Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Ata mac ar na ġeallaḋ do Ḋaiḃi, noċ ṫogḃas teampall. 16 Búiḋeaċas Ḋaiḃi.

1 Anois tárla, mar do ḃí Dáiḃi na ṡuiḋe iona ṫiġ, go nduḃairt Dáiḃi re Nátan an fáiġ, Féuċ, atáimsi am ċoṁnuiḋe a ttiġ do ċédar, aċ atá airc ċunnarṫa an TIĠEARNA taoḃ re cúirtíniḃ.

2 Annsin a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Déana gaċ ní dá ḃfuil ad ṁeanmuin; óir atá Día leat.

3 ¶ Agus tárla a noiḋċe sin féin, go ttáinic briaṫar Dé ċum Nátan, ġa ráḋ,

4 Imṫiġ agus innis do Ḋáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ, Is marso a deir an TIĠEARNA, ní ḋéana tú tiġ ḋaṁsa do ċoṁnuiġe ann:

5 Oír niór ċoṁnuiġ misi a ttiġ ón ló fá ttug mé Israel a níos gus a niuġ; aċt ag imṫeaċd ó lóistin go lóistín, agus ón ttabernacuil go ċéile.

6 Giḋ bé ball ar ṡiuḃail mé lé Hisrael, nar laḃar mé an focal ré háoinḃreiṫioṁ Disrael, (noċ dar aiṫin mé mo ṗobal do ḃeaṫuġaḋ), ġa ráḋ, Cred fa naċ dearnaḃair tiġ cédair ḋaṁ?

7 Anois ar a naḋḃarsin is marso a déara tú rem ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, do ṫog misi ṫú ón mánruiġ, ó leanṁuin na ccáoraċ, ċor go mbeiṫeá ad úaċdarán ós cionn mo ṗobail Israel:

8 Agus do ḃi me maille leat ann gaċ uile ḃall ar ġaḃ tú, agus do ġéarr mé ṫríoṫa do naiṁde uile roṁad, agus do rinne mé ainm ḋíot cosṁuil re ainm na ndáoine mora ata air an ttalaṁ.

9 Mar an gcéadua oirdeoċuiḋ mé áit dom ṗobal Israel, agus plainndeoċuiḋ mé iad, agus áitreaḃuid iona náit féin, agus ni ċorroċtar nios mó íad; ní mó ḋíbeoruid clann na gciontaċ íad nios mó, (do nós na céad aimsire.

10 Agus ó a nam ar aiṫin misi breiṫeaṁuin do ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel.) Tuilleaṁ fós cláoiḋfe mé do naiṁdese uile. Os a ċionnsin innsim ḋuit go ccuirfe an TIĠEARNA tiġ súas duitsi.

11 ¶ Agus tiucfaiḋ a ccríċ, a núair ċaiṫfiġṫear do laéṫesi go ccaiṫfiḋ tusa dul a ḃfoċair haiṫreaḋ, go ttóigfe misi do ṡlioċd súas ad ḋiaġ, noċ ḃias dot ṁacaiḃsi; agus daingneoċaiḋ mé a rioġaċd.

12 Do ḋéana seision tiġ ḋaṁsa, agus daingneoċaiḋ misi a ċaṫáoir rioġa go bráṫ.

13 Biaiḋ me am aṫair aige, agus biáiḋ seision na ṁac agamsa: agus ni ḃéara mé mo ṫrocaire uaḋ, mar rug mé ón té do ḃi roṁadsa:

14 Aċt suiġeoċa mé ann mo ṫiġ é, agus ann mo rioġaċd go bráṫ: agus daingneoċṫar a ċaṫaóir ríoġa go síorruiḋe.

15 Do reír na mbriaṫarso uile, agus do réir na fise so uile, is aṁiuiġ sin do laḃair Nátan re Daiḃi.

16 ¶ Agus ṫáimc Dáiḃi ríġ agus do ṡuiġ sé as coinne an TIĠEARNA, agus a duḃairt, ia misi, a ṪIĠEARNA Día, agus cred é mo ṫiġ, as a ttug tusa ċum na ceíme so mé?

17 Agus giḋeaḋ bá ḃeag so ad ṡúiliḃsi, a Ḋé; óir do laḃair tú mar an gcéadna ar ṫiġ do ṡearḃḟoġantuiġ aimsir ḟada ré teaċd, agus ṫug tú meas ormsa do réir staide duine ċuṁaċduiġ, a ṪIĠEARNA Día.

18 Cred ḟéadas Dáiḃi do ráḋ riot níos mó arson onóra do ṡearḃḟoġantuiġ? óir atá fios do ṡearḃḟoġantuiġ agad.

19 A ṪIĠEARNA, arson do ṡearḃḟoġantuiġ, agus reír do ṫola feín, do rinne tú an ṁórḋaċdso, a ḃfoillsiuġaḋ na neiṫeann mórso uile.

20 A ṪIĠEARNA, ní ḃfuil áon is cosṁuil riotsa, agus ní ḃfuil Día ar biṫ aċt tú, do reir a nuile neiṫe dá ccúalamar ler cclúasaiḃ.

21 Agus cía aoinċineaḋ ar an ndoṁan atá cosṁuil re do ṗobal Israel, noċ a ndeaċuiḋ Día dá ḃfúasglaḋ dá mbeiṫ na bpobal aige féin, do ḋéanaṁ anma mórḋaċda agus úaṫḃáis díotsa, le díbirt ċineaḋaċ amaċ roiṁe do ṗobal, noċ dfúasgail tú as an Négipt?

22 Oír do rinne tú do ṗobal féin dot ṗobal Israel go bráṫ; agus atá tusa, a ṪIĠEARNA, ad Ḋía ḋóiḃ.

23 Ar a naḋḃarsin a nois, a ṪIĠEARNA, daingniġṫear go bráṫ an ní a duḃairt tú a ttaóiḃ do ṡerḃísiġ agus a ttáoiḃ a ṫiġe, agus déana mar a duḃairt tú.

24 Daingniġṫear é ċeana, ċor go mórfuiġṫear hainmsi go bráṫ, ġá ráḋ, TIĠEARNA na slóġ Día Israel, is Día Disrael é: agus daingniġṫear tiġ Ḋaiḃi do ṡearḃḟoġantuiġ ad laṫair.

25 Oír dfoillsiġ tusa, ó mo Ḋía, dot ṡearḃḟoġantuiġ go ttóigfeá tiġ ḋó: uimesin fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ iona ċroíḋe urnaiġ do ḋeanaṁ ad laṫair.

26 Agus a nois, a ṪIĠEARNA, is tú Día, agus do ġeall tú an ṁaiṫise dot ṡearḃḟoġantuiġ:

27 Anois ar a naḋḃarsin go maḋ toil leaċd tiġ do ṡearḃḟoġantuiġ do ḃeannuġaḋ, ċor go mbíaiḋ as do ċoinne go bráṫ: óir beannuiḋe tusa, a ṪIĠEARNA, agus biáiḋsin beannuiġ go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan