I Croinicoiḃ 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Solaṁ orduiġte na ríġ. 2 Uiḃir agus oifig na Nleḃiteaċ. 1 Ann sin a núair do ḃi Dáiḃi áosta agus lán do láeṫiḃ, do rinne sé ríġ dá ṁac Solaṁ ós cionn Israel. 2 ¶ Agus do ċruinniġ sé prionnsaḋa Israel uile a ccionn a ċéile, maille ris na sagartaiḃ agus ris na Leḃítiḃ. 3 Anois do háirṁeaḋ na Leḃítiġ ó aóis ṫríoċad blíaḋan agus ós a ċionn: agus ba í a nuiḃir do réir a cceann, duine ar ḋuine, tríoċad agus oċd mile. 4 Do ḃí, díoḃ sin ceiṫre ṁile fiṫċiod re haġaiḋ oibre ṫiġe an TIĠEARNA da cur ar a haġaiḋ; agus sé ṁíle na noifigeaċaiḃ agus na mbreiṫeaṁnuiḃ: 5 Os a ċionn sin do ḃádar ceiṫre ṁíle na ndoirseóiriḃ; agus ceiṫre ṁíle re molaḋ an TIĠEARNA ris na haḋḃaġaiḃ ciúil do rinne misi, ar sa Dáiḃi do ṁolaḋ Dé. 6 Agus do roinn Dáiḃi íad na sealuiḃ idir ṁacaiḃ Léḃi, dar ḃainm, Gerson, Cohat, agus Merári. 7 ¶ Do na Gersoniteaċaiḃ, Laadan, agus Símei. 8 Mic Laadan; Iehiel a cceann, agus Setam, agus Ioel, tríur. 9 Mic Ṡímei; Selomit, agus Hasiel, agus Haran, tríur. Dob íadso cinn aiṫreaċ Laadan. 10 Agus mic Ṡimei; Iahat, Sina, agus Ieus, agus Beriah. Dob íad an ceaṫrarso míc Ṡimei. 11 Agus dob é Iahat an ceann, agus Sisa an dara: aċ ní raiḃ mórán mac ag Ieus nó ag Beriah; uime sin do ḃádar a néanáireaṁ aṁáin, do réir ṫiġe a naiṫreaḋ. 12 ¶ Mic Ċohat; Amram, Issar, Hebron, agus Ussiel, ceaṫrar. 13 Mic Amram; Aáron agus Maóise: agus do dealuiġeaḋ Aáron, do ḃeannuġaḋ na neiṫionn ro náoṁṫa, é fein agus a ṁic go bráṫ, do losgaḋ túise as coinne an TIĠEARNA, do ḟriṫeolaṁ ḋó, agus do ḃeannuġaḋ iona ainm go bráṫ. 14 Anois Maóise óglaċ Dé, do hainmniġeaḋ a ṁic a ttaoiḃ Léḃi. 15 Dób iadso mic Ṁaóise, Gersom, agus Elieser. 16 Do ṁacaiḃ Gersom, do bé Sebuel an ceann. 17 Agus dob íad mic Elieser Rehabiah an ceann. Agus ní raiḃ aon ṁac oile ag Elieser; aċd do buḋ ro iomḋa mic Rehabiah. 18 Do ṁacaiḃ Issar; Selomit an ceann. 19 Do ṁacaiḃ Hebron; Ieriah an céad, Amariah an dara, Iehasiel an treas, agus Iecameam an ceaṫraṁaḋ. 20 Do ṁacaiḃ Ussiel; Miċah an céad, Iessiah an dara. 21 ¶ Mic Ṁerári; Mahli, agus Mussi. Mic Ṁahli; Eleasar, agus Cis. 22 Agus déug Eleásar, agus ní raiḃ aon ṁac aige, aċd inġeana: agus ṫugadar a ndearḃráiṫre mic Ċis íad. 23 Mic Ṁussi; Mahli, agus Eder, agus Ierimot, triur. 24 ¶ Dob íadso mic Léḃi do réir ṫiġe a naiṫreaḋ; uaċdaráin na naiṫreaḋ, mar do háirṁeaḋ íad le úiḃir a nanmann do reir a cceann, do rinne obair ṡeirḃíse ṫiġe an TIĠEARNA ó aóis ḟiṫċid blíaḋan agus ós a ċionn. 25 Oír a duḃairt Dáiḃi, Ṫug an TIĠEARNA Día Israel suáiṁneas dá ṗobal, go maḋ héider léo coṁnuiġe ann Ierusalem go bráṫ; 26 Agus fós do na Leḃítiḃ: ní iomċoruid síad feasda an tabernacuil, ná soiṫiġe ar biṫ dá mbeanann ris ċum a ṡeirḃíse. 27 Oír le bríaṫraiḃ deiġionaċa Ḋáiḃi do háirṁeaḋ na Leḃítiġ ó ḟiṫċid blíaḋuin daóis agus ós a ċionn: 28 Do ḃríġ gur ḃí a noifig feiṫioṁ ar ċloinn Aáron ar son ṡeirḃíse ṫiġe an TIĠEARNA, annsna cúirtiḃ, agus annsna seómraḋuiḃ, agus a niomġlanaḋ a nuile neiṫe náomṫa, agus oibre ṡerḃíse ṫiġe Dé; 29 Eaḋon a naráin taisbéanta, agus an ṗlúir ḟínealta do nofráil ḃíḋ, agus ḃairġiona gan loiḃín, agus an neiṫe do níṫí ann sa noiġean, agus an neiṫe friṫeailte, agus a nuile ṡórt miosúr agus méud; 30 Agus do ṡeasaṁ gaċ éanṁaidin do ṫaḃairt buiḋeaċuis agus molaḋ don TIĠEARNA, agus mar an ccéadna gaċ tráṫnóna; 31 Agus do íoḋbuirt gaċ éanofrála loisge don TIĠEARNA annsna láeṫiḃ saóire, annsna raéiḃ núaḋa, agus annsna féustuiġiḃ cinnte, a nuiḃir, do reir mar do hórduiġeaḋ ḋóiḃ, a ccoṁnuiġ a laṫair an TIĠEARNA: 32 Agus go coiṁéadaidís cúram ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus cúram na háite náoṁṫa, agus cúram ċloinne Aáron a ndearḃráiṫre, a serḃís ṫiġe an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society