Isaiah 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Sa nam is mó dólas ar an tsaóġail, tiocfaiḋ Criosd le Sólás. 1 Ṫairis sin ní ḃía an doille mar do ḃí na buáiḋreaḋ, a nuáir ar ttus do ġortuiġ sé go héattrom tír Ṡebulun, agus fearann Naṗtali, agus na ḋiáiġ sin do ġortuiġ ní sa ġéire í ar ṡliġe na fairge, táoḃ ṫall do Iordan, a Ngalilee na ccineaḋaċ. 2 An pobal do ṡiuḃuil a ndorċadus do ċonncadar solus mór: an ṁuinntir do ċoṁnuiḋ a ttír scáile an ḃáis, orra sin do lonnruiġ an solus. 3 Dfoirlíon tú an cineaḋ, agus níor ṁéaduiġ tú an gáirdeaċus: lúaṫġáirid siad roṁad do réir na lúaṫġáire annsa ḃfoġṁar, már ġáirdiġid daóine a nuáir roinnid a néadáil. 4 Oír do ḃris tú cuing a úaluiġ, agus bata a ġualann, slat an té do rinne leaṫtrom air, aṁuil a ló Midian. 5 Oír bí gaċ áonċaṫ an ċogṫuiġ maille re tormán cumaisgṫe, agus re héaduiġiḃ fillte a ḃfuil; aċd biáiḋ so maille le losgaḋ agus connaḋ agus teine. 6 Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána. 7 Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so. 8 ¶ Do ċuir an TIĠEARNA focal ann Iácob, agus do ṫuirling sé ar Israel. 9 Agus aiṫeonuiḋ an pobal uile, eaḋon Eṗraim agus dúṫċusaiḋ Ṡamária, noċ a deir a núaḃar agus a meanma ċroiḋe. 10 Do ṫuiteadar na bríceaḋa síos, aċt cuirfeimne súas lé cloċuiḃ snoiġte: do gearraḋ na siccamair síos, aċt áṫroċuimne íad a cédar. 11 Uime sin cuirfiḋ an TIĠEARNA naiṁde Resin súas na aġaiḋ, agus teannfuiḋ a naiṁde re ċéile; 12 Na Sírianuiġ ann a ttosaċ, agus na Ṗilistiniġ ann a ndeireaḋ; agus sluicfid Israel le béul foscuilte. Ar a ṡon so uile níor filleaḋ a ḟearg, aċt atá a láṁ sinte amaċ a ccoṁnuiḋe. 13 ¶ Oír ní ḟilleann an ṗoal ċum an té ḃuaileas íad, ní mo íarruid síad TIĠEARNA na slóġ. 14 Uime sin géarrfuiḋ an TIĠEARNA ó Israel idir ċeann agus earball, an beangán agus lúaċair, a neanló. 15 Isé an sinnsior agus an tonóraċ, an ceann; agus an fáiḋ ṁúineas bréuga, an tearball. 16 Oír tréoruiġeóiriġ an ṗobailsi do ḃeir orra seaċrán; agus an drung ṫréoruiġṫear léo atáid díoṫlairiġṫe. 17 Uime sin ní ġáirdeoċuiḋ an TIĠEARNA iona nóganaċaiḃ, agus ní ḋéana truáiġe da ndilleaċduiḃ nó da mbaintreaḃaċaiḃ: óir is fúarċráiḃṫeaċ gaċ aonduine agus droiċġnioṁaċ, agus laḃruiḋ gaċ aóinḃéul leiṁe. Ar a ṡon so uile ní filltear a ḟearg ar a hais, aċt ata a láṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe. 18 ¶ Oír loisgiḋ an tolc mar ṫeine: loisgfiḋ na dreasa agus na dosáin, agus lasfuiḋ a ttiuġ ná ḃforaóiseaċ, agus éireoċuid súas cosṁuil ré héirġe súas deatuiġe. 19 Tre ḟeirg ṪIĠEARNA na slóġ dorċuiġṫear an dúiṫċe, agus béid na daóine mar ċonnaḋ na teineaḋ: ní ċoigeola áonduine a ḋearḃraṫair. 20 Agus fuaideoċa sé as a láiṁ ḋeis, agus bía ocraċ; agus íosuiḋ súas don láiṁ ċlé, agus ní ḃéid sáiṫeaċ: íosuiḋ gaċ aonduine feóil a riġe féin: 21 Manasseh, Eṗraim; agus Eṗraim, Manasseh: íad lé ċéile a naġaiḋ Iúdah. Ar a ṡon so uile níor filleaḋ a ḟearg, aċt atá a láṁ sínnte amaċ do ġnáṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society