I Croinicoiḃ 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Caruid, 4 Clann, 8 agus buáiḋ Ḋáiḃi. 1 Anois do ċuir Híram ríġ Tíor teaċda go Dáiḃi, agus aḋmad cédair, maille re sáoruiḃ cloiċe agus saoruiḃ croinn, do ċur tiġ suas dó. 2 ¶ Agus do ṫuig Dáiḃi gur ḋaingniġ an TIĠEARNA é na ríġ ós cionn Israel, óir do tógḃaḋ a rioġaċd súas go hárd, ar son a ṗobail Israel. 3 Agus ṫug Dáiḃi tuilleaṁ ban ċuige ann Ierusalem: agus do ġein Dáiḃi tuilleaṁ mac agus inġean. 4 Anois ís íad so anmanna a ċloinne do ḃí aige ann Ierusalem; Sammua, agus Sóbab, Nátan, agus Solaṁ, 5 Agus Iḃar, agus Elisua, agus Elpalet, 6 Agus Nóga, agus Néṗeg, agus Iaṗia, 7 Agus Elisáma, agus Beeliada, agus Eliṗalet. 8 ¶ Agus a núair do ċúaladar na Ṗilistiniġ gur hungaḋ Dáiḃi na ríġ ós ċionn Israel uile, do ċúadar na Ṗilistiniġ uile súas diarruiḋ Ḋáiḃi. Agus do ċúaluiḋ Dáiḃi sin, agus do ċuáiḋ sé amaċ na naġaiḋ. 9 Agus ṫangadar na Ṗilistiniġ agus do leaṫnuiġeadar íad féin a ngleann Reṗaim. 10 Agus dfíafruiġ Dáiḃi do Ḋía, ḋa ráḋ, An raċa mé súas a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ? agus an seaċoduiġ tusa am láiṁ íad? Agus á duḃairt an TIĠEARNA ris, Imṫiġ súas; óir do ḃéara mé ad laíṁ íad. 11 Mar sin ṫangadar súas go Baal‐perasim; agus do ḃúail Dáiḃi annsin iad. Annsin a duḃairt Dáiḃi, Do ḃris Día a steaċ ar mo náṁaid lem laiṁsi aṁuil briseaḋ amaċ na nuisgeaḋ: ar a naḋḃarsin do ġoireadar Baal‐perasim dainm do náitsin. 12 Agus a nuaír do ḟágḃadar a ndeé annsin, ṫug Dáiḃi aiṫne úaḋ, agus do loisgeaḋ re teine íad. 13 Agus do leaṫnuiġeadar na Ṗilistiníġ íad féin fós a rís amuiġ annsa ġleann. 14 Uimesin dfíafruiġ Dáiḃi a rís do Ḋía; agus a duḃairt Día ris, Ná himṫiġ súas na ndíaiġ; fill úaḋa, agus tárr orra ṫall as coinne ċrann na sméur. 15 Agus is aṁluiḋ ḃías, an tan ċluinfios tú torann siuḃail a mbárr ċrann na sméur, annsin raċa tú amaċ ċum caṫa: óir do ċuaiḋ Día roṁad amaċ do ḃúalaḋ slóiġ na Ḃṗilistineaċ. 16 Uimesin do rinne Dáiḃi mar do aiṫin Día ḋe: agus do bbúaileadar slúaġ na Ḃṗilistineaċ ó Ġibeon air fad go Gáser. 17 Agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ fá na críoċuiḃ uile; agus ṫug an TIĠEARNA a eagla air gaċ uile ċríċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society