I Croinicoiḃ 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. An ṡluaġ do lean Daiḃi go toileaṁla. 1 Anois íad so ṫáinic go Dáiḃi go Siclag, an feaḋ do ḃí sé fós da ċeilt féin ar eagla Ṡauil ṁic Cis: agus do ḃádar a measc na ndáoine neartṁara, luċd cuidiġ an ċogaiḋ. 2 Do ḃádar armṫá ré boġaiḃ, agus do ḃádar cliste ar a láiṁ ḋeis agus ċlé ag caiṫeaṁ cloċ agus soiġead as boġa, do ḃráiṫriḃ Ṡauil agus ċloinne Beniamin. 3 Sé Ahieser dob oirḋearca ḋíoḃ, annsin Ioas, mic Ṡemaiah an Gibeatiteaċ; agus Iesiel, agus Pelet, mic Asmaḃet; agus Beraċah, agus Iehu an Tantotiteaċ, 4 Agus Ismaiah an Gibeoniteaċ, duine neartṁar a measg an tríoċaid, agus ós ċionn an tríoċaid; agus Ieremiah, agus Iahasiel, agus Iohanan, agus Iosabad an Gederatiteaċ, 5 Elusai, agus Ierimot, agus Bealia, agus Semariah, agus Seṗatiah an Haruṗiteaċ, 6 Elcanah, agus Iesiah, agus Asareel, agus Ioeser, agus Iasobeam na Corítiġ, 7 Agus Ioelah, agus Sebadiah, mic Ieroham ó Ġédor. 8 Agus do ḋealuiġeadar cuid do na Gadítiḃ íad feín ċum Dáiḃi gus an daingion ann sa ḃfásaċ daoine cálma, agus luċd coguiḋ iomċuḃaiḋ ċum caṫa, dar ḃeól sciaṫ agus buiciler do ġlacaḋ, a naiġṫe aṁuil aiġṫe leoṁan, agus íad coṁlúaṫ ris na heilitiḃ ar nasléiḃtiḃ. 9 Eser an ċéad duine, Obadiah an dara, Eliab an treas, 10 Mismannah an ceaṫraṁaḋ, Ieremiah an cúigeaḋ, 11 Atai an seiseaḋ, Eliel an seaċdṁaḋ, 12 Iohanan an toċdṁaḋ, Elsabad a náoṁaḋ, 13 Ieremiah an deaċṁaḋ, Maċbanai an táonṁaḋ déag. 14 Do ċloinn Ġad íad so, caiptíniġ an tslóiġ: do ḃí an té fá lúġa ḋíoḃ ós cionn ċéad, agus an té fá mó ós cionn ṁíle. 15 Is íad so ċuáiḋ tar Iordan anonn san ċéid ṁí, a núair do ċúaiḋ a ṫuile tar a ḃrúaċaiḃ uile; agus do ċuireadar ċum teiṫṁe muinntir na ngleann uile, aráon don noirṫear, agus don níarṫar. 16 Agus ṫangadar do ċloinn Ḃeniamin agus do ċloinn Iúdah gus a ndaingean go Dáiḃi. 17 Agus do ċuáiḋ Dáiḃi amaċ na ccoinne, agus do ḟreagair agus a duḃairt sé riú, Ma ṫangaḃair ċugamsa go síoṫċánta do ċongnaṁ liom, biáiḋ mo ċroiḋe snaoḋmṫa riḃ: aċd más dom ḃraṫ dom naṁuid ṫangaḃair, ó naċ ḃfuil éagcoír ar biṫ am láṁuiḃsi, go ḃféuċuiḋ Día ar naiṫreaḋ airsin, agus go spreaguiḋ sé é. 18 Ann sin ṫáinic an spiorad go Hamasai, an tí dob oireaġa do na caiptiniḃ, agus a duḃairt, Is leatsa sinne, a Ḋáiḃi, agus ar do ṫáoḃ, atámaoid a a ṁic Iesse: síoṫċám, síoṫċain maille riot, agus síoṫċáin dot luċd cuidiġ; óir atá do Ḋía ag cungnaṁ leaċd. Annsin do ġaḃ Dáiḃi ċuige íad, agus do rinne ḋioḃ caiptíniġ ar an mbuiḋin. 19 Agus do ṫuit cuid do Ṁanasseh ċum Dáiḃi, an tan ṫáinic se leis na Ṗilistiniḃ a naġaiḋ Ṡauil ċum caṫa: aċd níor ċungadar léo: óir do ċuíreadar tiġearnuiḋ na Ḃṗlistineaċ do ḃun coṁairle ar siuḃal é, ġa ráḋ, Fillfiḋ sé ċum a ṁaiġistir Saul re cunntaḃart ar cceanne. 20 Mar do ċuáiḋ sé go Siclag, dfill ċuige do Ṁanasseh, Adnah, agus Iosabad, agus Iediael, agus Miċáel, agus Iosabad, agus Elihu, agus Siltai, caiptíniġ na mílteaḋ do ḃí ó Ṁanasseh. 21 Agus do ċuidiġeadár lé Dáiḃi maille re buiḋin: óir do ḃádar uile na ndáoiniḃ curata a mbeóḋaċd, agus na ccaiptiniḃ annsa tslúaġ. 22 Oír fa namsín lá air lá do ṫigeaḋ go Dáiḃi do ċongnaṁ ris, nó go raiḃ na ṡluáġ ṁór, cosṁuil re slúaġ Dé. 23 ¶ Agus Is íad so uiḃir na mbannaḋa noċ do ḃí réiḋ armṫa ċum coguiḋ, agus ṫáinic go Dáiḃi go Hebron, dfilleaḋ rioġaċda Ṡauil ċuige, do reir ḃréiṫre an TIĠEARNA. 24 Do ċloinn Iúdah dar iomċair scíaṫ agus gaṫ sé ṁíle agus oċd ccéad, reíḋ armṫa cum cogaiḋ. 25 Do ċloinn Ṡimeoin, dáoine cuṁaċdaċa a ngaisgiḋ ċum cogaiḋ, seaċd mile agus céad. 26 Do ċloinn Léḃi ceiṫre ṁíle agus sé ċéad. 27 Agus do bé Iehoiada ba ceann ar na Haaroníteaċaiḃ, agus trí ṁíle agus seaċd gcéad maille ris; 28 Agus Sádoc, duine óg láidir a ngaisgiḋ, agus ḋá ċaiptín agus fiṫċe do ṫiġ a aṫar. 29 Agus do ċloinn Ḃeniamin, do ġáol Ṡauil, trí ṁile: óir go nuige so síad an ċuid bá ṁó ḋíoḃ do ċoiṁéadaḋ tiġ Ṡauil. 30 Agus do ċloinn Eṗraím fiṫċe mile agus oċd ccéad, dáoine neartṁara a ccalmaċd, tásgaṁla ar feaḋ ṫiġe a naiṫreaḋ. 31 Agus do leiṫṫreiḃ Ṁanasseh oċd míle déag, noċ do foillsiġeaḋ na nainm, do ṫeaċd agus ríġ ḋéanaṁ do Ḋáiḃi. 32 Agus do ċloinn Issaċar, agá raiḃ tuigsi air na haimsearuiḃ, dá ḟios cred buḋ ċóir do ċloinn Israel do ḋéanaṁ; do buḋ ḋá ċéad a ccinn; agus do ḃadár a ndearḃráiṫre uile ar a ttoil. 33 Do Ṡebulun, an ṁéid do ċuáiḋ amaċ ċum caṫa, eólaċ a ccogaḋ, maílle rís a nuile ionstrumeínt ċogniḋ, caógad míle, dar ḃéol dul á norduġaḋ: do ċroiḋe iomlán. 34 Agus do Naṗtali míle caiptín, agus maille leó go scéiṫ agus go ngaṫ tríoċad agus seaċd míle. 35 Agus do na Danítiḃ eólaċ a ccogaḋ oċd mile ḟiṫċiot agus sé ċéad. 36 Agus do Asser, do ḋaóiniḃ do ṫiaġaḋ amaċ ċum caṫa, foġlomṫa a ccogaḋ, ceaṫraċad míle. 37 Agus don táoḃ oile do Iordan, do na Reubinitiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leṫṫreiḃ Ṁanasseh, maille ris a nuile ionstruméint ċogaiḋ ċum caṫa, céad agus fiṫċe míle. 38 Ṫangadar a raiḃ annso dfearuiḃ cogaiḋ, do ḟanaḋ a norduġaḋ maille ré croiḋe iomlán go Hébron, do ḋeánaṁ ríġ do Ḋáiḃi ós cionn Israel uile: agus do ḃádar an ċuid oile Disrael mar an ccéadna déantoil do ḋéanaṁ ríġ do Ḋáiḃi. 39 Agus do ḃádar annsin a ḃfoċair Ḋáiḃi trí lá ag iṫe agus ag ól: óir do ullṁuiġeadar a ndearḃráiṫre na ccoinne. 40 Os a ċionn sin an ṁéid do ḃí a ḃfogus dóiḃ, eaḋon go nuige Issaċar agus Sebulun agus Naṗtali, ṫugadar leó ar assaluiḃ, agus ar ċáṁalluiḃ, agus ar ṁúilliḃ, agus ar ḋaṁuiḃ, aran, agus bíaḋ, min, cacaḋa fíge, agus ceangláċáin risín, fíon agus ola, agus dannh, agus caóiríġ go lor: óir do ḃí lúaṫġaír a Nisrael. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society