṁic Israel.

30 ¶ Mic Asser; Imnah, agus Isuah, agus Isuai, agus Bériah, agus Sérah a ndeirḃṡiúr.

31 Agus mic Ḃéria; Heber, agus Malċiel, noċ is é aṫair Ḃirsaḃit.

32 Agus do ġein Heber Iaṗlet, agus Sómer, agus Hotam, agus Suah a ndeirḃṡiúr.

33 Agus mic Iaplet; Pásaċ, agus Bimmal, agus Asḃat, asiad so mic Iaṗlet.

34 Agus mic Ṡamer; Ahi, agus Rogah, Iehubbah, agus Aram.

35 Agus mic a ḋearḃraṫar Hélem; Sóṗah, agus Imna, agus Seles, agus Amal.

36 Mic Ṡoṗah; Suah, agus Harneṗer, agus Sual, agus Béri, agus Imrah,

37 Beser, agus Hod, agus Samma, agus Silsah, agus Itran, agus Beera.

38 Agus mic Ieṫer; Ieṗunneh, agus Pispa, agus Arah.

39 Agus mic Ulla; Arah, agus Haniel, agus Resiah.

40 Dob íad so uile clann Assér, cinn ṫiġe a naiṫreaḋ, dáoine toġṫa neartṁara a mbéoḋacd, roġa na bprionnsaḋ. Agus do bé a nuiḃir ar feaḋ a nginealaċ don ṁéid do ḃí abuiḋ ċum cogaiḋ agus ċum caṫa fiṫċe agus sé míle feár.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan