I Croinicoiḃ 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. An airc ar na cur ina lóistin fein, 7 do ċanadar an 105 agus 69 psalm. 1 Marsin ṫugadar leó aírc Dé, agus do ṡuiġeadar í a lar an lóistín do ċuir Dáiḃi na ṡeasaṁ ḋi: agus dofráladar ofráil loisge agus ofráil ṡióṫċána a ḃfiaḋnuisi Dé. 2 Agus a núair do ċríoċnuiġ Dáiḃi íoḋbuirt na hofrála loisge agus na hofrála síoṫċana, do ḃeannuiġ se an pobal a nainm an TIĠEARNA. 3 Agus do roinn sé air gaċ éanduine Disrael, idir ḟear agus ṁnáoi, do gaċ áon aca bairġin araín, agus spoḋla maiṫ feóla, agus flaigín fíona. 4 ¶ Agus dórduiġ sé Leḃítiġ áiriġ do ṁiniostralaċd a laṫair airce an TIĠEARNA, agus do ċuiṁninġaḋ, agus do ṁolaḋ agus do ṫaḃairt buiḋeaċuis ris an TTIĠEARNA Día Israel: 5 Asaṗ an túaċdarán, agus na ḋiaiġ sin Saċariah, Ieiel, agus Semiramot, agus Iehiel, agus Mattitiah, agus Eliab, agus Benaiah, agus Obed‐edom: agus Ieiel maille le saltraċaiḃ agus le clairseaċaiḃ; aċd do níoḋ Asaṗ fuáim lé cimbaluiḃ; 6 Benaiah mar an ccéadna agus Iahasiel na sagairt maille re stocaiḃ a ccoṁnuiḋe as coinne airce ċunnarṫa an TIĠEARNA. 7 ¶ Annsin san ló sin feín do ṫug Dáiḃi an ċeáduair an salmsa do ṫaḃairt buiḋeaċuis ris an TTIĠEARNA, a láiṁ Asaṗ agus a ḋearḃráiṫreaċ. 8 Tugaiḋ buiḋeaċus don TIĠEARNA, goiriḋ ar a ainm, foillsiġiḋ a ġníoṁarṫa a measg an ṗobuil. 9 Cánuiḋ ḋó, cánuiḋ sailm ḋó, agus laḃruiḋ air a oibriġiḃ iongantaċa uile. 10 Déunuiḋ glóir iona ainm naóṁṫa: bíoḋ gáirdeaċus ar ċroiḋṫiḃ na ndáoine íarrus an TIĠEARNA. 11 Iarruiḋ an TIĠEARNA agus a neart, iarruiḋ a ġnúis a ccoṁnuiḋe. 12 Cuiṁniġiḋ a oibreaċa iongantaċa do rinne sé, a ionganta, agus breiṫeaṁnuis a ḃeil; 13 O a ṡlioċd Israel a ṡerḃísiġsion, a ċlann Iácob, a ḋaoiue toġṫa. 14 A sé so ar TTIĠEARNA Día; atáid a ḃreiṫeaṁnuis air feaḋ an doṁuin uile. 15 Biṫi cuiṁneaċ a ccoṁnuiḋe air a ċunnraḋ; an focal do aiṫin sé do ṁile ginealaċ; 16 Eaḋon air an ccunnraḋ do rinne sé re Hábraham, agus air a ṁionnuiḃ do Isaac; 17 Agus do ḋaingniġ se sin do Iacob mar ḋliġeaḋ, agus do Israel mar ċunnraḋ síorruiḋe, 18 Ḋá ráḋ, Is duitsi do ḃéara mé tír Ċanain, cuid ronna hoiġreaċda; 19 A núair naċ raḃadar aċd beagán, ro ḃeágán, agus na ccoiṁiġṫeaċaiḃ innte. 20 Agus a núair do imṫiġeadar ó ṫír go tír, agus ó rioġaċd go daoiniḃ oile; 21 Níor ḟulaing sé déanduine éaccóir do ḋéanaṁ orra: ṫug sé fós, iomaiṫḃear do ríoġaiḃ ar a son, 22 Ġa ráḋ, Ná beanuiḋ rem ungṫaċaiḃ, agus ná déanuiḋ doċar ar biṫ dom ḟáiġiḃ. 23 Canaḋ an doṁan uile, ċum an TIĠEARNA; foillsiġ amaċ ó ló go ló a ṡlánuġaḋ. 24 Foillsiġ a ġlóir a measg na ngeinteaḋ; a oibreaċa iongantaċa a measg na nuile ċineaḋaċ. 25 Oir is mór án TIĠEARNA, agus is mór é ré a ṁolaḋ: is roiṁe fós is coír eagla ḃeiṫ ós cionn a nuile ḋée. 26 Oir is ioḋuil uile deé an ṗobail: aċd is é an TIĠEARNA do rinne na fiaiṫis. 27 Atá glóir agus onóir dá laṫair; atá neart agus sólás iona ionad. 28 Tugaiḋ don TIĠEARNA, a ċoṁġáolta an ṗobail, tugaiḋ don TIĠEARNA glóir agus neart. 29 Tugaiḋ don TIĠEARNA an ġlóir is ceart dá ainm: tugaiḋ ofráil liḃ, agus tigiḋ iona ḟiaġnuise: aḋruiġ an TIĠEARNA a sgéiṁ náoṁṫaċda. 30 Bíoḋ eagla, áir an ndoṁan uile dá laṫair: biáiḋ an talaṁ fós seasṁaċ, ionnus naċ ccorruiġṫear é. 31 Bíoḋ gáirdeaċus air na neaṁuiḃ, agus déanaḋ an talaṁ lúaṫġaír: agus abraḋ dáoine eidir na cineaḋaċaiḃ, Atá an TIĠEARNA a ríġe. 32 Búaireaḋ a nfairge, agus a hiomlaíne: lúaṫġáiridís na maċaireaḋa, agus a nuile ní dá ḃfuil ionta. 33 Annsin canfuid croinn na coilleaḋ go hárd a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, do ḃríġ go ttiucfa sé do ḋéanaṁ breiṫeaṁnus ar an ndoṁan. 34 O tugaiḋ buiḋeaċus don TIĠEARNA; óir is maiṫ é; óir mairiḋ a ṫrócaire go síorruiḋe. 35 Agus abruiḋ siḃsi, Sáor sinn, a Ḋé ar slánuiġṫe, agus cruinniġ a ḃfoċair a ċéile sinn, agus sáor sinn ar na geintiḃ, ionnus go ttiuḃram buiḋeaċus dot ainm naoṁṫa, agus go ndéanam glóir ann do ṁolaḋ. 36 Go maḋ beannaiġ an TIĠEARNA Día Israel a sáoġal na sáoġal. Agus a duḃairt an pobal uile, Amen, agus do ṁoladar an TIĠEARNA. 37 ¶ Annsin a laṫair airce ċunnarṫa an TIĠEARNA dfág sé Asaṗ agus a ḋearḃraiṫre, do ṁiniostralaċd as coinne na háirce a ccoṁnuiḋe, mar díarraḋ obair gaċ aon laé: 38 Agus Obed‐edom agus a ndearḃráiṫre, oċdar agus trí fiṫċid; agus mar an gcéadna Obed‐edom ṁac Iedutun agus Hósah do ḃeiṫ na ndoirseóiriḃ: 39 Agus Sádoc án sagart, agus a ḋearḃráiṫre na sagairt, ar aġaiḋ ṫabernacuil an TIĠEARNA annsa náit áird do ḃí an Gibeon. 40 Do íoḋbairt ofrála loisge don TIĠEARNA air altóir na hofrála loisge a ccoṁnuiḋ maidin agus tráṫnóna, agus do ḋéanaṁ gaċ neiṫe dá ḃfuil scríoḃṫa a ndliġeaḋ an TIĠEARNA, noċ do aiṫin sé Disrael; 41 Agus Heman agus Iedutun maille leó, agus an ċuid oile do toġaḋ, noċ do foillsiuġaḋ le na nanmannuiḃ, do ṫaḃairt buiḋeaċuis don TIĠEARNA, do ḃríġ go mairionn a ṫrócaire go bráṫ; 42 Agus ag Héman agus Iedutun do ḃádar stuic agus cimbail don luċd do ḋéanaḋ fúaim, agus aḋḃaḋa ciuil Dé. Agus dob íad mic Iedutun na doirseóiriġ. 43 Agus do imṫiġ an pobal uile gaċ áon dá ṫiġ féin: agus dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫiġe féin. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society