I Croinicoiḃ 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Daiḃi, aoiḃneaċ roiṁe an airc, 29 ar na ḋísbeagaḋ le Miċal. 1 Agus do rinne Dáiḃi tiġṫe ḋó féin a ccaṫruiġ Ḋáiḃi agus dullṁaiġ sé áit dairc Dé, agus do ṡuiḋiġ sé lóistin di. 2 Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní cóir déanduine airc Dé iomċar aċd do na Leḃítiḃ: óir is íad do ṫoġ an TIĠEARNA diomċar aírce Dé, agus do ḋéanaṁ miniostralaċd ḋó go bráṫ. 3 Agus do ċruinniġ Dáiḃí Israel uile a ccionn a ċéile go Hierusalem, do ṫaḃairt aírce an TIĠEARNA súas dá haít, noċ do ullṁuiġ sé roimpe. 4 Agus do ċruinniġ Dáiḃi clann Aáron, agus na Leḃítíġ: 5 Do ṁacaiḃ Cohat; Uriel a cceann, agus a ḋearḃráiṫre céad agus fiṫċe: 6 Do ṁacaiḃ Merári; Asaiah a cceann, agus a ḋearḃraíṫre, ḋá ċéad agus fiṫċe. 7 Do ṁacaiḃ Gersom; Ioel a cceann, agus a ḋearḃráiṫre céud agus tríoċad. 8 Do ṁacaiḃ Elisaṗan; Semaiah a cceann, agus a ḋearḃráiṫre ḋá ċéud: 9 Do ṁacaiḃ Hebron; Eliel a cceann, agus a ḋearḃraiṫre ceiṫre fiṫċid: 10 Do ṁacaiḃ Ussiel; Amminadab a ccean, agus a ḋearḃráiṫre céad agus ḋá ḟear ḋéag. 11 Agus do ġoir Dáiḃi air Ṡádoc agus air Abiatar na sagairt, agus air na Leḃítiḃ, air Uriel, Asaiah, agus Ioel, Semaiah, agus Eliel, agus Amminadab, 12 Agus a duḃairt sé riú, Is siḃsi cinn aiṫreaċ na Leḃíteaċ: náoṁaiḋ siḃ féin, agus ḃur ndearḃráiṫre, go ttugaḋ siḃ a níos airc an TIĠEARNA Día Israel gus a náit do ullṁuiġ misi ḋi. 13 Oír do ḃríġ naċ ndéarnaḃair é an ċéad uáir, do rinne an TIĠEARNA ar Ndia briseaḋ oruinn, do ċionn nar íarramar é mar buḋ ċoír. 14 Marsin do náoṁadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad féin do ṫaḃairt airce an TIĠEARNA Día Israel súas. 15 Agus do iomċradar clann na Leḃíteaċ aírc Dé air a nguáilliḃ gun a maideaḋuíḃ uirre, mar do aiṫin Máoise do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA. 16 Agus do laḃair Dáiḃi ré húaċdarán na Leḃíteaċ a ndearḃráiṫre dórduġaḋ do ḃeiṫ na luċd ceóil air aḋḃaġuiḃ ciúil, air ṡaltraċuiḃ, agus ċlairseaċuiḃ, agus ċimbaluiḃ, ag déanaṁ fuaime, re tógḃáil goṫa ós áird le luaṫġáir. 17 Marsin do órduiġeadar na Leḃítiġ Héman ṁac Ioel; agus da ḋearḃráiṫriḃ, Asaṗ ṁac Bereċiah; agus do ṁacuiḃ Merári a ndearḃraiṫre, Etan ṁac Cusaiah; 18 Agus maille leó a ndearḃraiṫre don dara hórd, Saċariah, Ben, agus Iaasiel, agus Semiramot, agus Iehiel, agus Unni, Eliab, agus Benaiah, agus Maaseiah, agus Mattitiah, agus Eliṗaleh, agus Micneiah, agus Obed‐edom, agus Ieiel, na doirseóiriġ. 19 Marsin do hórduiġeaḋ an luċd ceóil, Héman, Asaṗ, agus Etan, do ṡeinm ar ċimbaluiḃ uṁa; 20 Agus Saċariah, agus Asiel, agus Semiramot, agus Iehiel, agus Unni, agus Eliab, agus Maasiah, agus Benaiah, air ṡaltraċaiḃ air Alamot; 21 Agus Mattitiah, agus Eliṗaleh, agus Micneiah, agus Obed‐edom, agus Ieiel, agus Asasiah, maille re cláirseaċaiḃ ar an Seminit, do ṡáruġaḋ. 22 Agus do bé Ċenaniah, ceann na Leḃíteaċ, do ḃí ċum cantuiġe: a sé do ṫeagaisc timċioll an ċéoil, mar do ḃí sé eólaċ. 23 Agus do ḃí Bereċiah agus Elcanah na ndóirseoiriḃ ag an airc. 24 Agus Sebaniah, agus Iehosaṗat, agus Netaneel, agus Amasai, agus Saċariah, agus Benaiah, agus Elieser, na sagairt, do ṡéideadar stuic roiṁe airc Dé: agus do bé Obed‐edom agus Iehiah buḋ coiṁéaduiġe ḋoruis don aírc. 25 ¶ Marsin do ċúaiḋ Dáiḃi agus sinnsir Israel, agus caiptíniġ na mílteaḋ, do ṫaḃairt airce ċunnarṫa an TIĠEARNA ó ṫiġ Obed edom maille re gáirdeaċus. 26 Agus tárla, a núair do éattromuiḋ Día na Leḃitiġ noċ do iomċair aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA, gur ofraladar seaċd mbulóga agus seaċd reiṫe. 27 Agus do ḃí Dáiḃi ar na éaduġaḋ le róba do línéadaċ ḟínealta, agus na Leḃitiġ uile do iomċuir an aírc, agus an luċd ceóil, agus Ċenaniah maiġistir an ċeóil maille ris a naós ceóil: agus do ḃí ar Ḋáiḃi mar an ccéadna eṗod línéaduiġ. 28 Marso ṫug Israel airc ċunnarṫa an TIĠEARNA leó maille re gárrṫuiḃ, agus lé fuáim an ḃúaḃuill, agus le stocaiḃ, agus le Cimḃaluiḃ, ag déanaṁ coṁġoṫa lé saltraċaiḃ agus le cláirseaċaiḃ. 29 ¶ Agus tárla, an tan ṫáinic airc ċunnarṫa an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, ar mbeiṫ do Ṁiċal inġean Ṡauil ag féuċuin amaċ air fuinneóig go ḃfacuiḋ sí Dáiḃi ríġ ag daṁsa agus ag súgraḋ: agus do ṫarcuisniġ sí é iona croiḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society