Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Dióġla ar ṫarcuisne Hanun ri ċloinne Ammon.

1 Anois tárla, na ḋíaiġ so, go ḃfuáir Nahás ríġ ċloinne Ammon bás, agus gur ríoġuiḋ a ṁac iona áit.

2 Agus a duḃairt Dáiḃi, Folliseoċuiḋ mé muinntearḋas do Hánun ṁac Nahas, do ḃríġ gur ṫaisbéin a aṫair muinntearḋas daṁ. Agus do ċuir Dáiḃi teaċda dá ċoṁḟurtaċd do ṫaoḃ a aṫar. Mar sin ṫangadar muinntir Ḋáiḃi go tír ċloinne Ammon go Hánun, dá ċoṁḟurtaċd.

3 Aċt a duḃradar prionnsaḋa ċloinne Ammon re Hánun, An sáoilionn tusa go ḃfuil onóir ag Dáiḃi dot aṫair, as ar ċuir sé luċd coṁḟurtaċda ċugadsa? naċ do spíonaḋ ṫangadar a ṡeirḃísiġ ċugad, agus do ṁilleaḋ, agus do ḃraṫ na tíre?

4 Uime sin do ġlac Hánun muinntir Ḋáiḃi, agus do ḃearr sé íad, agus do ġeárr sé a néaduiġ ḋíoḃ iona lár ós cionn a más, agus do ċuir ar siuḃal íad.

5 Annsin ċúadar dáoine áiriġ, agus do innseadar do Ḋáiḃi mar do rinneaḋ re na ṁuinntir. Agus do ċuir seision dáoine na coinne: (óir do ḃí náire ṁór air na fearuiḃ). Agus a duḃairt an ríġ, Fanuiḋ ann Ieriċo no go ḃfásuid ḃur ḃféasóga, agus annsin filliḋ.

6 ¶ Agus an tan do ċonncadar clann Ammon go ndéarnadar íad feín fúaṫṁar ag Dáiḃi, do ċuir Hánun agus clann Ammon míle tallann airgid dfostóġ carbad agus marcṡlúaġ ḋóiḃ as Mesopotamia, agus as Síria Maaċah, agus as Sóbah.

7 Marsin do ḟostóiġeadar dó air ṫríoċad míle carbad, agus riġ Maaċah gun a ṁuinntir; noċ ṫáinic agus do ṡuiġeadar a slúaġ as coinne Ṁedeba. Agus do ċruinniġeadar clann Ammon íad feín a ḃfoċair a ċéile ó na ccaiṫreaċaiḃ, agus ṫangadar ċum caṫa.

8 Agus an tan do ċúalaiḋ Dáiḃi sin, do ċuir sé Ioab, agus slúaġ na ndáoine neartṁar uile úaḋ.

9 Agus ṫangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ as coinne ġeata na caiṫreaċ: aċd na ríġṫe ṫáinic do ḃádar leó féin san maċaire.

10 Anois an tan do ċonnairc Ioab gur ṡuiġeadar na ċoinne an caṫ roiṁe agus na ḋiáiġ, do ṫoġ sé amaċ as roiġniḃ Israel uile, agus do ċuir sé a nórduġaḋ íad a naġaiḋ na Sírianaċ.

11 Agus ṫug se an ċuid oile do na dáoiniḃ a láiṁ Abisai a ḋearḃraṫair, agus do ċuireadar íad feín a nórduġaḋ a naġaiḋ ċloinne Ammon.

12 Agus a duḃairt seision, Má ḃíd na Sírianuiġ ro laídir ḋaṁsa, annsin cuideoċa tusa liom: aċd ma ḃíd clann Ammon ro láidir ḋuitsi, annsin cuideoċa misi leaċd.

13 Bíḋi curata, agus foíllsiġiom sinn féin go fearaṁuil ar son ar ndáoine, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is fearr ċítear ḋó féin.

14 Agus do ḋruid Ióab agus na daoine do ḃí iona ḟoċair as coinne na Sírianaċ ċum caṫa; agus do ṫeiṫeadarsan roiṁe.

15 Agus an tan do ċonncadar clann Ammon gur ṫeiṫeadar na Sírianuiġ, do ṫeiṫeadar feín mar an ccéadna roiṁe Abisai a ḋearḃraṫair, agus do ċúadar a steaċ don ċaṫruiġ. Annsin ṫáinic Ioab go Hierusalem.

16 ¶ Agus an tan do ċonneadar na Sírianuiġ gur buáileaḋ le Hísrael íad, dó ċuireadar teaċda úaṫa, agus do ṫairngeadar amaċ na Sírianuiġ do ḃí táoḃ ṫall don naḃuinn: agus Sóṗaċ caiptín slóiġ Hadareser rompa.

17 Agus do hinnseaḋ sin do Ḋáiḃi; agus do ċruinniġ sé Israel uile, agus do ċuáiḋ sé tar Iordan anonn, agus ṫáinic orra, agus do ċuir sé an caṫ a nórduġaḋ na naġaiḋ. Marsin a nuáir do ċuir Dáiḃi an caṫ a nórduġaḋ a naġaiḋ na Sírianaċ, do ṫroideadar ris.

18 Aċt do ṫeiṫeadar na Sírianuiġ roiṁe Israel; agus do ṁarḃ Dáiḃi do na Sírianaċaiḃ seaċd míle fear noċ do ṫroid a ccarbaduiḃ, agus ḋá ḟiṫċiod míle coisiġ, agus do ṁarḃ sé Sóṗaċ caiptin an tslóiġ.

19 Agus an tan do ċonncadar muinntir Hadareser gur buaileaḋ íad féin roiṁe Israel, do rinneadar síoṫċáin ré Dáiḃi, agus do ġéilliodar na serḃíseaċaiḃ ḋó: agus níor ċuidiġeadar na Sírianuiġ nios mo ré cloinn Ammon.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan