Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Gogaḋ agus búaiḋ Ḋaiḃi. 14 Agus a Luċd oifiġe.

1 Anois tárlá na ḋiaiġ so, gur ḃúail Dáiḃi na Ṗilistiniġ, agus gur ċláoiḋ sé iad, agus do ḃean Gát agus a bailte amaċ as láiṁ na Ḃṗilistineaċ.

2 Agus do ḃúail sé Móab; agus do ġéilliodar na Móabitiġ mar ṡerḃisiġ dó Ḋáḃi, ag taḃairt tioḋlaice leó.

3 ¶ Agus do ḃúail Dáiḃi Hadareser ríġ Sobah go nuige Hamat, mar do ċúaiḋ sé do ḋaingniuġaḋ a ṫiġearnuis láiṁ ré haḃuinn Euṗrátes.

4 Agus rug Dáiḃi míle carbad úaḋ, agus seaċd mile marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: do ġéarr Dáiḃi fós spiorṫeaċ eaċ na ccarbad uile, aċd do ċáoṁuin sé céad carbad díoḃ.

5 Agus a núair ṫangadar Siríanuiġ Ḋamascus do ċongnaṁ lé Hadareser ríġ Sóbáh, do ṁarḃ Dáiḃi do na Sírianaċaiḃ ḋá ṁíle ḟiṫċiod fear.

6 Annsin do ċuir Dáiḃi garisún ann Damascus na Síria; agus do ġéilliodar na Sirianuiġ mar ṡerḃisiġ do Ḋaiḃi, ag taḃairt tioḋlaice leó. Marso do ċoiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ áit a ndeaċaiḋ se.

7 Agus do ṫóg Dáiḃi na scíaṫá óir do ḃi air ṡearḃḟoġantuiḃ Hadareser, agus ṫug go Hierusalem íad.

8 Mar an gcéadna ó Ṫibat, agus ó Ċun, caiṫreaċa Hadareser, ṫug Dáiḃi iomarcuiġ praís, dá ndéarna Solaṁ an nfairge ṗráis, agus na piléir, agus na soiṫiġe praís.

9 ¶ Anois a núair do ċúaluiḋ Tou ríġ Hamat mar do ḃúail Dáiḃi go hiomlán sluáġ Hadareser ríġ Sobah;

10 Do ċuir sé Hadóram a ṁac gus an ríġ Dáiḃi, da ḟiafruiġ cionnus do ḃí sé, agus do ḃeannuġaḋ ḋó, do ċionn mar do ṫroid sé a naġaiḋ Hadareser, agus mar do ḃuáil sé é; (óir do ḃí cogaḋ ag Hadareser re Tou); agus gaċ uile ṡórt soiṫeaċ óir agus airgid agus praís leis.

11 Do ċoisrig Dáiḃi ríġ íad sin mar an ccéadna don TIĠEARNA, maille ris a nór agus ris a nairgiod ṫug sé as na críoċaiḃsa uile; ó Edom, agus ó Ṁóab, agus ó ċloinn Ammon, agus ó na Ṗilistiniḃ, agus Amalec.

12 Os a ċionn sin do ṁarḃ Abisai ṁac Seruiah do na Hedomiteaċaiḃ oċd míle ḋéag a ngleann an tsaluinn.

13 ¶ Agus do ċuir sé Garisún an Edom; agus do ġéilliodar na Hedomitiġ uile na serḃíseaċaiḃ do Ḋáiḃi. Marso do ċoṁead an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ar ġaḃ sé.

14 ¶ Marsin do ḃí Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel nile, agus do rinne sé breiṫeaṁnus agus ceart idir a ṗobal uile.

15 Agus do ḃí Ioab ṁac Seruiah ós cionn an tslóiġ; agus Iehosaṗat ṁac Ahilud, na ċuiṁniġeóir.

16 Agus Sádoc ṁac Ahitub, agus Abimeleċ ṁac Abiatar, na sagartaiḃ; agus Ṡaḃṡa na scriḃneóir;

17 Agus do ḃí Benaiah ṁac Iehoiada ós cionn na Cceretiteaċ agus na Bpeletiteaċ; agus dob íad mic Ḋáiḃi buḋ oirḋearċa gaċa táoḃ don ríġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan