Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Tug Daiḃi an aírc ó Ċiriat‐iéarim. 9 Mioṫapaḋ Ussa.

1 Agus do rinne Dáiḃi coṁairle re caiptíniḃ na mílteaḋ agus na ccéad, agus ré gaċ áon oifigeaċ.

2 Agus a duḃairt Dáiḃi ré coṁċruinniuġaḋ Israel uile, Má ċítear ḋáoiḃsi gur maiṫ é, agus gurab ó ar TTIĠEARNA Día é, cuiream sgéula úainn go foirleaṫan ċum ar ndearḃráiṫreaċ, do fágḃaḋ a ttír Israel uile, agus maille riú mar an gcéadna ċum na sagart agus na Leḃíteaċ noċ atá iona ccaiṫreaċa agus a mbruaċḃailtiḃ, go ccruinnidís íad féin ċugainn:

3 Agus tugamaoid a rís aírc ar Ndé ċuguinn: óir níor ḟiafruiġeamar ḋi ó laóṫiḃ Ṡauil.

4 Agus a duḃradar an coṁċruinniuġaḋ go ndéanaídís sin: óir do buḋ ceart an ní a súiliḃ na ndáoine uile.

5 Marsin do ċruinniġ Dáiḃi Israel uilé a ccionn a ċéile, ó Ṡihor na Hégipte go dul a steaċ Hemat, do ṫaḃairt aírce Dé ó Ċiriat‐iearim.

6 Agus do ċuáiḋ Dáiḃi súas, agus Israel uile, go Baalah, eaḋon go Ciriatiarim, noċ fa le Iudah, do ṫaḃairt aírce an TIĠEARNA Dé as sin, noċ ċoṁnuiġeas eidir na ċerubiniḃ, a ngoirṫear a ainm air.

7 Agus do iomċradar airc Dé a ccairt núaiḋ amaċ as tiġ Abinadab: agus do ṫiomáin Ussa agus Ahio an ċairt.

8 Agus do ḃí Daiḃi agus Israel uile ag urġaírdiuġaḋ (a laṫair Dé) maílle re na nuile ċúmas, agus lé duánuiḃ, agus lé claírseaċaiḃ, agus lé saltraċaiḃ, agus lé tiompanuiḃ, agus lé haḋḃuiḃ ciuil, agus lé stocaiḃ.

9 ¶ Agus an tan ṫangadar go hurlár búailte Ċidon, do ċuir Ussa a láṁ amaċ do ċongṁáil na háirce; óir do ċroiṫeadar na daiṁ í.

10 Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Ussa, agus do ḃuáil sé é, do ċiónn a láiṁe do ċur ċum na háirce: agus fuáir sé bás ann sin a ḃfiaġnuise Dé.

11 Agus do ḃí doilġios air Ḋáiḃi, do ċionn an TIĠEARNA do ḃriseaḋ air Ussa: uimesin goirṫear Peres‐ussa do náit sin gus a niuġ.

12 Agus do ḃí eagla Dé ar Ḋáiḃi an lá sin, ġa ráḋ, Cionnus ḃéarus misi aírc Dé don ḃaile ċugam?

13 Mar sin ní ṫug Dáiḃi a naírc don ḃaile ċuige féin go caṫruiġ Ḋáiḃi, aċd rug sé do leaṫtaoiḃ í go tiġ Obededom an Gititeaċ.

14 Agus dfan airc Dé ag muinntir Obed‐edom iona ṫiġ trí ṁí. Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA tiġ Obed‐edom, agus a raiḃ aige.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan