I Croinicoiḃ 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Do ċuir Daiḃi úalaċ ar Ṡolaṁ. 17 Agus ar ṗrionnsaḋaiḃ Israel, ataoḃ an teampaill. 1 Annsin a duḃairt Dáiḃi, Sé so tiġ an TIĠEARNA Dé, agus sí so altóir ofráh loisge Israel. 2 Agus do aiṫin Dáiḃi na coiṁiṫiġ do ċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile noċ do ḃi a ttir Israél; agus do ċuir sé saóir doibriuġaḋ ċloċ snoiġte do ḋéanaṁ tiġe Dé. 3 Agus do ṡolaṫair Dáiḃi iomarcuiḋ íaruirn ċum táirngeaḋ ḋoirseaċ na ngéataḋ, agus ċum na ndlúṫaḋ; agus iomad práis gan ċoṁṫromuġaḋ; 4 Mar an ccéadna iomarcuiḋ crann cédair óir ṫugadar na Sidoníanuiġ agus muinntr Tíor iomarcuiḋ crann cédar ċum Ḋáiḃi. 5 Agus a duḃairt Dáiḃi, Atá mó ṁac Solaṁ óg máoṫ, agus an tiġ ċaiṫfiġṫear do ḋéanaṁ don TIĠEARNA s éigin a ḃeiṫ roṁórḋálaċ, do ċlú agus do ġloir ar feaḋ a nuile ċríoċ: ar a naḋḃarsin do ḋeána misi anois ullṁuġaḋ na ċoinne. Marsin do ġléus go ro acfuinneaċ roiṁe a ḃás. 6 ¶ Annsin do ġoir sé air a ṁac Solaṁ, agus do ċuir dúalaċ air tiġ do ḋéanaṁ don TIĠEARNA Dia Israel. 7 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Solaṁ, A ṁic, ar son mo ċoda féin, do ḃi ann mintinn tiġ do ḋéanaṁ dainm mo ṪIĠEARNA Dé: 8 Aċt ṫainic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ġa ráḋ, Do ḋóirt tú iomad fola, agus do rinne tú cogṫa móra: ní ḋeana tú tiġ dom ainmsi, do ḃríġ gur ḋoirt tú iomad fola air an ttalaṁ ann mo raḋarc. 9 Feuċ, béarṫar mac ḋuit, noċ ḃías na ḋuine ṡuáiṁneaċ; agus do ḃéara misi suáiṁneas dó ó na naiṁdiḃ uile ann gaċ aon taoḃ ḋe: óir isé ḃus ainm ḋó Solaṁ, agus do ḃéara mé síoṫċáin agus súaiṁneas Dísrael re na linn. 10 Do ḋéana sé tiġ dom ainmsi; agus biáiḋ sé na ṁac agamsa, agus misi am aṫair aigesien, agus damgneaċuiḋ mé caṫaóir a rioġaċda ós cionn Israel go bráṫ. 11 Anoís, a ṁic, go raiḃ an TIĠEARNA maille leat; agus téiġ air haġaiḋ, agus cuir tiġ do ṪIĠEARNA Dé súas, mar do laḃair sé dot ṫaóiḃ. 12 Aṁáin go ttuga an TIĠEARNA eagna agus tuigsi ḋuit, agus go ttuga duit eúram a ttaoiḃ Israel, lé ccoiṁéadfa tú dlíġeaḋ do ṪIĠEARNA Dé. 13 Ann sin éireoċuiḋ sonus duit, má ṫúgann tú aire do ċoiṁlíonaḋ na reaċda agus na mbreiṫeaṁnus noċ do ċuir an TIĠEARNA dualaċ ar Ṁaoise a ttaoḃ Israel: bí láidir, agus bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad; na himeagluiḋ, agus na húaṁnuiġṫear ṫú. 14 Anois, féuċ, ann mo ṫrioblóid do ġléus misi a coinne ṫiġe an TIĠEARNA céud míle tallann óir, agus míle míle tallann airgid; agus do ṗrás agus díarann gan áireaṁ; (óir atá sé ro líonṁar): do ġléus mé mar an ccéadna aḋmad agus cloċa; agus féuduiġ tusa cur na cceann. 15 Tuilleaṁ oile atáid luċd oibre agad go hiomadaṁuil, snoiġeadóiriġ agus saóir ċloċ agus ċrainn, agus íad uile glic ċum gaċ éantsórt oibre. 16 An tór, agus an tairgiod, agus an prás, agus an tiarán, ni heidir a náireaṁ. Eiriġ súas, agus déana roṁad, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leat. 17 ¶ Do aiṫin Dáiḃi mar an ccéadna do ṗrionnsaḋuiḃ Israel uile cuidiuġaḋ lé na ṁac Solaṁ, ġa ráḋ, 18 Naċ ḃfuil ḃur TTIĠEARNA Día maille riḃ? agus naċ ttug sé suáiṁneas daóiḃ ar gaċ táoḃ? oír ṫug sé dúṫċusaiġ na tíre am láiṁse; agus do gaḃaḋ an dúiṫċe a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair an ṗobail. 19 Anois socruiġiḋ ḃur ccroiḋṫe agus ḃur nanam díarruiḋ ḃur TTIĠEARNA Dé; éirgiḋ ar a naḋḃarsin, agus ullṁuiġiḋ sanctoir an TIĠEARNA Dé, do ṫaḃairt aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus ṡoiṫeaċ náoṁṫa Dé, don tiġ do ḋéantar dainm an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society