I Croinicoiḃ 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Aírṁe éuccneasta an ṗobail. 9 Agus plaíġ ar a ṡon. 1 Agus do ṡeas Sátan súas a naġaiḋ Israel, agus do ḃrostuiḋ sé Dáiḃi ċum Israel do ċoṁáireaṁ. 2 Agus a duḃairt Dáiḃi re Ioab agus re huaċdáranuiḃ an ṗobail, Eirġiḋe, aírṁiḋ Israel ó Ḃeerseba go Dan; agus tugaiḋ a nuiḃir ċugamsa, ċor go mbía a ḟios agam. 3 Agus do ḟreagair Ioab, Go ndéarna an TIĠEARNA a ṗobal céadúair níos mó ná atáid: aċt, mo ṫiġearna a ríġ, naċ íad uile serḃísiġ an tiġearna? uimesin cíoḋ fa níarran mo ṫiġearna an níse? créd fa mbeiṫ sé na ċuis peacaiḋ Disrael? 4 Giḋeaḋ do ḃuáḋuiġ bríaṫar an ríġ a naġaiḋ Ioab. Uimesin dimṫiġ Ioab, agus do ċuaiḋ sé ar feaḋ Israel, agus ṫáinic sé go Hierusalem. 5 ¶ Agus ṫug Ioab suim uiḃre na ndáoine do Ḋáiḃi. Agus do ḃádar do ċlainn Israel uile mile do ṁíltiḃ, agus céad míle fear noċ do ṫarruing cloiḋeaṁ: agus do Iúdah ceiṫre ċéad agus trí fiṫċid agus deiċ mile fear do ṫarruing cloiḋeaṁ. 6 Aċt níor áiriṁ sé Léḃi nó Beniamin na measc, óir do ḃí bríaṫar an ríġ aḋḟúaṫṁar ag Ioab. 7 ¶ Agus do ṁioṫaitin an níse re Día; uime sin do ḃúail sé Israel. 8 Agus a duḃairt Dáiḃi re Día, Do ṗeacaiḋ mé go mór, do ḃríġ go ndéarna mé an ní so: aċt a nois, guiḋim ṫú, cuir éacceart do ṡearḃḟoġantuiġ ar ccúl; óir do rinne mé so go ro ṁíċéilliġ. 9 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Gad, féaċadóir Ḋáiḃi, ġa ráḋ, 10 Imṫiġ agus innis do Ḋáiḃi, ġa raḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, Taírgim trí neiṫe ḋuit: beir féin roġa ḋíoḃ, go ndéanuinn riot é. 11 Annsin ṫaínic Gad go Dáiḃi, agus a duḃairt ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Beír do roġa 12 Ceaċdar aca, gorta ṫrí mblíaḋan; nó ḃeiṫ trí ṁí dot sgrios roiṁe do naiṁde, (an feaḋ ḃéaras cloiḋeaṁ do naṁad ort); nó fós cloiḋeaṁ an TIĠEARNA trí lá, eaḋon an ṗláiġ, annsa dúiṫċe, agus aingeal an TIĠEARNA ag marḃaḋ ar feaḋ ṫeórann Israel. A nois uimesin déana coṁairle cred é an ḟreagra ḃéaras misi gus an té do ċuir úaḋ mé. 13 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Gad, Atáim a ccuṁgaċ ro ṁóir: tuitim anois a láiṁ an TIĠEARNA; (óir is ro ṁór a ṫrócaire): agus ná tuitim a láiṁ duine. 14 ¶ Marsín do ċuir an TIĠEARNA pláiġ air Israel: agus do ṫuit Disrael seaċdṁoġad míle fear. 15 Agus do ċuir Día aingeal go Hierusalem da sgrios: agus mar ḃí sé agá lérscrios, do ċonnairc an TIĠEARNA, agus dob aiṫreaċ leis an tolc, agus a duḃairt ris an aingeal do ḃí ag milleaḋ, Is lór sin, connuiṁ a nois do láṁ. Agus do ṡeas aingeal an TIĠEARNA ag urlár ḃúailte Ornan an Iebusíteaċ. 16 ¶ Agus do ṫóg Dáiḃi a ṡúile súas, agus do ċonnairc sé aingeal an TIĠEARNA na ṡeasaṁ idir talaṁ agus neaṁ, agus cloiḋeaṁ táirngṫe iona laíṁ ar na ṡíneaḋ amaċ ós cíonn Ierusalem. Annsin Dáiḃi agus sinnsir Israel, noċ do ḃí foluiġ re saicéadaċ, do ṫuiteadar air a náiġṫiḃ. 17 Agus a duḃairt Dáiḃi re Día, naċ misi dfúagair an pobal dáireaṁ? is misi féin do ṗeacaiḋ agus do rinne an tolc ḋaríriḃ; aċ na caoruiġse, créd do rinneadar? guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, bíoḋ do láṁ orunsa, agus air ṫiġ maṫar; aċd ná bíoḋ air do ṗobal, as a bpíanfuiḋe íad. 18 ¶ Annsin do aiṫin aingeal an TIĠEARNA do Ġad a ráḋ ré Dáiḃi, go ttíaġ Dáiḃi súas, agus altoír do ċur suás don TIĠEARNA ar urlár buáilte Ornan an Iebusiteaċ. 19 Agus do ċúaiḋ Dáiḃi súas ar ráḋ Ġad, noċ do laḃair sé a nainn an TIĠEARNA. 20 Agus diompóiġ Ornan ar ais, agus do ċonnairc sé an taingeal; agus a ċeaṫrar mac do ḃí na ḟoċair dolċadar íad féin. Anois do ḃí Ornan ag búalaḋ cruiṫneaċda. 21 Agus ar tteaċd do Ḋáiḃi go Hornan, dféaċ Ornan agus do ċomairc sé Dáiḃi, agus do ċuaíḋ sé amaċ as a nurlár búailte, agus duṁluiḋ sé é feín do Ḋáiḃi lé na ġnúis go talaṁ. 22 Ann sin a duḃairt Dáiḃi reOrnan, Deónuiḋ ḋaṁsa a naítsi a nurláir búailte, go ndéarna mé altóir ann don TIĠEARNA: do ḃeára tú ḋamn é ar a lánluáċ: ċor go ccuinneoċtar an ṗláiġ ón bpobal. 23 Agus a duḃairt Ornan re Dáiḃi, Glac ċugad é, agus déanaḋ mo ṫiġearna an ríġ an ní is feárr do ċitear ḋó: féuċ, do ḃeirim ḋuit na daiṁ mar an gcéadna ċum na hofrála loisge, agus na súistiġe mar ċonnaḋ, agus an ċruiṫneaċd ċum na hofrála bíḋ, bronnuim uile íad. 24 Agus a duḃairt Dáiḃi ríġ ré Hornan, Ní heaḋ; aċd go deiṁin ceinneaċa mé é air a lánlúaċ: oír ni ġlacfa mé an ní is leatsa don TIĠEARNA, agus ní oifráilfe mé ioḋbuirt loisge gan ċostús. 25 Marsin ṫug Dáiḃi do Ornan air a náit sé ċéad secel oír a ccoṁṫrom. 26 Agus do rinne Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus dofráil sé foḋburṫa loisge agus ofrála síoṫċána, agus do ġoir air an TTIĠEARNA; agus do ḟreagair sé ó ḟlaiṫeaṁnus é maille re teine air altóir na híoḋbarṫa loisge. 27 Agus dfúagair an TIĠEARNA don naingeal; agus do ċuir sé a ċloiḋeaṁ a steaċ a rís iona ṫrúaill. 28 Ann sa namsin a núair do ċonnairc Dáiḃi gur ḟreagair an TIĠEARNA é a nurlár buáilte Ornain an Iebusiteaċ, ann sin do rinne sá ioḋbairt ann. 29 Oír do ḃí tabernucuil an TIĠEARNA, noċ do rinne Maóise san ḃfásaċ, agus altóir na hofrála loisge, fa namsin annsa náit áird ann Gibeon. 30 Aċt níor ḟéud Dáiḃi dul da laṫair dfíafruiġ do Ḋia: oir do ḃi eagla air do ḃríġ ċloiḋiṁ aingil an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society