Isaiah 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Gu mbeir maiġdion mac, 1 Immanuel. 1 Agus tárla a láeṫiḃ Ahas ṁic Iótam, ṁic Ussiah, ríġ Iúdah, go ndeaċuiġ Résin ríġ na Síria, agus Pecah ṁac Remaliah ríġ Israel, leaṫ re Hierusalem do ċogaḋ na haġaiḋ, agus níor ḟéadadar búaḋuġaḋ uirre. 2 Agus do hinnseaḋ sin do ṫiġ Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Atá Síria ceangailte re Heṗraim. Agus do corruiġeaḋ a ċroiḋe, agus croiḋe a ṗobail, mar ċorruíġṫear crainn na coilleaḋ leis an ngaoiṫ. 3 Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA re Hisaiah, Eiriġ amaċ do ṫeagṁáil re Ahas, ṫú féin, agus Seur‐Iasub do ṁac, ag ceann tiubruide an loċáin úaċdaruiġ a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire; 4 Agus abair ris, Haire ḋuit, agus bí suáiṁneaċ; ná bioḋ eagla ort, agus ná bí lagċroiḋṫeaċ ar son ḋá earball án dá aiṫinne deatuiġsi, ar son feirge Resin maille re Síria, agus mac Remaliah. 5 Do ċionn gur ġaḃ Síria, Eṗraim, agus mac Remaliah, droċċoṁairle ad aġaiḋ, ḋa ráḋ, 6 Déanam súas a naġaiḋ Iúdah, agus búaiḋriom íad, agus déanam briseaḋ innte ḋúinn, agus suiġiom ríġ iona lár, mac Tabeal: 7 Is marso a deir an Tiġearna DIA, Ní ṡeasfa sé, ní mo ṫiucfa sé a ccríċ. 8 Oír isé Damascus ceann na Síria, agus ceann Ḋamascus Resin; agus táoḃ a stiġ do ṫrí fiṫċid agus ċúig ḃliaḋna brisfiġear Eṗraim, ċor náċ bía pobal ann. 9 Agus Samária ceann Eṗraim, agus ceann Ṡamária mac Remaliah. Muna ccreidṫí, go deiṁin ní daingneoċṫar siḃ. 10 ¶ Tuilleaṁ oile, do laḃair an TIĠEARNA re Hahas, ġa ráḋ, 11 Iárr coṁarṫa ar do ṪIĠEARNA Día; íarr é ann san doiṁne ṡíos, nó annsa náirde ṡúas. 12 Agus duḃairt Ahas, Ní íarrfad, agus ní ċuirfiod caṫuġaḋ air an TTIĠEARNA. 13 Agus a duḃairt seision, Eistiġ, anois, ó ṫiġ Ḋáiḃi, An beag agaiḃsi daóine do ċur, aċd ann ccuirfe siḃ mo Ḋía mar an ccéadna? 14 Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe. 15 Im agus mil íosuiḋ sé, ċor go maḋ fios do olc do ṡeaċna, agus maiṫ do ṫoġa. 16 Oir suil ḃías ḟios ag an leanaṁ olc do ḋíultaḋ, agus maiṫ do ṫoġa, an fearann ḟúaṫuiġios siḃsi tréigfiġear ó na ḋá ríġ é. 17 ¶ Do ḃéara an TIĠEARNA ortsa, agus ar do ḋaóiniḃ, agus ar ṫiġ haiṫreaḋ, láeṫe naċ dtáinic fós, ón ló ár ḟág Eṗraim Iúdah; tre ríġ na Hassíria. 18 Agus tíucfa a ccríċ san ló sin, go sméidfiḋ an TIĠEARNA ar an míoltóig atá ansa ċuid is faide amaċ daiḃniḃ na Hégipte, agus ar an mbeiċ atá a ttír na Hassíria. 19 Agus tiucfuiḋ síad, agus coiṁneoċuid uile annsna gleantaiḃ uáigneaċa, agus a bpollaiḃ na ccarrag, agus ar a nuile ḋosán, agus ar a nuile ċraóiḃ. 20 Annsa ló ċéadna sín béarrfuiḋ an Tiġearna le scín ḃéarrṫa ṫuarusdail, ón táoḃ ṫall daḃuinn, le ríġ na Hassíria, an ceann, agus fionnaḋ na ccos: agus lomfuiḋ a nféasóg mar an ccéadna. 21 Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, gó noilfiḋ duine mart óg, agus ḋa ċaóiriġ; 22 Agus tiucfa a ccríċ, ar luċṁaire an ḃainne do ḃéaruid úaṫa go níosa seision im: óir íosa gaċ aonduine dá ḃfúigfiġear annsa dúṫaiġ im agus mil. 23 Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, gaċ uile áit, a raḃadar míle fíneaṁuin ar ṁíle píosa airgid, go mbía sé mar ḋreasóig agus mar ḋosán. 24 Le soiġdiḃ agus le boġaiḃ tiucfaid daóine annsin; do ċionn go ttiucfaiḋ an dúiṫċe uile ċum dreasa agus ċum dosán. 25 Agus ar a nuile ċnoc róṁarṫar le láiġe, ní ṫiucfa ann sin eagla dreas no dosán: aċt bía mar áit a ccuirfiġear daiṁ amaċ, agus a sailteoruiġ mionáirnéis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society