Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Geineoil oile Iudah. 24 Slioċd Ṡimeoin.

1 Mic Iudah; Ṗares, Hesron, agus Carmi, agus Hur, agus Sóbal.

2 Agus do ġin Réaiah mac Sóbal Iahat; agus do ġin Iahat Ahumai, agus Lahad. Isiadso muinntear na Soratiteaċ.

3 Agus do ḃádar so ó aṫair Etam; Iesreel, agus Isma, agus Idbas: agus dob é ainm a ndeirḃṡeaṫraċ Haselelponi:

4 Agus Penuel aṫair Ġedor, agus Eser aṫair Hussah. Is íad so mic Hur, céidġin Eṗrátah, aṫair Ḃet‐lehem.

5 ¶ Agus do ḃádar días ban ag Assur aṫair Ṫecoa, Helah agus Naarah.

6 Agus rug Naarah Ahusam ḋó, agus Heṗer, agus Temeni, agus Haassatari. Dob íad so mic Naarah.

7 Agus dob íad mic Helah, Seret, agus Iesoar, agus Etnan.

8 Agus do ġein Cos Anub, agus Sobebah, agus muinnteara Aharhel ṁic Harum.

9 ¶ Agus do buḋ onóruiġ Iábes ná a ḋearḃráiṫre: agus ṫug a ṁaṫair Iábes dainm air, ġa ráḋ, Do ḃríġ go rug mé maille re doilġios é.

10 Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.

11 ¶ Agus Ċelub dearḃraṫair Ṡuah do ġein sé Mehir, noċ dob aṫair do Eston.

12 Agus do ġein Eston Bet‐raṗa, agus Paseah, agus Tehinnah aṫair Irnahas. Síad so fir Réċah.

13 Agus mic Ċenas; Otniel, agus Seraiah: agus mic Otniel; Hatat.

14 Agus do ġein Meonotai Oṗrah: agus do ġein Seraiah Ioab, aṫair áitreaḃaċ ġlinne Ċarasim; óir bá luċd ceirde íad.

15 Agus mic Ċáleb ṁic Ieṗunneh; Iru, Elah, agus Naam: agus mic Elah, eaḋon Cenas.

16 Agus mic Iehaleleel; Siṗ, agus Siṗah, Tiria, agus Asareel.

17 Agus dob íad mic Esra, Ieter, agus Mered, agus Eṗer, agus Ialon: agus rug sí Miriam, agus Sammai, agus Isbah aṫair Estemoa.

18 Agus rug a ḃean Iehudiiah Iered aṫair Ġedor, agus Heber aṫair Ṡoċo, agus Iecutiel aṫair Ṡanoah. Agus is íad so mic Ḃitiah inġean Ṗáraoh, noċ ṫug Mered.

19 Agus mic a ṁná Hódiah deirḃṡiúr Naham, aṫair Ċeilah an Garmiteaċ, agus Estemoa an Maaċatiteaċ.

20 Agus dob íad mic Ṡímoin, Amnon, agus Rinnah, Ben‐hanan, agus Tilon. Agus dob íad mic Issi, Sohet, agus Ben‐sohet.

21 ¶ Dob iad mic Ṡélah ṁic Iudah, Er aṫair Lecah, agus Laadah aṫair Ṁaresah, agus muinnteara ṫiġe na druinge do oibriġ líneadaċ fínealta, do ṫiġ Asbeá.

22 Agus Iocim, agus muinntir Ċoseba, agus Ioas, agus Saraṗ, agá raiḃ tiġearnas a Móab, agus Iasubi‐lehem. Agus is neiṫe foirfe iad so.

23 Dob íad so luċd déanta na bpotaḋa, agus an drong do ċoṁnuiġeaḋ a measc ṗlanndaḋ agus ḟáltaḋ: annsin do áitreaḃaidís ag an ríġ ċum a oibre.

24 ¶ Dob íad mic Ṡimeon, Nemuel, agus Iámin, Iárib, Sérah, agus Seaul:

25 Sallum a ṁác sin, Mipsam a ṁac sin, Misma a ṁac sin.

26 Agus mic Ṁisma; Hamuel a ṁac sin, Sacċur a ṁac sin, Simei a ṁac sin.

27 Agus do ḃí sé mic ḋéug ag Símei agus seisior inġean; aċt ní raiḃ móran ċloinne agá ḋearḃraiṫriḃ, ní mó do ḟásadar a muinntir uile, cosṁuil re cloinn Iúdah.

28 Agus do ċoṁnuiġeadar ann Beer‐séba, agus a Moladah, agus ann Hasur‐sual,

29 Agus ann Bílha, agus ann Esem, agus ann Tólad,

30 Agus ann Betuel, agus ann Hormah, agus ann Siclag,

31 Agus ann Bet‐marcabot, agus ann Hasar‐susim, agus ann Bet‐birei, agus ann Saaraim. Dob íad so a ccaiṫreaċa go ríġe Ḋáiḃi.

32 Agus dob íad a mbailte, Etam, agus Ain, Rimmon, agus Toċen, agus Assan, cúig caiṫreaċa.

33 Agus a mbailte beaga uile do ḃí timċioll fá ccuáirt na ccaiṫreaċ sin, go nuige Baal. Dob íad so a náitreaḃ, agus a nginealaċ.

34 Agus Mesobab, agus Iamleċ, agus Iossah ṁac Amasiah,

35 Agus Ioel, agus Iehu ṁac Iosibiah, ṁic Seraia, ṁic Asiel,

36 Agus Elioenai, agus Iaacobah, agus Iesohaiah, agus Asaiah, agus Adiel, agus Iesimiel, agus Benaiah,

37 Agus Sisa ṁac Siṗi, ṁic Allon, ṁic Iedaia, ṁic Simri, ṁic Semaiah;

38 Iadso luáiġtear as a nanmanna bá prionnsaḋa ar a muinntearuiḃ íad: agus do ṁéuduiġ tiġ a naiṫreaċ go mór.

39 ¶ Agus do ċúadar go dul a steaċ Ġédor, eaḋon gus an ttáoḃ ṡoir don ġleann, díarruiḋ inḃir dá ttréuduiḃ.

40 Agus fúaradar deiġmḃior méiṫ, agus do ḃí an dúiṫċe fairsing, suáiṁneaċ, agus sioṫċánta; óir is íad muinntir Ham do áitreiḃ ann sin a nallúd.

41 Agus ṫangadar an ṁuinntirse scríoḃṫa iona nainm a laéṫiḃ Heseciah ríġ Iúdah, agus do ḃuáileadar loistiniġ, agus na háite coṁnuiġe fríṫ ann sin, agus do léirscriosadar íad gus a niuġ, agus do áitreaḃadar iona náitiḃ: do ḃríġ go raiḃ inḃear annsin dá ttréuduiḃ.

42 Agus do ċuáiḋ cuid díoḃ, eaḋon do ċloinn Ṡímeon, cúig ċéud fear, go slíaḃ Seir, agus Pelatiah agus Neáriah, agus Reṗaiah, agus Ussial, mic Issi, na ccaiptíniḃ orra.

43 Agus do ḃuáileadar an ċuid oile do na Hamalecitiḃ noċ do ċuáiḋ as, agus do áitreaḃadar annsin gus a niuġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan