I Croinicoiḃ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Slioċd Ḋaiḃi, 10 go nuige Sedecíah; 17 agus da ṫáinic re linn Ieconíah. 1 Anois dob íad so mic Ḋáiḃi, noċ do rugaḋ ḋó an Hébron; an ċédġin Amnon le Ahinoam an Tiesreelíteaċ; an dara Daniel, le Abigail an Carmeliteaċ: 2 An treas, Absolom ṁac Maaċa inġean Talmai ríġ Gésur: an ceaṫraṁaḋ, Adoniiah ṁac Haggit: 3 An cúigeaḋ, Seṗatiah ó Abital: an seiseaḋ, Itream as Eglah a ḃean. 4 Rugaḋ an seisiorsa ḋó ann Hébron; agus do ḃí na ríġ annsin seáċd mblíaḋna agus sé ṁí: agus do ḃí na ríġ ann Ierusalem tríoċad agus trí blíaḋna. 5 Agus do rugaḋ íadso ḋó ann Ierusalem; Símeá, agus Sóbab, agus Nátan, agus Solaṁ, ceaṫrar, le Batsua inġean Ammiel: 6 Iḃar mar an gcéadna, agus Elisama, agus Eliṗelet, 7 Agus Nógah, agus Néṗeg, agus Iaṗia, 8 Agus Elisama, agus Eliada, agus Eliṗelet, náonṁar. 9 Mic Ḋáiḃi uile, táoḃ amuiċ do ṁacaiḃ na leannán, agus Támar a ndeirḃṡiúr. 10 ¶ Agus mac Ṡoluiṁ, Rehoboam, Abia a ṁac sin, Asa a ṁac sin, Iehosaṗat a ṁac sin, 11 Ioram a ṁac sin, Ahasiah a ṁac sin, Ioas a ṁac sin, 12 Amasiah a ṁac sin, Asariah a ṁac sin, Iótam a ṁac sin, 13 Ahas a ṁac sin, Heseciah a ṁac sin, Manasseh a ṁac sin, 14 Amon a ṁac sin, Iosiah a ṁac sin. 15 Agus dob íadso mic Iósiah, an ċéidġin Iohanan, an dara Iehoiacim, an treas Sedeciah, an ceaṫraṁaḋ Sallum. 16 Agus mic Iehoiacim: Ieconiah a ṁac, Sedeciah a ṁac sin. 17 ¶ Agus mic Ieconiah: Assir, Salatiel a ṁac sin, 18 Malċiram mar an ccéadna, agus Pedaiah, agus Senasar, Iecamiah, Hosama, agus Nedabiah. 19 Agus dob íad mic Ṗedaiah, Serubbabel, agus Simei: agus mic Ṡerubbabel; Mesullam, agus Hananiah, agus Selomit a ndeirḃṡiúr: 20 Agus Hásubah, agus Ohel, agus Bereċiah, agus Hasadiah, Iúsab‐hesed, cúigear. 21 Agus mic Hananiah; Pelatiah, agus Iesaiah: mic Reṗaiah, mic Arnan, mic Obadiah, mic Ṡeċaniah. 22 Agus mic Ṡeċaniah; Semaiah: agus mic Ṡemaiah; Hattus, agus Igeal, agus Bariah, agus Neariah, agus Sáṗat, seisior. 23 Agus mic Neariah; Elioenai, agus Heseciah, agus Asricam, triúr. 24 Agus dob íad mic Elioenai, Hadaiah, agus Eliasib, agus Pelaiah, agus Accub, agus Iohanan, agus Delaiah, agus Anáni, móirṡeisear. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society