Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

I Croinicoiḃ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Toġa Ḋaíḃi le Hisrael. 11 Firċalma Ḋaiḃi.

1 Annsin do ċruinniġeadar Israel uile íad feín ċum Dáiḃi go Hébron, ga ráḋ, Féuċ, Is sinne do ċnáiṁ agus ṫfeóil.

2 Agus ós a ċionn sin, a nallód, eaḋon a nuáir do ḃí Saul na ríġ, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ a maċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃáirt do ṪIĠEARNA Día riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad riaġluiġeóir ós cionn mo ṗobuil Israel.

3 Ar a naḋḃarsin ṫangadar sinnsir Israel uile ċum an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi cunnraḋ ríu ann Hébron a laṫair an TIĠEARNA; agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA re Samuel.

4 ¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi agus Israel uile go Hierusalem, sé sin Iébas; mar a raḃadar na Iebusitiġ, dúṫċusaiġ na tiré.

5 Agus a duḃradar dúṫċusaiġ Iebus re Dáiḃi, Ni ṫiucfa tú annso. Giḋeaḋ do ġaḃ Dáiḃi caislean Sion, sí sin caṫair Ḋáiḃi.

6 Agus a duḃairt Dáiḃi, Giḋ bé ḃúailfios na Iebusitiġ ar ttús sé ḃus ceann agus captin. Mar sin do ċuáiḋ Ióab ṁac Seruiah súas ar tús, agus do ḃi sé na úaċdarán.

7 Agus do áitreiḃ Dáiḃi annsa ċaislean; uime sin, ṫugadar caṫair Ḋáiḃi dainm air.

8 Agus do ċuir sé an ċaṫair súas timċioll fá ccúairt, eaḋon ó Ṁillo fá ccúairt: agus do leasuiġ Ioab an ċuid oile don ċaṫruiġ.

9 Marsin do ḟas Dáiḃi nios mó agus nios mó: óir do ḃí TIĠEARNA na slóġ ris.

10 ¶ Isíad so mar an gcéadna toġa na ndáoine neartṁara do ḃí ag Dáiḃi, noċ do neartuiġ íad féin leis annsa rioġaċd, agus lé Hisrael uile, do ḋéanaṁ ríġ ḋé, do reír ḃréiṫre an TIĠEARNA a ttáoiḃ Israel.

11 Agus síad úiḃir na ḃfear ccalma do ḃí ag Dáiḃi; Iasobeam, an Haċmoniteaċ, ceann na ccaíptíneaḋ: do ṫóg sé súas a ġaṫ a naġaiḋ na ttrí ccéud do marḃaḋ leis a néinḟeaċd.

12 Agus na ḋiaiġsion Eleasar ṁac Dódo, an Tahotiteaċ, noċ ba áon don triúr curaḋ.

13 Do ḃí sé a ḃḟoċair Ḋáiḃi ann Pas‐dammim, agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniḃ, a gcionn a ċéile annsin ċum caṫa, mar a raiḃ preabán fearuinn lán deórna; agus do ṫeiṫeadar an pobal roiṁe na Ṗilistiniḃ.

14 Agus do ṡuiġeadarsan íad féin a lár an ṗreabaín sin, agus do ṫárṫuiġeadar é, agus do ṁarḃadarna Ṗilistiniġ; agus do ṫárṫuiġ an TIĠEARNA íad lé slánuġaḋ mór.

15 Anois do ċúaiḋ triúr don tríoċad caiptín síos go ccaruig Ḋáiḃi, go húaṁaiġ Adullam; agus do ṡuiġeadar slúaġ na Ḃṗilistineaċ a ngleann Reṗaim.

16 Agus do ḃí Dáiḃi annsin annsa ccaislean, agus do ḃí dionlongṗort na Ḃṗilistineaċ annsin a Mbet‐lehem.

17 Agus do ḃí mían ar Ḋáiḃi, agus a duḃairt, Oh naċ ḃfuil duine agum do ḃéuraḋ ḋaṁ deoċ duisge ṫóbair Ḃet‐lehem, noċ atá ag an ngeata!

18 Agus do ḃriseadar an triúr tré ṡlúaġ na ḃṗilístineaċ, agus do ṫairrngeadar uisge as tobar Ḃet‐lehem, noċ do ḃí láiṁ ris an ngeata, agus do ġlacadar é, agus ṫugadar ċum Dáiḃi é: aċd níor ḃáill lé Dáiḃi a ól, aċd a ḋórtaḋ amaċ don TIĠEARNA.

19 Agus a duḃairt sé, Nár léigiḋ mo Ḋía ḋaṁsa, go ndéanuinn an ní so: a nólfa misi fuil na muinntiresi do ċuir a nanam a ccuntaḃairt? óir le guáis a mbais ṫugadar leó é. Uimesin níor ḃáill leis a ól. Do rinneadar an triúr so fa neartṁuire na neiṫesi.

20 Agus ba hé Abisai dearḃraṫair Ioab, ba oireaġḋa don triúr: óir ar ttógḃáil a ġaṫ súas dó a naġaíḋ ṫrí cceád, do ṁarḃ se íad, agus fúair sé ainm a measg an triúr.

21 Don triúr, bá honóruiġ é na an dias; óir do bé a ccaiptín é: ar a ṡon sin ní ráinic sé an ceád ṫriúr.

22 Benaiah ṁac Iehoiada, mac duine nearṫṁur do Ċabseel, noċ do rinne iomad gníoṁraḋ; do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċúaiḋ sé síos mar an ccéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan á cclais lá sneaċda.

23 Agus do ṁarḃ sé Egipteaċ, duíne mor, ann a raiḃ cúig cuḃaid ar airde; agus gaṫ a láiṁ a Négiptiġ mar ġarmuin fiġeadóra; agus do ċuáiḋ sé síos ċuige lé bata, agus do ṫarruing an gaṫ as láiṁ an Négiptiġ, agus do ṁarḃ é le na ġaṫ feín.

24 Do rinne Benaiah ṁac Iehoiada na neiṫesi, agus fúair ainm eidir an ttriúr neartṁuire.

25 Féuċ, do ḃí sé onóraċ a measg an tríoċuid, aċd ní ráinnic sé an ceaidtriúr: agus do ċuir Dáiḃi ós cíonn a ġárda é.

26 Mar an ccéadna do biad daóine neartṁara na slúaġ, Asahel dearḃraṫar Ioab, Elhanan ṁac Dódo ó Ḃetlehem,

27 Sammot an Harariteaċ, Héles an Peloniteaċ,

28 Ira ṁac Icces an Tecoiteaċ, Abieser an Tantótiteaċ,

29 Sibbecai an Husatiteaċ, Ilai an Tahoiteaċ,

30 Maharai an Netoṗatiteaċ, Héled ṁac Baanah an Nétoṗatiteaċ,

31 Itái ṁac Ribai ó Ġibeah, ċloinne Beniamin, Benaiah an Piratoniteaċ,

32 Hurai ó aiḃniḃ Gaaṡ, Abiel an Tarbatiteaċ,

33 Asmaḃet an Baharumiteaċ, Elihaba an Saalboníteaċ,

34 Mic Hassem an Gisoníteaċ, Ionatan ṁac Ṡage an Hararíteaċ,

35 Ahiam ṁac Sacar an Hararíteaċ, Eliṗal ṁac Ur,

36 Héṗer an Meċeratíteaċ, Ahiiah an Peloniteaċ,

37 Hesro an Carmelitéaċ, Naarai ṁac Esbai,

38 Ioel dearḃraṫair Natan, Mibbar ṁac Haggeri,

39 Selec an Tammoníteaċ, Naharai an Berotiteaċ, fear iomċair airm Ioab ṁic Seruiah,

40 Ira an Titríteaċ, Gáreb an Titríteaċ,

41 Uriahan Hitíteaċ, Sabad Ṁac Ahlai,

42 Adina ṁac Sisa an Reubeníteaċ, caiptin do no Reubeníteaċaiḃ, agus tríoċad maille ris,

43 Hanan ṁac Maacab, agus Iosaṗat an Mitniteaċ,

44 Ussiah an Tasteratiteaċ, Seama agus Iehic mic Hótan an Taroeríteaċ,

45 Iediael ṁac Simri, agus Ioha a ḋearḃraṫair, an Tisiteaċ,

46 Eliel an Mahaḃíteaċ, agus Ieribai, agus Iosaḃiah, mic Elnaam, agus Itmah an Moabíteaċ,

47 Eliel, agus Obed, agus Iasiel an Mesobaiteaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan