Isaiah 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Sáruġaḋ Israel, 5 agus Iudah, arson a míċreideaṁ. 1 Tuilleaṁ oile a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Glac ċugad rolla mór, agus scríoḃ ann lé peann duine? Ag deifriuġaḋ na héadála, do brostuiġ sé an ċreaċ. 2 Agus do ġlac mé ċugam fíaḋnuisiġ fírinneaċa do ċuiṁniuġaḋ, Uriah an sagart, agus Seċariah ṁac lebereċiah. 3 Agus do ċuáiḋ mé gus an mbanḟáiḋ; agus do toirrċeaḋ í, agus rug sí mac. Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Taḃair dainm air, Re deifriuġaḋ na héadála do ḃrostuiġ sé an ċreaċ. 4 Oír suil ḃías éolus ag an leanaḃ gairm, Máṫair, agus mo ṁaṫair, béarṫar saiḋḃrios Ḋamascus agus éadáil Ṡamáriah ar siuḃal roiṁe ríġ na Hassíria. 5 ¶ Do laḃair an TIĠEARNA riomsa a rís mar an ccéadna, ḋá ráḋ, 6 Do ḃríġ gur ḋíultadar na daóinesi uisgeaḋa Ṡiloah ġluaisios go socair, go ngáirdiġid ann Resin agus a mac Remaliah; 7 Anois uimesin, féuċ, do ḃeir an TIĠEARNA súas orra uisgeaḋa na haḃanna, láidir agus iomadaṁuil, eaḋon ríġ na Hassíria, agus a ġlóir uile: agus tiucfa a níos tar a ngrinnealuiḃ uile, tuileoċa sé tar na brúaċaiḃ: 8 Agus raċaiḋ sé ṫríd Iúdah; tuileoċaiḋ sé agus raċaiḋ ṫairis, roiċfiḋ sé go nuige an muinéul; agus líonfuiḋ leaṫnuġaḋ a sciaṫán amaċ leiṫead do ḋúiṫċesi, ó Immanuel. 9 ¶ Cruinniġiḋ siḃ féin, a ṗobal, agus brisfiġṫear siḃ a mbloḋuiḃ; agus tugaiḋ éisteaċd, siḃse uile as críoċaiḃ imċíana: criosluiġiḋ siḃ féin, agus brisfiġṫear a mbloḋuiḃ siḃ; criosluiġiḋ siḃ féin, agus brisfiġṫear siḃ a bpíosuiḃ. 10 Gaḃuiḋ coṁairle re ċéile, agus ní ḃía bríġ ann; abraiḋ an focal, agus ní ṡeasfuiḋ sé: óir atá Día linne. 11 ¶ Oír do laḃair an TIĠEARNA marso riomsa lé láiṁ láidir, agus do ṫeagaisg mé gan siuḃal a sliġe an ṗobailsi, ġa ráḋ, 12 Na habraiḋ si, Osaḋ, re gaċ a naibeoruiḋ an pobalso, Osaḋ; agus ná bíoḋ eagla a neaglasan oruiḃsi, agus ná bíṫí úaiṁneaċ. 13 Náoṁuiḋ TIĠEARNA na slóġ féin; agus bíṫ ḃur neagla annsan, agus go máḋ hé sin ḃur nimeagla. 14 Agus biáiḋ seision mar ṡanctora; aċd mar ċloiċ ṫuisliġ agus mar ċarraig oilḃéime do ḋá ṫiġ Israel, mar ṗaintér agus mar líon do ḋúṫċusuiḃ Ierusalem. 15 Agus oilḃéimfid mórán na measg, agus tuitfid, agus béid briste, agus béid gaḃṫa, agus béid a láiṁ. 16 Ceangail súas a nḟíaḋnuise, séuluiḋ an dliġeaḋ a measg mo ḋeisciobal. 17 Agus feiṫfiḋ misi ar an TTIĠEARNA noċ ḟolċus a ġnúis ar ṫiġ Iácob, agus biáiḋ súil agam ris. 18 Féuċ, misi agus an ċlann ṫug an TIĠEARNA ḋaṁ atámaóid mar ċoṁarṫaiḃ agus mar iongántaiḃ ann Israel ó ṪIĠEARNA na slóġ, noċ áitreaḃus a slíaḃ Síon. 19 Agus a núair a déaruid síad riḃsi, Iarruiḋ ar an ṁuinntir agá mbíd spioruid ṁuinntearḋa, agus ar ḟáistineaċaiḃ ṗiobas, agus ċannranus: naċ ar ċóir do ḋaóiniḃ íarruiḋ ar a Ndía féin? na mairḃ ar son na mbéo? 20 Ċum an dliġe agus ċum na fiaḋnuise: muna laḃruid síad do réir a nfocailsi, iseaḋ do ċionn naċ ḃfuil solus air biṫ ionta. 21 Agus raċaiḋ gaċ áon ṫríd, ar na ccur ċuige go crúaḋċúiseaċ agus ocraċ: agus tiucfuiḋ a ccríċ, a nuáir ḃías gaċ áon aca ocraċ, feargaċuid féin, agus mailleoċuid a ríġ, agus a Ndia, agus féuċfuid súas. 22 Agus féuċfuid ċum na talṁan; agus féuċ buáiḋreaḋ agus dorċadus, agus doille ġoiṁe; agus tiomáinfiġṫear a ndorċadus íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society