I Croinicoiḃ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Na geinealuiġ ó Iúdah ṁac Iacob, go nuige Iesse aṫair Ḋaiḃi. 1 Is iadso clann Israel; Reubin, Simeon, Leḃi, agus Iúdah, Issaċar, agus Sebulun, 2 Dan, Ioseṗ, agus Beniamin, Naṗtali, Gad, agus Aser. 3 ¶ Mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Selah: inġean Ṡua an Cananiteaċ rug an triúr sin dó. Agus do ḃi Er, céidġin Iúdah, go holc a raḋarc an TIĠEARNA; agus do ṁarḃ sé é. 4 Agus rug Támar a ḃainċliaṁuin Ṗáres, agus Sera ḋó. Mic Iúdah úile bá cúigear íad. 5 Mic Ṗares; Hesron, agus Hamul. 6 Agus mic Serah; Simri, agus Etan, agus Héman, agus Calcol, agus Dara: bá cúigear íad so uile. 7 Agus mic Ċarmi; Aċar, fear buáiḋearta Israel, noċ do ṡáruiġ annsa ni malluiġ. 8 Agus mic Etan; Asariah. 9 Mic Heisron mar an gcéadna, noċ do rugaḋ ḋó; Ierahmeel, agus Ram, agus Ċelubai. 10 Agus do ġin Ram Amminadab; agus do ġin Amminadab Náhson, prionnsa ċloinne Iudah; 11 Agus do ġin Nahson Salma, agus do ġin Salma Boas, 12 Agus do ġin Boas Obed, agus do ġin Obed Iesse, 13 ¶ Agus do ġin Iesse a ċédġín Eliab, agus Abinadab an dara, agus Simma an treas, 14 Netanael an ceaṫraṁaḋ, Raddai an cúigeaḋ, 15 Osem an seiseaḋ, Dáiḃi an seaċdṁaḋ: 16 Dob íad a ndeirḃṡeaṫraċasin Seruiah, agus Abigail. Agus mic Ṡeruiah; Abisai, agus Ioab, agus Asahel, triúr. 17 Agus rug Abigail Amasa: agus do bé aṫair Amasa Ieter an Tismeeliteaċ. 18 ¶ Agus do ġin Caleb mac Hesron clann as Asuba a ḃean, agus as Ieriot: is íad so a mic; Iéser, Sobab, agus Ardon. 19 Agus a núair déug Asubah, ṫug Caleb ċuige Eṗrat, noċ rug Hur ḋó. 20 Agus do ġin hur Uri, agus do ġin Uri Besaleel. 21 ¶ Agus na diaíġ sin do ċoṁríaċduin Hesron re hinġin Ṁaċir aṫair Ġilead, noċ do ṗós sé a núair do ḃí sé trí fiṫċid bliaḋuin dáois; agus rug sí Segub ḋó. 22 Agus do ġin Segub Iair, agá raḃadar trí caiṫreaċa fiṫċiod a ttír Ġilead. 23 Agus do ḃean sé ḋíoḃ Gesur, agus Aram, maille re bailtiḃ Iáir, maráon re Cénat, gun a ḃailtiḃ, eaḋon tri fiṫċid caṫair. Buḋ lé macaiḃ Ṁaċir aṫair Ġilead íad so uile. 24 Agus tar éis Hesron éug a Gcáleb‐Eṗratah, annsin rug Abiah bean Hesron dó Asur aṫair Ṫecoa. 25 ¶ Agus mic Ierahmeel céidġin Hesron dob íad, Ram an céad ṁac, agus Bunah, agus Oren, agus Osem, agus Ahiiah. 26 Do ḃí ag Ierahmeel mar án gcéadna bean oile, dar ḃainim Atarah; do bí maṫair Onam í. 27 Agus mic Ram céidġin Ierahmeel, dob íad, Maas, agus Iamin, agus Ecer. 28 Agus dob iad mic Onam, Sammai, agus Iada. Agus mic Ṡammaí; Nadab, agus Abisur. 29 Agus do bé ainm ṁná Abisur Abihail; agus rug sí ḋó Aċban, agus Molid. 30 Agus mic Nadab; Seled, agus Appaim: aċd déug Seled gan ċlann. 31 Agus mic Appaim; Isi. Agus mic Isi; Sesan. Agus clann Ṡesan; Ahlai. 32 Agus mic Iada dearḃraṫair Ṡammai; Ieter, agus Ionatan: deug Ieter gan ċloinn. 33 Agus mic Ionatan; Pélet, agus Sása. Dob íad so mic Ierahmeel. 34 ¶ Anois ní raiḃ mic ar biṫ ag Sesan, aċ inġean. Agus do ḃí searḃḟoġantuiġ ag Sesan, Egipteaċ, dar ḃainm Iarha 35 Agus ṫug Sesan a inġean do Iarṫa a ṡearḃḟoġantuiġ na mnáoi; agus rug sí Attai ḋó. 36 Agus do ġin Attai Nátan, agus do ġin Natan Sábad. 37 Agus do ġin Sábad Eṗlal, agus do ġin Eṗlal Obed, 38 Agus do ġin Obed Iehu, agus do ġín Iehu Asariah, 39 Agus do ġin Asaria Heles, agus do ġin Heles Eleasah, 40 Agus do ġin Eleasah Sisamai, agus do ġin Sisami Sallum. 41 Agus do ġin Sallum Iecamiah, agus do ġin Iecamiah Elisama. 42 ¶ Anois dob íad mic Ċáleb, dearḃraṫair Ierahmeel, Mesa a ċéidġin, noċ ba aṫair do Siṗ; agus mic Ṁaresa aṫair Hébron. 43 Agus mic Hébron; Córah, agus Tappúah, agus Recem, agus Séma. 44 Agus do ġin Sema Raham, aṫaír Iorcoam: agus do ġin Recem Sammai. 45 Agus do bé mac Ṡammai Maon: agus do bé Maon aṫair Ḃetsur. 46 Agus rug Eṗah, leánnan Ċaleb, Háran, agus Mósa, agus Gáses: agus do ġin Háran Gáses. 47 Agus mic Iahdai; Regem, agus Iotam, agus Gessan, agus Pelet, agus Eṗat, agus Saaṗ. 48 Rug Maaċa, leannán Ċáleb, Séber, agus Tirhanah. 49 Rug si mar an ccéadna Saaṗ aṫair Ṁadmannah, Séḃa aṫair Ṁaċbenah, agus aṫair Ġibeá: agus do bí inġean Ċaleb, Aċsah. 50 ¶ Dob íadso mic Ċáleb ṁic Hur, céidġin Eṗratah; Sobal aṫair Ċiriatiarim, 51 Salma aṫair Ḃet‐lehem, Hareṗ aṫair Ḃet‐gader. 52 Agus do ḃádar mic ag Sobal, aṫair Ċiriat‐iearim; Haroeh, agus leaṫ na Manahetiteaċ. 53 Agus muinnteara Ċiriat‐iearim; na Hitritiġ, agus na Puhitiġ, agus na Sumatitiġ, agus na Misraitiġ; is úaḋasin ṫangadar na Sareátitiġ, agus na Hestaulitíġ. 54 Mic Ṡalma; Bet‐lehem, agus na Netoṗatitiġ, Atarot, tiġ Ioab, agus leaṫ na Manahetiteaċ, na Sorítiġ. 55 Agus muinnteara na scriḃneóireaḋ noċ do áitriḃ ann Iabes; na Tiratitiġ, na Simeátitiġ, agus na Suċatitiġ. Dob íad so na Cenitiġ, noċ ṫáinic ó Hemat, aṫair ṫiġe Reċab. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society