I Croinicoiḃ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Slioċd Reubein, Ġad, agus leiṫreiḃ Ṁanasseh. 1 Anois mic Reuben ceidġin Israel, (oir isé rugaḋ ar ttús; aċd, do ċionn gur ṫrúailliġ sé leaba a aṫar, tugaḋ a ċeart oiġreaċda do ṁacaiḃ Ioseṗ ṁic Israel: agus ní ḃfuil an ginealaċ re áirioṁ do réir an ċeirtbearṫa. 2 Oír do ḃúaḋuiġ Iúdah ós cionn a ḋearḃráiṫreaċ, agus úaḋ ṫangadar na príoṁúaċdaráin; aċt buḋ le Ioseṗ an ceirtbearṫa.) 3 Dob íad mic Reuben, a deirim, céidġin Israel, Hanoċ, agus Pallu, Hesron, agus Carmi. 4 Mic Ioel; Semaiah a ṁac sin, Gog a ṁac sin, Simei a ṁac sin, 5 Micah a ṁac sin, Reaiah a ṁac sin, Baal a ṁac sin, 6 Beerah a ṁac sin, noċ rug Tilgat‐Pilneser ríġ na Hassíria leis a láiṁ: do ḃí sé na ṗrionnsa air na Reubenitiḃ. 7 Agus a ḋearḃraiṫre do réir a muinntear, a núair do háirṁeaḋ ginealaċ a ngeineaṁna, dob íad dob éifeaċduiġ, Ieiel agus Seċariah. 8 Agus Bélas ṁac Asas, ṁic Sema, ṁic Ioel, noċ do rinne coṁnuiḋe ann Aroer, air fad go nuige Nébo agus Baalmeon: 9 Agus do áitiġ sé don taóiḃ ṡoir go dul a steaċ an nfásaiġ ó naḃuinn Euṗrátes: do ḃríġ gur ḟoirlíonadar a náirnéis a ḃfearann Gileád. 10 Agus a láeṫiḃ Ṡauil do rinneadar cogaḋ ris na Hagaríteaċaiḃ, noċ do ṫuit lé na láiṁ: agus do ċoṁnuiġeadar iona lóistíniḃ ar feaḋ uile ḟearuinn Ġíleád buḋ ṡoír. 11 ¶ Agus do áitreaḃadar clann Ġad as a ccoṁair ṫall, a ḃfearann Básan go nuige Salcah: 12 Ioel an tí bá féarr, agus Saṗam na ḋiáiġ, agus Iaanai, agus Saṗat ann Básan. 13 Agus dob íad a ndearḃráiṫre do ṫiġ a naiṫread, Miċael, agus Mesullam, agus Séba, agus Iorai, agus Iaċan, agus Sia, agus Heber, móirṡeisior. 14 Is íad so clann Abihail ṁic Húri, ṁic Iaroah, ṁic Gíleád, ṁic Miċael, ṁic Iesisai, ṁic Iahdo, ṁic Bus; 15 Ahi ṁac Abdiel, ṁic Gúni, bá ceann tiġe a naiṫreaḋ. 16 Agus do áitreaḃadar a Ngílead ann Básan, agus íona ḃailtiḃ, agus taoḃ amuiċ do ḃallaḋuiḃ Ṡáron, ar a nimioluiḃ. 17 Do háirṁeaḋ íad so uile lé ginealaċaiḃ a láeṫiḃ Iotam ríġ Iúdah, agus a láeṫiḃ Ieroboam ríġ Israel. 18 ¶ Mic Reuben, agus na Gadítiġ, agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, do ḋaóiniḃ cróḋa, cuṁaċdaċa ċum sgéiṫe agus cloiḋiṁ diomċar, agus ċum láṁuiġ as boġa, agus éolaċ a ccogaḋ, do ḃádar ceaṫraċad agus ceiṫre ṁíle seaċd ccéud agus trí fiṫċid, do ċúaiḋ amaċ ċum cogaiḋ. 19 Agus do rinneadar cogaḋ ris na Hagaríteaċaiḃ, re Ietur, agus Neṗis, agus Nódab. 20 Agus do cuidiġeaḋ léo na naġaiḋ, agus do seaċadaḋ na Hagarítiġ iona láiṁ, agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḃfoċair: Oír do éiġeadar ċum Dé annsa ċaṫ, agus do áontuiġ sé léo; do ḃríġ gur ċuireadar a ndóiġ ann. 21 Agus rugadar a náirnéis léo; dá ccáṁalluiḃ cáogad míle, agus do ċáorċaiḃ ḋá ċéud agus cáogad míle, agus do assaluíḃ ḋá ṁíle, agus do ḋaóiniḃ céud míle. 22 Oír do ṫuit mórán díoḃ marḃ, do ḃríġ gurob ó Ḋía do ḃí an cogaḋ. Agus dfanadar iona náitiḃ go ham na dáoirsine. 23 ¶ Agus do áitreaḃadar clann leiṫṫreiḃe Ṁanasseh annsa dúiṫċe: dfásadar ó Ḃasan go Baal‐hermon agus go Senir, agus go slíaḃ Hermon. 24 Agus dob íad so cinn tiġe a naiṫreaḋ, eaḋon Eṗer, agus Issi, agus Eliel, agus Asriel, agus Ieremiah, agus Hodaḃiah agus Iahdiel, daoine neartṁara a ngaisgiḋ, daóine oirḋearca, agus cinn tiġe a naiṫreaḋ. 25 ¶ Agus do ṗeacuiġeadar a naġaiḋ Dé a naiṫreaḋ, agus do ċúadar do stríopaċus a ndiaiġ deé ḋaóine na tíre, noċ do scrios Dia rompa san. 26 Agus do ċorruiġ Día Israel súas, spiorad Ṗul ríġ na Hassíria, agus spriorad Ṫilgat‐pilneser ríġ na Hassíria, agus rug sé leis íad, (eaḋon na Reubenítiġ, agus na Gadítiġ, agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh), agus ṫug leis íad go Hálah, agus go Hábor, agus go Hára, agus go sruṫ Gosan gus a niuġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society