I Croinicoiḃ 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXV. Uiḃir agus oifig an luċd ceóil. Rannaḋ na 24 nuird. 1 Tuilleaṁ fós do ḋealuiḋ Dáiḃi, agus caiptíniġ an tslóiġ do ṡeirḃís ṁac Asaṗ, agus Heman, agus Iedutun, noċ do ḋéanaḋ fáiġeadóireaċd le cláirseaċaiḃ, agus le saltraċaiḃ, agus le cimbaluiḃ: agus do bé uiḃir an luċd oibre do réir a serḃíse: 2 Do ṁacaiḃ Asaṗ; Saccur, agus Ióseṗ, agus Netaniah, agus Asarelah, mic Asaṗ fáoi láiṁ Asaṗ, noċ do ṫairġir do réir orduiġ an ríġ. 3 O Iedutun: mic Iedutun; Gedaliah, agus Seri, agus Iessaiah, Hassabiah, agus Mattitiah, seisear, fáoi láṁuiḃ a naṫar Ieduṫun, noċ do ṫairġir lé cláirsiġ, do ḃreiṫ buiḋe agus do ṁolaḋ an TIĠEARNA. 4 O Heman: mic Heman; Bucciah, Mattaniah, Ussiel, Sebuel, agus Ierimot, Hananiah, Hanáni, Eliatah, Giddalti, agus Romamti‐eser, Iosbecossah, Malloti, Hotír, agus Mahasiot: 5 Dob íadso uile mic Heman feiṫṁeóir an ríġ a mbríaṫruiḃ Dé, do ṫogḃáil na háirce súas. Agus ṫug Día do Ṫeman ceiṫre mic ḋéug agus tríur inġean. 6 Do ḃádar so uile fáoi láṁuiḃ a naṫar do ḋéanaṁ ceóil a ttiġ an TIĠEARNA, le cimbaluiḃ, le Saltroċaiḃ, agus le cláirseaċaiḃ, do ṡeirḃís ṫiġe Dé, do réir orduiġ an ríġ do Asaṗ, do Iedutun, agus do Heman. 7 Marsin a núiḃir sin, maille re na ndearḃráiṫriḃ do ṁúineaḋ a ndúanuiḃ an TIĠEARNA, gaċ a raiḃ glic, do buḋ ḋá ċéad agus ceiṫre fiṫċid agus oċdar íad. 8 ¶ Agus do ṫeilgeadar crannċar, a naġáiḋ a ċeíle, beag coṁmaiṫ agus an mór, an fear teaguisg mar an ḃfoġluinte. 9 Anois ṫáinic an céad ċrannċar amaċ do Asaṗ ar Ioseṗ: an dara do Ġedaliah, noċ maille re na ḋearḃraíṫriḃ agus re na ṁacaiḃ bá ḋá ḟear ḋéag: 10 An treas do Ṡaccur, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 11 An ceaṫraṁaḋ do Isri, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 12 An cúigeaḋ do Neṫaníah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 13 An seiseaḋ do Ḃucciah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 14 An seaċdmaḋ do Iessarelah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 15 An toċdṁaḋ do Iesaiah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 16 An náoṁaḋ do Ṁattaniah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 17 An ḋeaċṁaḋ do Ṡímei, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 18 An táonṁaḋ déag do Asareel, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 19 An dara déag do Hasabiah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 20 An treas déag do Ṡubael, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 21 An ceaṫraṁaḋ déag do Ṁattitiah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 22 An cúigeaḋ déag do Ierimot, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 23 An seiseaḋ déag do Hananiah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 24 An seaċdṁaḋ déug do Iosbecassah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearbráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 25 An toċdṁaḋ déag do Hanani, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 26 An náoṁaḋ déag do Ṁaloti, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 27 An fiṫċeaḋ do Eliatah, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 28 An táonṁaḋ fiṫċiod do Hotir, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 29 An dara tar fiṫċiod do Ġiddalti, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 30 An treas fiṫċiod do Ṁahasiot, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: 31 An ceaṫraṁaḋ fiṫċiod do Romamti‐eser, dá ṁacuiḃ, agus dá ḋearḃráiṫriḃ, ḋá ḟear ḋéag: |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society